Bhí fearg ar mhuintir na háite i mBolton le déanaí nuair a fuair siad amach go raibh teaghlach Johnny “Mad Dog” Adair ag cur fúthu sa cheantar i ngan a fhios dóibh. Agus ní hiad muintir Bolton an t-aon dream in iarthuaisceart Shasana atá míshásta leis na dílseoirí, mar a mhíníonn Tony Birtill.
Tá míshásamh agus míshuaimhneas i mBolton agus in iarthuaisceart Shasana le hiompar na ndílseoirí sa réigiún agus sinne ag tús “shéasúr na máirseála” anseo.
“An mbeidh Bolton Wanderers sa Premiership an séasúr seo chugainn?” - b’in an phríomhchúis go raibh aird na meán cumarsáide dírithe ar an bhaile seo i Lanchashire, go dtí an lá deireanach de mhí an Aibreáin nuair a scaoileadh roinnt piléar le teach theaghlach Adair go moch ar maidin.
Bhí Gina Adair, bean chéile Johnny “Mad Dog” Adair, agus a triúr páistí ina gcodladh ag an am, agus bhí na póilíní i láthair cúpla nóiméad tar an ionsaí.
“Nice of the police to tell us they were living there,” arsa duine de mhuintir na háite liom. “They were obviously monitoring the house, as they arrived so quickly after the 7 or 8 shots, but we didn’t know what was going on,” arsa seisean liom.
Níor gortaíodh Gina Adair ná na páistí, Natalie (16), Chloe (8) agus Jay (4) san ionsaí, agus cé gur eisigh an UFF bagairt eile in aghaidh an teaghlaigh an lá dár gcionn, dúirt na póilíní i mBolton nach raibh cúis scaoill ann. “We would like to reassure local residents as we believe this is an isolated incident,” arsa an Ceannfort Don Brown, ach is beag duine a bhí ar a shuaimhneas tar éis an ráitis seo.
Tháinig Gina Adair agus 25 duine eile ó dhrong Johnny go Bolton i mí Feabhra ag lorg tearmainn, ach dúirt na póilíní ag an am gur imigh siad tar éis cúpla lá. Is léir anois go raibh an ráiteas seo bréagach.
Tá dhá cheist ag muintir na háite: “An ndearna dílseoirí ó Bhéal Feirste nó Bolton an t-ionsaí? Más rud é gurbh as Béal Feirste iad, an bhfuair siad faisnéis faoi theaghlach Adair ó dhílseoirí i mBolton?
Bhí rírá sa bhaile i mí an Aibreáin 1996 nuair a d’eagraigh dílseoir áitiúil, Mark Dooley, paráid de chuid Printíseach Dhoire ansin, ócáid ag a raibh Gregory Campbell ón DUP le bheith mar aoichainteoir agus baicle ón ghrúpa faisisteach Combat 18 mar ghardaí cosanta. Sa deireadh, chuir na póilíní stad leis an pharáid mar gheall ar fhrith-mhórshiúl mór a d’eagraigh muintir na háite. Ciontaíodh Dooley as a bheith ina mhaistín sacair de chuid Bolton Wanderers i 1989 tar éis do na póilíní áitiúla fiosrúchán a dhéanamh.
Brú
Bíonn paráidí dílseacha ar siúl gach seachtain i Learpholl ag an am seo den bhliain agus cuireann siad brú ar acmhainní na bpóilíní áitiúla. Ach anuraidh, den chéad uair riamh, thosaigh na meáin chumarsáide ag gearán faoin chostas seo.
“Cosc iomlán go deo ar an pharáid seicteach” - sin an moladh a bhí ag an nuachtán laethúil áitiúil The Daily Post. Chuir siad an tuairim seo in iúl in eagarfhocal i mí na Samhna 2002 tar éis fhoilsiú chostais “shéasúr na máirseála’ sna Sé Chontae.
De réir an Phríomh-Chonstábla Hugh Orde, £18 milliún an bille a bhí ann anuraidh. Caitheadh níos mó ná £6.5 milliún ar oifigigh agus ar threalamh le haghaidh na bparáidí féin, agus £11.5 milliún ar phóilíneacht agus slándáil ar na “línte síochána”, agus mar sin de.
