Ar mhaith leat gabháil chun na Fraince ar Erasmus? Má théann, an mbeidh rang teagaisc nó léacht acu romhat, nó an mbeidh siad ar stailc? An mbeidh meas ar do chuid pointí creidmheasa nuair a fhillfeas tú? Tá an scéal ar fad ag PJ Mac Gabhann thall i bPáras dúinn.
Tosaíonn an samhradh sa Fhrainc, go hoifigiúil pé scéal é, ar an aonú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Agus tá na comharthaí sóirt ar fad ann go bhfuil an dea-shéasúr tagtha. An aimsir sa chéad dul síos. Daoine ag caint faoi na pleananna atá acu i gcomhair na laethanta saoire, cén áit a bhfuil sé i gceist acu dul agus cén t-achar a mbeidh siad ar shiúl. An bia agus an fíon rosé. Bhí an Fête de la Musique ann aréir agus an t-alt seo á scríobh agam. Is ócáid mhór dhomhanda anois í, ar cuireadh tús leis sa Fhrainc in 1982. Is féile a fhógraíonn, nó a sheolann, an samhradh, ar bhealach í. Ceoltóirí amuigh ar an tsráid, daoine ag damhsa – is fíor gur ‘thugamar féin an samhradh linn’, gan amhras.
Críochnóidh an bhliain scoile an tseachtain seo, ar an gceathrú lá is fiche de Mheitheamh, nuair a bheidh scrúdú deiridh an baccalauréat ann. Is é an baccalauréat Ardteistiméireacht na Fraince, an scrúdú a chuireann deireadh leis na blianta caite san iarbhunscoil. Níos mó ná 622,000 iarrthóir a rinne an scrúdú i mbliana agus beidh na torthaí ar fáil ar an seachtú lá Iúil. Is éacht ann féin é a laghad ama a theastaíonn chun na páipéir scrúdaithe a cheartú agus na torthaí a fhoilsiú. Ní bheidh torthaí na hArdteistiméireachta in Éirinn ar fáil go dtí an dara lá déag Lúnasa gan trácht ar thorthaí an Teastais Shóisearaigh nach mbeidh ar fáil go dtí Meán Fómhair. Cén fáth a mbíonn ar mhic léinn in Éirinn fanacht chomh fada sin le torthaí scrúdaithe?
Ach má tá deireadh tagtha leis an mbliain acadúil nó leis an mbliain scoile agus mic léinn ar fud na tíre anseo ag fanacht lena gcuid torthaí scrúdaithe roimh thús ceart a chur le scléip an tsamhraidh, ní hamhlaidh atá an scéal i roinnt mhaith ollscoileanna sa Fhrainc.
Bliain chorraithe a bhí ann i measc mac léinn agus lucht ollscoile toisc go ndearna an tAire Ard-Oideachas, Valérie Pécresse, raon leathan leasuithe ar an gcóras ollscolaíochta sa Fhrainc a chur i bhfeidhm, leasuithe ar chuir mic léinn agus múinteoirí araon ina n-aghaidh.
Foinse Maoinithe - Foinse Easaontais
Is é an tsiocair ghearáin a bhí acu, go dteastaíonn ó Madame Pécresse, dar leo, nach mbeidh na huachtaráin ollscoile ag brath go hiomlán ar mhaoiniú an stáit mar atá siad faoi láthair agus, dá thoradh sin, go mbeidh neamhspleáchas níos mó acu i bhforbairt cúrsaí agus i gcaiteachas caipitil. Beidh deis ag ollscoileanna airgead a lorg ón earnáil ghnó agus ceangal níos dlúithe a bheith acu leis an margadh. Príobháidiú atá i gceist go bunúsach, dar leo siúd atá ag cur in aghaidh na leasuithe. An mbeidh an margadh sásta cúrsaí i Stair na Meánaoise nó sa Teangeolaíocht a mhaoiniú?
