AR NA SAOLTA SEO
Ceapacháin agus Coistí
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Léiríonn an chonspóid reatha faoi chaiteachas FÁS laigeacht i mboird stáit na tíre, dar le Breandán Delap. Tá géarghá le hiad a leasú dá bharr.

Íomhá
Rody Molloy
Íomhá
Aerfort Orlando
Íomhá
Orlando
Íomhá
An Seanadóir Shane Ross

Ba go neamhleithscéalach a thug an t-iar-Thaoiseach, Bertie Ahern, le fios do Bhryan Dobson dhá bhliain ó shin nár cheap sé daoine aitheanta dá chuid ar bhoird stáit éagsúla cionn is gur thug siad déirce dó. Ba amhlaidh gur de bharr gur chairde leis a bhí iontu a ceapadh iad, a dúirt sé!

Léargas grinn ab ea é sin den dóigh a fheidhmíonn boird stáit na tíre seo. Cén t-ionadh mar sin nár thug an seachtar ball déag – idir cheapacháin rialtais agus ionadaithe na gceardchumann faoi deara go raibh rud ar bith as bealach faoin chaiteachas rábach a líomhnaítear a bhí ar bun ag iar-Príomhfheidhmeanach FÁS, Rody Molloy, agus a chomhleacaithe le hairgead poiblí. Liosta le háireamh is ea na mí-úsáidí a déanadh ar chaiteachas na heagraíochta de réir iniúchadh a rinne an Seanadóir Shane Ross don Sunday Independent agus suim airgid de €643,000 luaite le turais thar sáile don Phríomhfheidhmeanach agus dá bhean chéile, do fheidhmeanaigh shinsireacha eile ón chomhlacht agus dá gcuid aíonna thar tréimhse ceithre bliana.

Codladh go headra

Ach an amhlaidh go raibh baill an bhoird, atá in ainm is a bheith ag feidhmiú mar ghasra faire don phobal, ag codladh go headra fad is a bhí airgead poiblí á chaitheamh go fánach? Sin í an chosúlacht atá ar an scéal mar go raibh an cleachtas seo ag dul ar aghaidh ar feadh blianta. Go deimhin, líomhnaítear go ndeachaigh Cathaoirleach an Bhoird agus Rúnaí Ginearálta IMPACT, Peter McLoone, ar thuras seachtaine go Orlando i dteannta Molloy agus gur chosain an turas fillte ar ghrád gnó €7,300 an duine! Líomhnaítear fosta go ndeachaigh cara leis an iar-Thaoiseach Ahern, Paddy Duffy, ar dhá thuras go Meiriceá (ar chostas €4562) thar ceann FÁS cé nach raibh aon bhaint aige leis an eagraíocht. Bhíodh sé le rá fada ó shin, dá mba mhian leat an domhan a thaisteal, gur cheart duit a bheith i do mhairéalach leis an chabhlach Ach is léir anois gurbh fhearr i bhfad mar ghairm-mhian post a fháil sa tseirbhís phoiblí!

Cinntiú, nó ceisteanna le freagairt

Eascraíonn ceisteanna go leor as an eachtra seo faoin ról atá ag boird stáit. Tá sé mar dhualgas ag baill bhoird a chinntiú go bhfuil a n-eagraíocht ag cur ardchaighdeán seirbhíse ar fáil ar an chostas is ísle. Meastar go bhfuil siad ann fosta lena chinntiú go gcuirtear aidhmeanna na heagraíochta i bhfeidhm go héifeachtach agus go héifeachtúil. An féidir a rá go bhfuil sé sin ag tarlúint faoi láthair? Seans gur lig an t-iar-Thaoiseach an cat as an mála san agallamh úd le Bryan Dobson mar is léir i go leor cásanna go gceaptar baill bhoird mar gheall ar a gcairdeas le hAirí Rialtais agus go n-amharctar ar cheapachán mar ghar polaitiúil inar féidir sochar pearsantabrabach a bhaint as. Cén t-iontas mar sin gur minic nach mbíonn na boird stáit ach ag cur séala ceadaithe ar chinnidh atá déanta ag feidhmeanaigh na heagraíochta.

Tá ceisteanna le freagairt fosta ag Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a bhfuil dualgas reachtúil air iniúchadh a dhéanamh ar chuntais eagraíochtaí stáit. Cad é faoin Choiste um Chuntais Phoiblí? An amhlaidh nár thug siad aon suntas do mhírialtachtaí caiteachais FÁS óna gcuid tuarascálacha bliantúla?

