Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: stór focal ag baint le hobair tí agus le cócaireacht.
Bhí Antóin ar gor nó bhí Sorcha ag teacht dtigh s’aigesean anocht fá choinne dinnéir. Bhí sé ar a tóir le míonna anois agus bheadh sí anseo anocht. Ní thug sé faoi deara ariamh cad é chomh salach agus a bhí an t-árasán seo. Ní raibh faill suí ná seasamh aige ó mhaidin. Thosaigh sé ar an chisteanach nó bhí a fhios aige mura dtabharfadh sé aghaidh air sin ar tús nach mbeadh uchtach aige dul ina ceann tráthnóna.
“Cén dóigh an dtiocfadh le duine ar bith a bheith beo mar seo?” arsa seisean leis féin agus é ag caitheamh amach pionta bainne a bhí ramhar.
Ba bheag nach dtáinig a raibh ina ghoile aniar nuair a chonaic sé an píosa feola a bhí folaithe ag cúl an chuisneora, ann ach go raibh sé beo. Bhí cúpla iógart ann fosta a bhí géar nó ar an tiontó. Chuir sin tuilleadh samhnais ar Antóin.
Thug sé a aird ar an phrios anois. Bhí arán a raibh coincleach air ansin agus bhí fás ar na bonnógaí milse fosta. Bhí sé ag dúil go mbeadh na prátaí i gceart nó ní raibh uaidh tuilleadh a cheannacht, ach bhí bachlógaí ar na sceidíní a bhí fágtha agus bhí siad righin seargaithe.
“Beidh orm tuilleadh a cheannacht don dinnéar anocht más sin mar tá,” ar seisean leis féin. Nuair a cuireadh a raibh aois cait aige bealach an gharraí thosaigh an glanadh.
Mura mbeifeá faicheallach bhrisfeá do mhuineál ar urlár na cisteanaí, bhí sé chomh sleamhain sin. Bheadh sciúradh maith de dhíth ar an urlár chéanna ach chaithfeadh sé é a scuabadh ar tús. Scuab Antóin thart an t-urlár ag déanamh cinnte go bhfuair sé isteach go maith sna coirnéil uilig. Char maith do bhabhdáin ar bith a bheith á nochtadh féin anocht. Chruinnigh sé thart an salachar agus chuir sa bhosca bruscair ansin é.
Chuir sé síos an citeal nó bhí a fhios aige go mbeadh uisce breá te de dhíth air. Nuair a ghoil an citeal líon sé mias leis an uisce galach. Le cois an uisce, bhí seanbhratóg aige agus ó tharla nach bhfeicfeadh Críostaí beo é, péire miotóg rubair fosta. Ní raibh fonn ar bith air a bheith ar maos go caol na láimhe san uisce lofa a d’fhágfadh an t-urlár sin ina dhiaidh. Chuaigh sé síos ar a dhá ghlúin agus thug faoi. Ach is cuma cén chuimilt a thug sé don urlár ní raibh sé ag déanamh lá difir don tsalachar.
“Níl seo ag déanamh maith,” arsa seisean leis féin agus chuaigh sé a chuardach scuab sciúrtha. Bhí ceann istigh sa phrios faoin doirteal. “Sin an fear a dhéanfas an gníomh,” arsa Antóin. Chuir sé a dhroim leis an obair an iarraidh seo agus fán am a bhí sé réidh ní aithneofá an t-urlár.
Thit a chroí nuair an d’oscail sé doras an tseomra suite. Bheadh a chuid aige an seomra seo a chur in ord agus in eagar. Bhí páipéir nuachta agus irisí ag éirí thuas air, ann ach go dtiocfaí an t-urlár a fheicéail. Bhí an tine lán luatha nó níor cuireadh amach iad lena chuimhne. Tharraing sé siar na cuirtíní chomh fada is a thiocfadh leis le tuilleadh solais a ligean isteach. Thug sin chun solais an stúr uilig a bhí ina luí ar leic na fuinneoige.
“Cad chuige nár mhol mé bialann?” arsa Antóin leis féin. “Níl deireadh leis an ghlanadh seo.”
Ach ní raibh a dhath fána choinne ach coinnéail leis. Chruinnigh sé thart na páipéir agus na hirisí. Chaith sé amach na rudaí nach raibh de dhíth air agus chuir sé moll mór eile acu i bhfolach ar chúl na cathaoireach móire. Ní raibh a leithéid de rud sa teach agus folúsghlantóir agus d’fhág sin é i gceann na scuaibe arís. Faoin am a bhí an seomra sin glanta aige bhí an droim síos leis agus bhí sé ag tabhairt buíochais do Dhia nach raibh dualgas ghlanadh an leithris airsean. Go bhfóire Dia ar an té a raibh sin roimhe.
Bhí sé chomh tuirseach sin anois go dtiocfadh leis a sheacht sáith codlata a dhéanamh. Bhí Antóin marbh tuirseach agus ní bheifeá ina dhiaidh sin air agus an lá oibre a bhí istigh aige. Ní raibh a dhath fána choinne ach cupa deas tae agus scíste beag. Líon sé an citeal arís. Chuir sé amach cupa agus pláta brioscaí. Nuair a bhí sé ar tí an tae a dhoirteadh isteach chonaic sé an cháirt mhillteanach a bhí ar an chupa. “Och, dhéanfaidh sé gnaithe domhsa,” ar sé, “ach caithfear á ghlanadh sula dtiocfaidh sí féin.” Dhéanfadh Antóin sin chomh luath géar agus bhí an tae ólta aige.
Bhí sé fá choinne prátaí úra a dhéanamh do Shorcha - prátaí, cearc rósta agus glasraí de chineál inteacht. Ach mar a chonaic sé agus é ag glanadh an phriosa, ní raibh de locht ar na prátaí úra ach nach dtiocfaí iad a choinneáil rófhada. Ach ní raibh am dhul chun an tsiopa anois. Chaithfí athrú a dhéanamh ar an bhiachlár mar sin. Go hádhúil, bhí neart pasta sa phrios agus dhéanfadh sé anlann de shórt inteacht a d’fhóirfeadh don chearc.
“Cinnte le Dia, beidh dúil aici ansin,” arsa Antóin leis féin.
Bhí cáca seacláide ceannaithe aige don iarbhéile nó bhí a fhios aige go raibh iomrá an bhéil mhilis ar na cailíní. Léim an croí ina ucht. “Cad é más feoilséantóir í? Níor chuir mé ceist fiú. Nár aifrí Dia orm é - dheamhan a miste liom.”
Rinne sé suas a intinn go rósadh sé an chearc i scilléad léi féin agus go ndéanfadh sé an t-anlann i gceann eile. Chuirfeadh sé deireadh ar an tábla agus a chead aici a bealach féin a dhéanamh.
Rinne sé an béile agus bhí an tábla déanta suas go deas aige. Chuir sé éadach tábla lín air, buidéal agus coinneal dhearg ann, agus ceann eile a raibh cúpla bláth sáite ann. Bhí sé breá sásta leis féin. Chuala sé clog an dorais ar dheich mbomaite go dtí’n hocht.
“Tá sí luath,” ar seisean. “Is mór an gar go bhfuil mé réidh, sin a dtig liom a rá.”
Idir an tábla agus an doras bhuail taom millteanach faitís Antóin agus ann ach go dtiocfadh leis a lámh a chur le murlán an dorais.
“Cad é faoi Dhia a thug orm seo a dhéanamh?” ar seisean. “Cad é a déarfaidh mé léi?”
Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.