CÚINNE NA nEALAÍON
Seán Ó Siadhail (1950 - 2006)

Bás tobann an scríbhneora as Doire.

Tháinig an drochscéala chugainn an mhí seo caite go raibh an scríbhneoir Seán Ó Siadhail i ndiaidh bás a fháil i dtimpiste in Alicante na Spáinne. Ní raibh sé ach sé bliana is caoga. Cuireadh dhá ghearrscéal le Seán i gcló in Beo! le bliain go leith anuas.

Ba mhaith le foireann Beo! comhbhrón a dhéanamh le bean chéile Sheáin, Éilís; lena chuid páistí Ruth, Donncha, Éabha, Neasa agus Marcas; lena mháthair, Nóra; lena dheirfiúracha Mary, Noreen, Margaret agus Siobhan; agus, lena dheartháireacha Frank agus Pádraig, a scríobhann colún as Ceanada do Beo! gach ráithe.

Déanfar alt in ómós do Sheán a fhoilsiú in eagrán na míosa seo chugainn de Beo!.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.