Chuir stailceanna leanúnacha deireadh le ranganna agus le léachtaí i dtuairim is dhá thrian d’ollscoileanna na Fraince ó mhí Eanáir 2009 i leith. Toisc nach raibh na mic léinn in ann freastal ar ranganna i rith an ama sin, ná an obair leanúnach a mbíonn céatadán den mharc iomlán ag dul di a chur ar fáil, tá amhras ann faoin stádas a bheas ag na scrúduithe deireadh bliana sna hollscoileanna seo. ‘An féidir leis an stát’, a d’fhiafraigh an seanadóir Jacques Legendre ó pháirtí an UMP (páirtí Nicolas Sarkozy), ‘a dheimhniú go mbeidh seasamh náisiúnta ag na cáilíochtaí seo?’
Ceist mhór. Dhearbhaigh uachtarán Ollscoil Lyon 2, Olivier Christin, nach fiú duine a chur faoi scrúdú ar ábhar nár cuimsíodh i rith na bliana acadúla agus gur tugadh comhairle do lucht ceartaithe na bpáipéar scrúdaithe gan a bheith róghéar ar na mic léinn. Tuairiscítear ó ollscoileanna áirithe gur scrúduithe uair an chloig a bheas ann in áit scrúduithe ceithre uair an chloig mar a bhíonn go hiondúil agus go mbeidh rogha ceisteanna i bhfad níos leithne ag na mic léinn. Déanfar iarracht ranganna breise a chur ar siúl nó ábhar a chur ar fáil tríd an idirlíon sa chaoi is go mbeidh mic léinn in ann iad féin a ullmhú roimh na scrúduithe. Is í an tseachtain deiridh i mí Meithimh an t-am a mbeidh scrúduithe ar siúl ag cuid mhaith ollscoileanna, ina measc Sorbonne Paris 4.
Céim Siar na Corraíola
Is léir nach ar leas na n-ollscoileanna i gcoitinne an chorraíl seo ó thaobh íomhá náisiúnta nó idirnáisiúnta. De réir staidrimh ón Ministère de l’Education Nationale, tá titim 14% sa líon mac léinn atá ag freastal ar Ollscoil Rennes 2 sa tréimhse 2005/2008, ceann de na hollscoileanna is mó a buaileadh ag stailceanna le trí bliana anuas. Feictear an claonadh céanna sa líon mac léinn in ollscoileanna eile ar nós Toulouse-Le Mirail agus Montpellier 3. Le bheith macánta faoi, ní hí an ollscoil an chéad rogha ag go leor daoine óga ar mian leo cúrsa tríú leibhéal a dhéanamh. Is iad na ‘grandes écoles’ - an École Nationale d’Administration (riarachán agus bainistíocht), an École Nationale des Ponts et Chaussées (innealtóireacht) nó an Institut Supérieur de l’Aéronautique et de l’Espace i gcathair Toulouse, gan ach trí cinn acu a lua - na forais a bhfuil an rachairt is mó orthu.
Agus cá bhfágfaidh sé seo na mic léinn as Éirinn atá ar bliain Erasmus in ollscoileanna na Fraince? De réir staidrimh ón Údarás um Ard-Oideachas in Éirinn don bhliain acadúil reatha (2008/2009), as an 1,514 mac léinn as Éirinn a bhí páirteach sa chlár Erasmus i mbliana, bhí 408 acu a roghnaigh teacht go dtí an Fhrainc, i bhfad chun tosaigh ar an Spáinn (269) agus ar an nGearmáin (226). Céard is fiú teacht chuig ollscoileanna ar nós Rennes 2, Toulouse-Le Mirail nó Bordeaux 3, nuair nach féidir a bheith cinnte go ligfear isteach i seomra ranga thú? Ach amháin, mar a tharla roimhe in aimsir Tone agus Mitchell, go bhfillfidh na mic léinn seo ar Éirinn ina lucht muirthéachta!
Féach freisin:http://www.lefigaro.fr/actualite-france/2009/06/03/01016-20090603ARTFIG00568-facs-des-profs-indulgents-et-des-examens-alleges-.php Agus: http://www.rtl.fr/fiche/4793064/le-president-de-lyon-ii-determine-a-faire-passer-les-examens.html