CÚRSAÍ SPÓIRT
An bhfuiltear ag dul thar fóir leis an traenáil?
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim go bhfuil an iomarca béime ar an traenáil i gcás na gcluichí Gaelacha agus go bhfuil seans ann go bhfuiltear ag déanamh an-dochar fisiciúil do na himreoirí.

Íomhá
Ger Loughnane, iarbhainistoir fhoireann iománaíochta an Chláir
Grianghraf: Sportsfile

Tá an-athrú tar éis teacht ar chúrsaí traenála ó thaobh na gcluichí Gaelacha de le cúig bliana fichead anuas agus b’fhéidir nach chun feabhais ar fad atá siad ag dul. Táim cinnte go bhfuil an-fheabhas ar chuid de na modhanna traenála go mór mór sa réimse a bhaineann le meatáin a shíneadh i gceart, an corp a théamh i gceart roimh imirt nó traenáil, an cineál bia is fearr a ithe, an méid leachtanna is cóir a ól agus mar sin de.

Ach tá baol ann san am céanna go bhfuil traenálaithe ag cur an iomarca brú ar imreoirí níos mó agus níos mó traenála a dhéanamh ar mhaithe le bua a fháil. Is é an meon, is cosúil, ná gur gá ní hamháin a bheith aclaí, láidir, lúfar ach is gá a bheith níos aclaí, níos lúfaire agus níos láidre ná an dream eile. Is gá anois go mbeadh peileadóirí go háirithe in ann rith ó cheann ceann na páirce gan anáil a tharraingt ar feadh 70 nóiméad agus tuilleadh. Níl an oiread céanna reatha le déanamh ag iománaithe toisc go dtaistealaíonn an sliotar chomh fada agus chomh tapaidh sin, ach déanann siad san traenáil an-dian freisin.

Feictear dom go raibh tionchar an-láidir ag cúpla duine ar leith ar chúrsaí traenála sa Chumann Lúthchleas Gael le tamall de bhlianta anuas. An chéad duine a raibh tionchar aige ar na cúrsaí seo ná Kevin Heffernan. Tar éis a cheaptha ina thraenálaí/bhainisteoir ar fhoireann pheile Átha Cliath i 1973/74 chuir Kevin Heffernan roimhe foireann a chur chun páirce a bheadh níos aclaí, láidre, tapúla ná aon fhoireann eile in Éirinn. Bhí sé ar intinn aige béim a chur ar an traenáil agus ar an aclaíocht agus sa chaoi sin an buntáiste a bheith ag a fhoireann roimh dul amach ar an bpáirc ar chor ar bith.

Leis an bplean sin d’éirigh le Kevin Heffernan foireann pheile Átha Cliath a thabhairt ó bhun Roinn II den tsraith náisiúnta go dtí Cluiche Ceannais na hÉireann in aon séasúr amháin. Ar an mbealach chun na craoibhe an bhliain sin bhuaigh Áth Cliath ar Uíbh Fháilí agus ar Chorcaigh, curaidh na mblianta ‘72 agus ‘73, agus ar fhoireann na Gaillimhe a d’imir sna craobhacha sin i ‘72 agus ‘73. I bhfocail eile bhuaigh foireann Átha Cliath ar na trí fhoireann ab fhearr a bhí ann ag an am, foirne ar a raibh na peileadóiri ba sciliúla agus ba cháilúla in Éirinn acu.

Tugadh é sin ar fad faoi deara thíos i gCiarraí agus níorbh fhada go raibh scata peileadóirí óga, faoi stiúir Mick O’Dwyer, ag traenáil níos déine ná mar a rinne aon fhoireann eile a tháinig as an Ríocht riamh. An bhliain ina dhiaidh sin thug Ciarraí craobh na hÉireann leo agus as sin go deireadh na seachtóidí roinn Áth Cliath agus Ciarraí Craobh na hÉireann agus go minic an tSraith Naisiunta eatarthu.

