Seo sliocht as Máire Mhic Ghiolla Íosa - Beathaisnéis le Ray Mac Mánais, beathaisnéis údaraithe Uachtarán na hÉireann. Tugadh cead don údar, múinteoir Gaeilge an Uachtaráin, a dialanna pearsanta a léamh agus dul trína páipéir phríobháideacha. Déanann an leabhar cur síos ar a saol ó rugadh í go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtarán i 1997.
Sna laethanta sin i mí Lúnasa 1969 dódh nó tréigeadh 1,800 teach i mBéal Feirste, ar le Caitlicigh 1,500 díobh agus le Protastúnaigh an 300 eile. Maraíodh deichniúr, gortaíodh 745 duine go dona, 154 acu le hurchair ghunnaí. Tharla cuid mhór den lámhach sin i gceantar Ard Eoin. Dar le Paddy [athair Mháire] nárbh é an áit cheart é le clann óg a thógáil agus cúrsaí mar a bhí. Bhí racht sin Mháire i ndiaidh a sháil a chur i dtaca. Chuir sé an teaghlach uilig isteach sa charr leis an oiread éadaí agus acraí tí agus a d’fhéadfadh sé a iompar agus as go brách leo go Baile Átha Cliath. D’imigh an chlann uile seachas Nóra a bhí gafa le léiriú de chuid na Young Lyric Players agus a bhí ag iarraidh fanacht i mBéal Feirste.
Cúpla lá i ndiaidh do mhuintir Leneghan cathair Bhéal Feirste a fhágáil, roghnaíodh tábhairne Paddy mar cheanncheathrú don chéad cheann de na coistí cosanta áitiúla a d’fhásfadh ar fud na bhfud thar oíche. Scríobh Paddy Devlin faoi ina dhírbheathaisnéis, Straight Left:
The Long Bar in Leeson Street, run by a very friendly man called Paddy Leneghan, had been taken over as an unofficial headquarters by this new leadership. I felt it was important to get these citizens’ defence committees under some sort of organised control. The committees had been set up by local priests like Canon Pádraig Murphy as well as local businessmen like Tom Conaty. D’fhág muintir Leneghan ina ndiaidh é. Fuair siad teach ar cíos, gan stró, ar Bhóthar Chill Mhic Cuda, i nDeisceart Bhaile Átha Cliath. Bhí roinnt airgid i dtaisce ag Paddy agus Claire do lá na coise tinne. Bhí an lá sin buailte leo anois. Agus iad ag fágáil Bhéal Feirste an oíche sin ní raibh a fhios ag Muintir Leneghan an bhfeicfidís an baile choíche arís, bhí cúrsaí chomh dona sin.
D’fhan muintir Leneghan i mBaile Átha Cliath ar feadh míosa. Bhí siad sásta dul ar aghaidh go Ros Comáin agus cur fúthu i seanteach thuismitheoirí Paddy dá mba ghá, dá rachadh cúrsaí ó thuaidh in olcas. Bhí sé doiligh orthu glacadh leis an leithleachas a mhothaigh siad thart orthu i mBaile Átha Cliath. Má chuir an scoilt aduain Thuaidh-Theas isteach ar Claire agus ar Paddy, chiap sé Máire ar fad. Níor thuig sí easpa suime mhuintir Bhaile Átha Cliath sna tragóidí a bhí ag tarlú céad míle uathu.
Mar bhall de Choiste Náisiúnta Chumann Naomh Uinseann de Pól bhí aithne ag Máire ar bhaill shinsearacha na heagraíochta sin cois Life. Chuaigh sí chun cainte le hUachtarán an Chumainn le go dtabharfadh sí tuairisc suas lena bhéal dó ar an ghéarchéim ó thuaidh. Dar léi nár tugadh mórán éisteachta di. Chuaigh sí i dteagmháil le beirt chairde léi, Bob agus Bill Cashman, baill den Choiste Náisiúnta. Bhí sí ag iarraidh iad a tharraingt léi chun an Cumann a ghríosadh ach saothar in aisce a bhí ann. Le teann feirge agus déistine scríobh sí litir láidir ag cáineadh an chumainn a raibh oiread sin measa aici air le fada. Lochtaigh sí iad as laghad agus as moille a bhfreagartha. Cé go raibh sí cairdiúil i gcónaí le Bill agus le Bob Cashman d’éirigh sí as an Choiste Náisiúnta agus as an chumann ar fad, sa deireadh.
