TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAELTACHT BHEO
Loch an Iúir
Pádraig Mac Gairbheith Pádraig Mac Gairbheith

Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Pádraig Mac Gairbheith ar Loch an Iúir i dTír Chonaill.

Íomhá
Grianghraf: Eoin Mac Gairbheith
Íomhá
Grianghraf: Eoin Mac Gairbheith
Íomhá
Grianghraf: Eoin Mac Gairbheith

sráidbhaile Loch an Iúir suite i nGaeltacht Thír Chonaill, ar an N56 idir Gaoth Dobhair agus An Clochán Liath. Tá timpeall dhá chéad teach ann agus tá daonra corradh le ceithre chéad aige, mórán acu faoi dhá scór bliain d’aois. Tá tábhairne, dhá bhialann, siopa agus stáisiún peitril i gcroílár an bhaile. Tá scoil náisiúnta trí oide ann agus thart ar thrí scór go leith dalta ag freastal uirthi. Tá coláiste Gaeilge ann chomh maith a bhíonn ag feidhmiú sa tsamhradh agus ag an Cháisc. Tá scéim tithe cónaithe á tógáil ar an bhaile i láthair na huaire.

Tá club Foróige ar bun don aos óg, agus tá dráma á ullmhú don Nollaig i ranganna drámaíochta. Tá foireann mhaith peile ag an scoil náisiúnta agus tá ag éirí go maith leo i sraith na scoltachta náisiúnta san iarthuaisceart. Tá buíon cheoil páistí ann chomh maith a bhíonn páirteach i mórán comórtaisí i rith na bliana.

Tá neart Gaeilge ag bunadh an bhaile, ach níl sin le rá nach bhfuil brú mór ar an Ghaeilge, go díreach mar atá i ngach ceantar eile sa Ghaeltacht. An saol nua-aimseartha is cúis leis sin. D’ainneoin sin uilig tá céadchodán mór de pháistí na scoile ag fáil dheontas labhairt na Gaeilge. Is mór an taca fosta an choláiste Gaeilge leis an Ghaeilge a chaomhnú. Tá teacht isteach idir €300,000 agus €400,000 gach bliain ón choláiste sin. Is fíor a rá gur miontionscal é ag an phobal tuaithe seo.

Rinne sé an-dochar don Ghaeilge i Loch an Iúir an méid daoine a tháinig ina gcónaí ar an bhaile, ó leithéidí Alban agus Shasana. Is dóigh liom gur buille tubaisteach a bheadh ann don Ghaeilge dá gcuirfí deireadh (mar atáthar ag moladh) le deontas labhairt na Gaeilge.

An ceol

Ní dóigh liom go bhfuil clú na hamhránaíochta ar bhunadh Loch an Iúir anois ach bhí lá den tsaol. Daoine mar Eoghanaí, Hughie agus Bidí Eoghain Hiúdaí, Mary Frainc, Joe Mhícheáil, Phil Ó Baoill agus a leithéidí. Ach tá neart in ann gléasraí ceoil a sheinm de thairbhe go bhfuil buíon cheoil ar an bhaile ó bhí na 1970í ann. Thug an bás leis na filí chomh maith agus ba bhreá an file Briainí (John Ruairí) Ó Beirn, nach maireann. Chum sé, scríobh sé agus d’aistrigh sé mórán filíochta agus amhrán ina lá.

Tá muid bródúil chomh maith as fear Bharr na nAillte, an foclóirí, scríbhneoir agus staraí, an Dr. Niall Ó Dónaill a tógadh uainn seacht mbliana ó shin. Scríbhneoir mór eile ab é Tadhg Ó Rabhartaigh a raibh baint mhór aige le Loch an Iúir, mar scoláire agus mar mhúinteoir sa cheardscoil i ndeireadh a shaoil.