Brú ar na contaetha eile

Diaidh ar ndiaidh b’éigean do na contaetha eile sampla Átha Cliath agus Chiarraí a leanúint ach thóg sé tamall maith orthu an caighdeán a bhaint amach, ach faoi dheireadh na n-ochtóidí d’éirigh le Contae na Mí agus le Corcaigh an greim daingean a bhí ag Ciarraí ar Chorn Mhic Ghuidhir a scaoileadh. Um an dtaca sin bhí an ceacht foghlamtha agus gach foireann chontae i mbun an chineál traenála a mharódh capall! Agus níor mhaolaigh ar an bhéim ar thraenáil ach an oiread ach gach foireann i mbun na hoibre agus an chruatain chéanna ar mhaithe le Craobh na hÉireann a ghnóthú.

San iomáint ba é Cyril Farrell an chéad bhainisteoir a chuir roimhe foireann sáraclaí iomána a chur chun páirce, foireann a bheadh róthapaidh, agus mar sin de, do gach freasúra agus a bheadh in ann rith agus imirt ar feadh 70 nóiméad. Ar nós mar a rinne Kevin Heffernan le hÁth Cliath sa pheil, d’éirigh le Cyril Farrell foireann iomána na Gaillimhe a thabhairt ó umar na haimléise go dtí an buaicphointe i 1980, nuair a bhuaigh siad ar Luimneach i gCluiche Ceannais na hÉireann.

Thóg Ger Loughnane cúrsaí traenála agus ullmhúcháin (bhí béim mhór á cur aige ar chúrsaí síceolaíochta) céim eile ar aghaidh sna l990í le Contae an Chláir. Deir go leor dena saineolaithe gur neart, luas, cruas agus aclaíocht seachas scil a bhuaigh craobhacha na Mumhan agus na hÉireann don Chlár idir l995 agus l999. Bíodh sin fíor nó ná bíodh, níl aon dabht faoi ach gur chuir Ger Loughnane caibidil eile le téacsleabhar na traenála le linn a thréimhse le Contae an Chláir.

Is éard a rinne gach duine den cheathrar bainisteoirí atá luaite san alt seo ná an leibhéal traenála a ardú agus a chur ar phlána chomh hard gur deacair é a sharú. Ach beidh daoine ann a bheas i gcónaí ag iarraidh tabhairt faoin dúshlán agus imreoirí a bhrú go leibhéal nua.

Is í an cheist anois ná cén praghas a bheas le híoc amach anseo ag na himreoirí de bharr na traenála go léir? Deirtear go bhfuil leath d’fhoirne Átha Cliath agus Chiarraí ó na seachtóidí ina mbacaigh anois agus go bhfuil cromáin nua faighte ag cuid acu de bharr an mhéid drochíde a tugadh dá gcorp agus iad i mbun traenála agus imeartha. Tá an rud céanna ráite i dtaobh peileadóirí gairmiula ó na seachtóidí agus na hochtóidí i Sasana.

Cé go bhfuil tuiscint níos fearr ann anois ar na bealaí is fearr chun traenála agus chun meatáin, ailt agus cnámha an choirp a chosaint roimh, le linn agus tar éis traenála agus imeartha, is cosúil go bhfuil seans maith ann fós go bhféadfadh iarimreoirí peile agus araile a bheith ag fulaingt le hairtríteas agus scoilteacha roinnt blianta tar éis dóibh éirí as an imirt. Is cosúil go bhfuil an fhadhb ann go fiú i gcúrsaí leadóige, spórt nach bhfuil chomh dian cheapfá le peil nó iománaíocht. Ach de réir na dtuairiscí, de bharr an oiread imeartha agus traenála agus cleachtaidh a dhéanann siad, tá cnámha, ailt agus meatáin na n-imreoirí gairmiúla leadóige faoi bhrú an-mhór agus i mbaol a bheith gortaithe sa bhfadtéarma. Mar a deirim thuas cén praghas a bheas le híoc?

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.