Nuair a thug muintir Leneghan aghaidh ó thuaidh arís faoi lár mhí Mheán Fómhair bhí rudaí ciúnaithe go mór i gceantar Ard Eoin. Bhí na línte síochána tógtha, bhí Arm na Breataine ar patról, agus ní raibh na ruathair laethúla á ndéanamh ó gach taobh de Bhóthar Chromghlinne a thuilleadh. Ach thart ar theach Leneghan in uimhir 657 bhí rudaí ní ba mheasa ná mar a bhí riamh. Faoi dheireadh mhí Lúnasa bhí an polarú déanta. Bhí uimhir 657 ar choirnéal Bhóthar Hesketh, sráid a rith isteach ón phríomhbhóthar go heastát Protastúnach Glenbryn. Sa bhliain 2001 chonaic an domhan mór an dóigh ar chaith roinnt de mhuintir an eastáit sin le girseacha óga Ard Eoin agus iad ar a mbealach chun na scoile. Ag tús na seachtóidí ba ar an bhealach chéanna a chaith siad le muintir Leneghan.
Bhí Máire lá ag tiomáint suas Bóthar Chromghlinne ar a bealach chun an bhaile ón nóibhéine sa séipéal. Bhí sí faoi chúpla céad slat dá teach féin nuair a chonaic sí grúpa cailíní ag tabhairt faoi chailín aonair. Nuair a tháinig sí ní ba ghaire don ghráscar chonaic sí gurbh í a deirfiúr Catherine a bhí ann, í faoi ionsaí ag cúigear cailíní Protastúnacha. Thiomáin sí léi ar aghaidh abhaile, rug ar a deirfiúr Nóra, agus ar ais leis an bheirt acu le dul i gcabhair ar Catherine, a bhí ar an talamh faoin am seo agus na cailíní eile á ciceáil. D’éirigh leis an bheirt an cúigear a ruaigeadh. Bhí Catherine measartha gortaithe, ach ba mheasa an riocht ina raibh a cuid néaróg ina dhiaidh. Shocraigh Paddy agus Claire Catherine a chur go Clochar San Louis i gCill Chaoil, Co. an Dúin, agus na buachaillí a bhí in aois meánscoile, Damien agus Patrick, a chur go Coláiste Cholmáin ar an Iúr, iad ar fad mar scoláirí cónaithe. D’fhan Máire, Nóra agus na daltaí bunscoile, Claire Óg agus Phelim, agus Clement, a bhí fós ina thachrán, sa bhaile.
Sular fhág Catherine Béal Feirste le dul ar an scoil chónaithe tharla eachtra a chuir tuilleadh scanraithe uirthi. Satharn amháin a raibh Claire agus Paddy as baile bhí círéib faoi lán seoil ar Bhóthar Chromghlinne, an bóthar ag glioscarnach le gloine bhriste agus an t-aer bréan le boladh gáis. Cúpla céad slat ón chomhrac, tigh Leneghan, chuala Máire Catherine ag screadaíl le pian. Rith sí isteach sa seomra a raibh Catherine ann agus thuig sí láithreach gur aipindicíteas a bhi uirthi. Thriail sí glaoch ar otharcharr ach ní raibh an guthán ag obair. B’éigean di aghaidh a thabhairt ar Otharlann an Mater, míle go leith síos an bealach mór. D’iompair Máire a deirfiúr formhór an bhealaigh, an bheirt acu ag dul ar foscadh ó am go chéile agus buidéil á mbriseadh thart orthu, ag sciorradh i leataobh go minic ó chlocha, iad ag lámhacán ar an bhóthar in amanna eile nuair a thosaigh fras lámhaigh. D’fhan siad sna cúlsráideanna. Ar Shráid Chatham bhí babhlaí lán d’fhínéagar fágtha ag muintir na háite ar leaca na bhfuinneog. Thum Máire agus Catherine a gciarsúir sa leacht agus chlúdaigh béal agus srón leo, mar chosaint ar an ghás. Bhí Catherine breá sásta le suaimhneas Chill Chaoil i ndiaidh na heachtra sin.