Dúirt an Daily Post: “It beggars belief that, in just 45 days this summer, the British tax-payer had to cough up £18m to police the anachronistic annual marches in Northern Ireland” agus mhaígh siad go raibh gach taobh, idir dhílseoirí agus phoblachtánaigh, ag baint úsáide as na paráidí le haghaidh cúiseanna polaitiúla. Rinne siad ionsaí ansin ar na dílseoirí áitiúla: “On this side of the Irish Sea, it is often difficult to comprehend the thinking of intelligent men and women, who, during six or seven weeks each summer, dress up as Apprentice Boys or whatever, bring out their pipe bands, and march along what are called ‘traditional’ routes, which seem set in stone. Every summer, the Battle of the Boyne is celebrated as if it took place three years ago, rather than as many centuries.”
Agus Riail Dhíreach ó Westminster i bhfeidhm arís, tá deis ag an rialtas cosc buan a chur ar na paráidí: “There might be one almighty row initially, but better that than this senseless carnage - not to mention the absurd waste of money which could be so much better spent every summer,” arsa an t-eagarfhocal.
Chuir an t-eagarfhocal seo iontas orm mar, de ghnáth, ní bhíonn an nuachtán seo ag gearán faoin Ord Oráisteach ar chor ar bith. Bíonn tuairisc neamhchriticiúil ar a bparáidí sa pháipéar gach bliain, mar aon le grianghraf masmasach, lán Oráisteach ag baint suilt as an lá. Ar ndóigh, díolann siad a lán cóipeanna dá thairbhe seo ar an 13 Iúil.
Díospóireacht
Bhí díospóireacht sa Merseyside Police Authority faoin ábhar seo i mí an Aibreáin nuair a thug an Príomh-Chonstábla, Norman Bettison, tuairisc don údarás faoin phóilíneacht, imeachtaí móra sa cheantar agus an costas a bhain leo. Ba iad rásaí capall an Grand National, ag a raibh 700 oifigeach ar dualgas ar feadh trí lá ar chostas £440,000, an t-imeacht ba mhó. Ach faigheann siad £350,000 ar ais ón Jockey Club agus Ráschúrsa Aintree. Faigheann siad cuid mhór de chostais phóilíneachta na gcluichí sacair ar ais ó na na clubanna áitiúla fosta agus dúirt an Príomh-Chonstábla go mbeidh siad ábalta an costas iomlán a fháil ar ais ó ghnólacht ar bith mar chuid den Police Reform Bill a bheas á phlé sa pharlaimint i mbliana.
Bhí 271 póilín ar dualgas ag na paráidí ar an 12 Iúil, ach ní gnó é an tOrd Oráisteach agus mar sin íocann muintir na háite as an chostas seo trí cháin áitiúil. 250 póilín a bhí ar dualgas ag Creamfields, féile mhór ceoil damhsa a bhíonn ar siúl i Learpholl gach samhradh.
Ní raibh ach 56 póilín ar dualgas sa chathair nuair a thug an Bhanríon Elizabeth cuairt ar Learpholl ar an 25 Iúil mar chuid den Iubhaile, mar ócáid chiúin a bhí ann, gan mórán contúirte, de réir an Phríomh-Chonstábla.
Chuir mé ceist ar an chomhairleoir Kiron Reid (Lib Dem), atá ina bhall den Police Authority, faoi na figiúirí seo agus dúirt sé liom go raibh iontas air fúthu: “Creamfields is one of the biggest dance music events in the country, and attracts thousands of young people to Liverpool every summer. I am astounded that the July 12 parades require more police than Creamfields,” ar seisean.
Ach mar a dúirt mé thuas, bíonn paráid Oráisteach ann gach seachtain sa samhradh, agus méadaíonn an costas dá bharr seo. Tá na póilíní ag diúltú ceada dóibh níos minicí, áfach, de bharr easpa daonchumhachta, a deir siad. Tugaim faoi deara go bhfuil laghdú ag teacht ar an mhéid Oráisteach atá ag freastal ar na paráidí gach bliain agus b’fhéidir go bhfuil an t-ord sásta go bhfuil leithscéal acu chun gearradh siar ar na himeachtaí.
Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.