145
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
An t-ilchultúrachas - sin an chéad rud a thug mé faoi deara agus mé i mBoston. Chuir sé iontas orm meascán chomh mór sin daoine a bheith ag maireachtáil le chéile in aon áit amháin - daoine geala, daoine dubha, lucht na Spáinnise agus an dream ón Áis. Thairis sin ní dhearna mé mórán machnaimh ar cheist na gciní, cé go raibh na cúrsaí seo go mór i mbéal an phobail agus mé ag fágáil “the old country”, mar a thugtar ar Éirinn anseo.
»»»Is minic daoine ag gearán faoi dhul an Bhéarla a bheith ar an nGaeilge a labhraítear na laethanta seo ach tá go leor daoine buartha faoi thionchar na teanga sin ar an nGearmáinis chomh maith, Christoph Wendler ina measc.
»»»Chas Seosamh Mac Muirí le hÍte Ní Chionnaith a bhfuil taithí na mblianta aici ag léachtóireacht sna meáin chumarsáide in ITBÁC. Iareagarthóir Feasta, iar-Chathaoirleach Oireachtas na Gaeilge agus iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, is cinnte go bhfuil tuairim le roinnt aici.
»»»Is mór an onóir do [i]Beo![/i] go bhfuil ár gcomhfhreagraí céimiúil Balor i ndiaidh a bheith linn le hochtó eagrán anuas. Ina ochtódú colún, déanann sé cur síos ar imeachtaí an tsamhraidh fhliuch anóitigh atá díreach curtha dínn againn.
»»»Míníonn Diarmaid Mac Mathúna an tslí a raibh deis ag gnáthdhaoine cur le tuairiscí nuachta na meán cumarsáide tar éis bhuamáil Londan an mhí seo caite, a bhuí sin leis an teicneolaíocht nua.
»»»Tá Dónall Ó Maolfabhail den tuairim go bhfuil dochar mór déanta ag roinnt de na ráitis a rinne an Taoiseach agus an tAire Dlí agus Cirt mar gheall ar mhaoiniú Shinn Féin agus gur chun vótaí a mhealladh ina dtreo féin atá sé seo á dhéanamh acu.
»»»Bhí Liz Curtis i láthair ag ceolchoirm a thug amhránaithe salm as Albain i mBéal Feirste an mhí seo caite agus bhain sí féin agus an slua mór a bhí ansin an-sult as an ócáid.
»»»Seo gearrscéal as an gcnuasasch An Fear nach nDéanann Gáire le Micheál Ó Conghaile, a fhoilseofar an mhí seo chugainn.
»»»Féachann Robert McMillen ar impleachtaí fhuadach Bobby Tohill do phróiseas na síochána sna Sé Chontae.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: easpa cúraim ar na bóithre
»»»Tá Robert McMillen ag leagan amach gur gairid eile go dtolgfaidh achan duine sa taobh ó thuaidh taom olltoghchánaíochta.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.