Bhí John bodhar agus bhí scolaíocht speisialta de dhíth air. D’fhreastail sé ar naíscoil speisialta in mBaile an tSiúrtánaigh, taobh amuigh de Bhéal Feirste sula ndeachaigh sé go Scoil Mhuire gan Smál i Stigh Lorgan i mBaile Átha Cliath. Ina dhiaidh sin chuaigh sé ar ais go Baile an tSiúrtánaigh, áit ar fhreastail sé ar mheánscoil speisialta. Ba ghnách leis oíche nó dhó sa tseachtain a chaitheamh in Institiúid Náisiúnta na mBodhar ar Chearnóg an Choláiste i lár na cathrach agus d’fhaigheadh sé síob abhaile i gcónaí ó mhinistir Protastúnach. Oíche amháin ní raibh an ministir ann le bealach a thabhairt dó. B’éigean do John dul abhaile ar an bhus. Shíl sé go mbeadh sé sábháilte go leor nó bhí stad an bhus díreach trasna an bhealaigh ó theach Leneghan.
Thuirling sé agus thrasnaigh sé an bóthar. Bhí sé sé bliana déag d’aois, neamhurchóideach agus bábánta ar chúrsaí an tsaoil. Níor chuala sé an triúr ag caint agus ag cogarnaíl taobh thiar de agus é ag dul isteach an geata. Níor chuala sé trup na mbróg nuair a thosaigh siad ag rith ina dhiaidh. Istigh i ndomhnán beag neamhchoireach a chiúnais níor shamhlaigh sé an t-uafás a bhí ag tarraingt air, anfa a chuirfeadh cor ina shaol. Ní fhaca sé an buidéal a bhí dírithe ar a chloigeann lom. Ní fhaca sé ach an scáil a chaith an lampa sráide ar dhoras an tí. Thiontaigh sé. Chonaic sé an triúr acu ach bhí sé rómhall. Briseadh buidéal ar a cheann. Scoilteadh a bhlaosc. Bhuail an triúr arís agus arís é. Sháigh siad an buidéal briste isteach ina aghaidh agus bhain píosa dá shrón agus smiota as clár a éadain.
Istigh sa teach chuala Máire agus an chuid eile na scréacha agus an tormán taobh amuigh den doras. Chuala siad trup na mbróg agus na hionsaitheoirí ag imeacht ar cosa in airde. Chuala siad an t-éagaoineadh ag éirí níos laige agus níos truacánta. Rith Máire chuig an doras agus d’oscail é go pras. Ar dtús níor aithin sí an créatúr a thit isteach, a chuid fola ag maothú an chairpéid agus an pháipéir bhalla. Chrom sí síos leis an fhuil a ghlanadh dá aghaidh agus b’ansin a d’aithin sí a deartháirín John.
Sciobadh ar shiúl é chun na hotharlainne in otharcharr. Ba dhóbair dó bás a fháil. Dúirt na dochtúirí go raibh an t-ádh dearg air teacht tríd. Bhí Máire ar mire le fearg agus le beaginmhe. Cé gur cuireadh fios ar an RUC agus cé go raibh John ábalta a rá leo cé a bhí ciontach, níor cúisíodh duine ar bith riamh. Tá ruball tragóideach leis an scéal seo nó tá an teaghlach lánchinnte go bhfuarthas duine de na hionsaitheoirí sin ciontach i ndúnmharú cúpla bliain ina dhiaidh sin.
Scríobh Máire litir chuig The Irish News go gairid i ndiaidh an ionsaithe, ag maíomh gur chóir seanphionós na fuipe a thabhairt ar ais arís agus é a chur i bhfeidhm go speisialta i gcás coirpeach a gheofaí ciontach i dtromionsaí. Ba ghearr gur thuig sí gur racht feirge agus beaginmhe a thug uirthi peann a chur le pár agus a leithéid sin a lorg. Bhí aiféala uirthi gur éiligh sí pionós corpartha agus an t-éileamh sin ag teacht salach ar gach ar chreid sí riamh ann.