Tá cumann láidir iascaireachta ar an bhaile a ritheann comórtaisí go rialta le linn an tséasúir. Tá céidh bhreá, carrchlós agus teach bád ag an loch, agus creidim thart fá scór bád ag an chumann. Is féidir na báid sin a fhostú ar cíos. Tá cearta iascaireachta na locha ag an chumann agus is féidir ceadúnas a fháil ó na baill. Is loch mhór thorthúil í Loch an Iúir agus neart breac, bradán agus breac geal le fáil ag an iascaire.

Mar dúirt mé, tá Loch an Iúir ar phríomhbhóthar an N56 agus é fá chúig mhíle ó Ghaoth Dobhair agus An Clochán Liath, dhá cheantar mhóra siopadóireachta. Tá an baile fá cheithre mhíle d’Aerfort Dhún na nGall ar an Charraig Fhinne. Tá ráchairt mhór ar an tseirbhís idir Carraig Fhinne agus Baile Átha Cliath, agus bíonn dhá eitilt ann gach lá, ar maidin agus tráthnóna.

Tithe tábhairne

Ainneoin nach bhfuil ach tábhairne amháin, Casadh an tSugáin, ar an bhaile, tá trí thábhairne i gceantar Mhín na Leice/Chroithlí agus ceithre thábhairne in Anagaire, iad uilig dhá mhíle ó Loch an Iúir. Bíonn spórt agus craic go leor ar siúl, go mór mhór i dtábhairne Leo (athair Enya agus Mháire ó Chlannad). Tá neart tithe i Loch an Iúir a chuirfheas bia agus leaba ar fáil, ainneoin go mbíonn thart fá 1,200 scoláire ón Choláiste Gaeilge ag stopadh sna tithe le linn chúrsaí an tsamhraidh agus na Cásca.

Is é an stair áitiúil is mó atá luaite le Loch an Iúir nó Cath na Rosann a troideadh idir Dálaigh Thír Chonaill agus Niallaigh Thír Eoghain i 1435. Is féidir cuntas a fháil ar an chath sin sa leabhar Na Glúnta Rosannacha agus Bruigeann Féile le Niall Ó Dónaill. Tá cuntais le fáil chomh maith in Annála na gCeithre Máistrí agus Annála Uladh.

Bhí (agus tá) mórán staire agus beáloidis ag baint le Loch an Iúir, go háirithe le háiteacha mar an tOiléan Séanta, Ailt Mhín an Úcaire, Mín na Scamháil, Reilig na bpáistí gan bhaisteadh, Bealach Cheallaigh, Rinn Uí Dhónaill, An Leachach, Poll an Dubhthaigh agus an seandún ón Chré-Umhaois (deirtear). Tá cuntas ar mhórán acu scríofa ag údar an ailt seo in irisí éagsúla.

Sa tseansaol ba tháirgeadh aoil príomhghléas beatha na ndaoine ach tá deireadh leis sin anois. Tá roinnt daoine ag obair sna monarchain i nGaoth Dobhair, daoine eile ar an Chlochán Liath agus roinnt eile daoine féinfhostaithe. Tá go leor thar lear chomh maith.

Tá Loch an Iúir breá bríomhar agus is ag dul i méid atá sé ó bhliain go bliain. Ní dóigh liom go bhfuil bagairt mhór ar bith air, amach ó bhagairt an Bhéarla. Is baile álainn é Loch an Iúir, a bhfuil clú agus cáil ar radharc na locha agus na sléibhte máguaird. Is cinnte gur ceantar é ar fiú saoire a chaitheamh ann, agus ainneoin nach bhfuil muid cois trá, tá tránna Charraig Fhinne agus Mhullach Dearg sa doras againn.

Is as Loch an Iúir ó dhúchas é Pádraig Mac Gairbheith agus tá sé ina chónaí ansin go fóill. Ba státseirbhíseach é ach tá sé ar pinsean anois. Scríobhann sé altanna i mBéarla agus i nGaeilge do *Ireland’s Eye, Ireland’s Own agus *An tUltach.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.