Ar ndóigh d’inseodh duine ar bith atá fostaithe sa tseirbhís phoiblí nach nós ariamh aon airgead atá fágtha sa bhuiséad a chur ar ais sa státchiste. Mura gcaithfear an buiséad reatha ina iomláine, gheobhaidh an eagraíocht níos lú airgead an chéad iarraidh eile. Cothaíonn sé sin drochnósanna agus is minic a bhíonn flaithiúlacht as cuimse ann ag deireadh na bliana leis an fhuíollach a chaitheamh. Sa chomhthéacs sin is fiú a chuimhneamh go raibh FÁS ag fáil €20m sa tseachtain ag am ina raibh lánfhostaíocht sa tír. Ní nach ionadh b’fhéidir gur thángthas ar bhealaí ‘cruthaíocha’ leis an airgead a chaitheamh!

An geisfhocal, ‘leasú’

Agus ‘leasú’ na seirbhíse poiblí mar gheisfhocal faoi láthair, measaim nár mhiste aghaidh a thabhairt ar bhoird stáit fosta. Faoi láthair tá corradh le 800 bord stáit in Éirinn ach is ceapacháin pholaitiúla formhór na mball. Ní dóigh liom gur maith an rud é go bhfuil daoine faoi leith ina mbaill den iliomad boird stáit. Is furasta na súile a bhaint óna chúram ina leithéid de chás. Mhaígh an tAire Airgeadais, Brian Lenihan, sa Dáil ar na mallaibh go mbeadh sé ionann is dodhéanta iarrthóirí fóirsteanacha a aimsiú dá mbeidís á bhfiosrú nó a bpromhadh san Oireachtas mar a bheadh ‘the Star chamber of interrogation’ ann. Cuir i gcéill ab ea é sin, dar liom. Níl mé ag maíomh gur cheart duine a dhícháilliú siocair gur ball de pháirtí polaitiúil é, ach ba cheart go mbeadh critéir chinnte ann ina mbeadh cumas an duine, beag beann ar a chlaonadh polaitiúil, ar an chloch is mó ar an phaidrín. Ach is dócha go mbeadh níos mó seans ann go dtabharfadh Santa uimhir bhuach an chrannchuir náisiúnta dom ná go dtarlódh sé sin.

Ní fhéadfadh fadhbanna Fás a theacht ag am níba mheasa don tseirbhís phoiblí. Má tá an ceathrú cuid de na líomhaintí faoi chaiteachas FÁS fíor faoi eagraíochtaí stáit eile thiocfadh leat a rá gur tháinig bolg ar an tseirbhís phoiblí le linn tréimhse rathúil an Tíogar Cheiltigh. Tá leasú na seirbhíse mar chuid lárnach de fheachtasaíocht Fhine Gael le dornán míonna anuas. Is geall le leannán polaitiúil é an leasú seo ar a gceannaire Enda Kenny, a n-urlabhraí airgeadais, Richard Bruton agus ar a n-urlabhraí fiontair, Leo Varadkar.

Leasuithe

D’fhógair an tAire Airgeadais ar lá na cáinaisnéise go mbeadh roinnt eagraíochtaí á gcomhtháthú agus cinn eile á scor. Fógraíodh mar shampla go mbeadh Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann, Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna agus Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna ag teacht le chéile. Fógraíodh fosta go mbeadh an Phríomh-Bhord Iascaigh agus na Boird Iascaigh Réigiúnacha ag teacht le chéile mar eagraíocht amháin agus go raibh cónascadh le tarlúint idir an Ghníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí agus an tÚdarás Iomaíochta. Cuireadh deireadh leis an Chomhairle Náisiúnta um Choireacht agus leis an Chomhairle Náisiúnta um Míbhuntáiste Oideachasúil. Bhunaigh an tAire ‘Coiste Shaineolaithe’ ag deireadh na míosa seo caite lena chinntiú go dtiocfadh laghdú ar chaiteachas agus ar líon foirne na seirbhíse poiblí. Táthar ag tabhairt ‘An Bord Snip Nua’ ar an choiste seo! Fógraíodh fosta go mbeadh deireadh ag teacht leis an seanidirdhealú a déanadh idir an Státseirbhís agus áisínteachtaí stáit eile rud a chiallaigh nach bhféadfadh oibrithe aistriú ó cheann amháin go ceann eile. Bhí a leithéid ina dhris chosáin mar shampla ar dhílárnú Fhoras na Gaeilge go Gaoth Dobhair mar nach bhféadfaí postanna i rannóga eile a chur ar fáil do na feidhmeanaigh nach raibh ag iarraidh aistriú ó thuaidh.

Is léir mar sin go dtiocfaidh athrú ó bhonn ar an tseirbhís phoiblí sna blianta amach romhainn. Bhí géarghá lena leithéid de leasú le blianta, ach ní bheadh aon ghlacadh leis ag tráth nuair a bhí an géilleagar faoi lán tseoil. Cheana féin tá na ceardchumainn ag cur a gcosa i dtaca agus ag maíomh go bhfuil seirbhís phoiblí na hÉireann ar cheann de na cinn is lú agus is éifeachtaí san Aontas Eorpach. Beidh cath le troid mar sin ach is ceann é a chaithfear a thabhairt faoi go cróga agus go cothrom. Más mall is mithid.

  • Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.
MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.