Seolfar *Máire Mhic Ghiolla Íosa - Beathaisnéis le Ray Mac Mánais in oifigí Fhoras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar 20 Márta 2003. Is iad Cló Iar-Chonnachta na foilsitheoirí. Praghas: €25 (clúdach crua)*
Ar leanúint an mhí seo chugainn.
Gluais Glossary
beathaisnéis údaraitheauthorized biography
a dialanna pearsantapersonal diaries
páipéir phríobháideachaprivate papers
go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtaránuntil she was installed as President
dódh nó tréigeadh 1,800 teach1,800 houses were burnt or abandoned
lámhachshooting
rachtoutburst
acraí tíhousehold utensils
as go brách leooff they went
léiriúproduction
cheanncheathrúheadquarters
coistí cosanta áitiúlalocal defence committees
dírbheathaisnéisautobiography
gan strówithout difficulty
i dtaiscesaved
do lá na coise tinnefor a rainy day
bhí cúrsaí chomh dona sinthings were so bad
dá mba gháif it was necessary
leithleachasselfishness
scoilt aduainstrange split
chiap sé Máire ar fadit really tormented Máire
easpa suimelack of interest
tragóidítragedies
Cumann Naomh Uinseann de PólVincent de Paul Society
baill shinsearacha na heagraíochta sin cois Lifethe senior members of that society in Dublin
tuairisc suas lena bhéal dóa report up to his face
géarchéimcrisis
chun an Cumann a ghríosadhto spur the Society into action
saothar in aiscewaste of time
déistindisgust
ag cáineadhcriticising
ciúnaithe go mórgreatly quietened
línte síochánapeace lines
ruathair laethúladaily raids
polarúpolarization
girseacha ógayoung girls
nóibhéinenovena
cailín aonaira lone girl
ní ba ghaire don ghráscarnearer to the scuffle
le dul i gcabhair ar Catherineto go to Catherine’s help
an cúigear a ruaigeadhto drive the five off
riochtstate
a cuid néarógher nerves
clocharconvent
ar an Iúrin Newry
tachrántoddler
eachtraincident
círéibriot
faoi lán seoilin full swing
ag glioscarnachglistening
bréan le boladh gáissmelling bad from gas
comhracfight
otharcharrambulance
formhór an bhealaighmost of the way
ag dul ar foscadhsheltering
ag sciorradhsliding
ag lámhacáncrawling
fras lámhaighvolley
babhlaíbowls
a gciarsúirtheir hankies
leachtliquid
cosaintprotection
bodhardeaf
bhí scolaíocht speisialta de dhíth airhe needed special schooling
ba ghnách leishe used to
d’fhaigheadh sé síob abhailehe used to get a lift home
stad an bhusthe bus stop
thuirling séhe disembarked
neamhurchóideachinnocent
bábántainnocent
ag cogarnaíl taobh thiar dewhispering behind him
trup na mbrógthe sound of the shoes
neamhchoireachinnocent
níor shamhlaighhe didn’t imagine
an t-uafásthe horror
anfaterror
cortwist
dírithe ar a chloigeann lomaimed at his bare head
scáilshadow
scoilteadh a bhlaoschis skull was split open
scréachascreams
na hionsaitheoiríthe attackers
níos truacántamore plaintive
go prasquickly
ag maothú an chairpéidmoistening the carpet
Ba dhóbair dó bás a fháilHe nearly died
go raibh an t-ádh dearg airthat he was extremely lucky
ar mire le feargmad with rage
beaginmhehelplessness
cé a bhí ciontachwho was responsible
níor cúisíodh duine ar bith riamhnobody was ever charged
ciontach i ndúnmharúguilty of murder
go gairid i ndiaidh an ionsaitheshortly after the attack
ag maíomhstating
seanphionós na fuipethe old whip punishment
i gcás coirpeach a gheofaí ciontach i dtromionsaíin case of criminals found guilty of assault
peann a chur le párto put pen to paper
aiféalaregret
gur éiligh sí pionós corparthathat she demanded corporal punishment
ag teacht salach ar gach ar chreid sí riamh anngoing against everything she ever believed in