AR NA SAOLTA SEO
Cathal Ó hEochaidh, Rí na hÉireann
Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail

Féachann Dónall Ó Maolfabhail ar an rian a d’fhág Cathal Ó hEochaidh, a bhásaigh an mhí seo caite, ar mhuintir na hÉireann.

Íomhá
Cathal Ó hEochaidh
Íomhá
Brú na Bóinne

Fómhar na bliana 1982, agus mé i rang a ceathair, lá amháin thug cailín sa rang beart greamaitheoirí isteach. Ba bhliain mhór greamaitheoirí é 1982, óir cúpla mí roimhe sin bhí Corn sacair an Domhain ar siúl sa Spáinn agus bhí idir chailíní agus bhuachaillí ag bailiú greamaitheoirí agus imreoirí sacair orthu. Ach ba ghreamaitheoirí de shaghas eile a bhí ag an chailín seo. Ní Arkanada, Platini nó Zico a bhí le feiceáil orthu ach pictiúr de cheannaire Fhine Gael, Garret Fitzgerald. B’fhéidir nach rabhamar ach deich mbliana d’aois, ach níor stop sin scoilt sa rang idir iadsan a thaobhaigh le Garret the good agus iadsan a thaobhaigh le Charlie.

Dhá bhliain roimhe sin a chonaic mise Cathal Ó hEochaidh den chéad uair. Is cuimhin liom fós an siúl mall, an ghluaiseacht réidh agus an beannú láimhe ríoga a rinne sé don slua a bhí i láthair i bPáirc an Chrócaigh an lá áirithe sin. Chuir a iompar rí i gcuimhne domsa, buachaill ocht mbliana d’aois. Má bhí an Bhanríon Éilís ag na Sasanaigh, bhí Charlie ag na hÉireannaigh agus ba é a aghaidh siúd a chaithfinnse, ní ceann Garret the Good.

Le linn an chuid eile de m’óige d’athraigh an Taoiseacht idir Garret Fitzgerald agus Cathal Ó hEochaidh. Faoin am a chuaigh mé ar an ollscoil bhí scéalta cloiste agam go raibh CJ freagrach as gunnaí a chur ar fáil don IRA sna seachtóidí luatha, agus go raibh sé páirteach i gcaimiléireacht airgid. Pé rud faoin chéad líomhain sin, níor chreid mé riamh an dara ceann. Bolscaireacht Fhine Gael a bhí ann, dar liom. Dár ndóigh sula mbeadh an ollscoil fágtha agam bheadh a mhalairt foghlamtha agam. Is cosúil nach raibh leisce ar Rí na hÉireann bréag a insint dá phobal. Go tobann, ar nós go leor de phobal na hÉireann, bhí orm mo dhílseacht do Charlie a cheistiú.

Is óg an stát é stát s’againne, ach ní raibh sé ach trí bliana bunaithe nuair a rugadh Cathal Ó hEochaidh. I ndiaidh blianta fada faoi chois, mar choilíneacht de chuid na Breataine, ní bheadh sé éasca ag an stát óg é féin a chruthú agus seasamh ar a chosa féin. Is fada é aitheanta go gcailleann pobal a chaith blianta fada mar choilíneacht a féinmheas agus a mórtas cine, santaíonn siad maoin an choilínigh ach gan an mhuinín acu a chreidiúint go bhfuil siad i dteideal a leithéid. Is ar an ábhar seo a chuir na chéad trí Thaoiseach a bhí ar an Stát, W T Cosgrave, Éamon de Valera agus John A Costello, béim ar mhórtas cine an phobail a athmhúscailt. Óir is beag rath a bheadh ar stát a raibh a phobal gan féinmhuinín. Thuigeadar, trí fhéiniúlacht ar leith Éireannach a chothú, go músclófaí mórtas cine. Chuireadar i bhfeidhm polasaithe leis an stát a Ghaelú ó thaobh teanga agus cultúir de. Agus, ó thaobh reitrice ar aon nós, bhí athaontú na tíre mar an chloch ba mhó ar a bpaidrín.

Ag deireadh na gcaogaidí, tháinig Sean Lemass i gcomharbacht ar de Valera mar Thaoiseach. Tá sé deacair a bheith cinnte cad é an méid a thuig Lemass an tábhacht a bhain le lón anama, maidir le hathmúscailt mórtas cine agus, dá réir, féinmhuinín a thabhairt don phobal. Ach thuig sé rud amháin, is é sin, nár leor lón anama ann féin le muinín a thabhairt don phobal. Ba ghá caighdeán maireachtála an ghnáthdhuine a fheabhsú ag an am céanna agus, chuige sin, dhírigh Lemass go príomha ar gheilleagar na tíre a fhorbairt, ag súil go bhfeabhsódh sé sin caighdeán maireachtála an phobail, rud a rinne.

Tionscadail éagsúla Ag faire ar Dev agus Lemass agus ar an dá fhealsúnacht dhifriúla a chuireadar chun cinn, bhí an TD óg Cathal Ó hEochaidh. Is léir gur thuig Cathal an tábhacht a bhain le caighdeán maireachtála an phobail a fheabhsú. Óir, agus é in aire, bheartaigh sé ar thaisteal saor in aisce a thabhairt do phinsinéirí agus ghlac céimeanna le cearta na mbaintreach a chosaint. Ansin níos déanaí, agus é ina Thaoiseach, chuir sé na síolta as ar fhás Aerfort Chnoc Mhuire, an Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta agus Barra Temple, tionscadail a chuir go mór le geilleagair an Stáit agus le caighdeán maireachtála an phobail.

Ach, ag an am céanna, thuig sé an tábhacht a bhain le gnéithe dár n-oidhreacht, ar

nós Bhrú na Bóinne agus Pháirceanna Chéide, a chaomhnú. Thug sé spreagadh freisin do chultúr agus dúchas na tíre trí dheontais saor ó cháin a thabhairt do lucht cleachta na n-ealaíon agus, dár ndóigh, chuir sé an síol a chuir deireadh leis na Trioblóidí sna Sé Chontae, fadhb a bhí ag creimeadh mhórtas cine phobail uile na hÉireann. Ní raibh leisce air teanga náisiúnta na tíre a úsáid aon uair a fuair sé an deis ach oiread.

Os a choinne sin, caithfear a rá gur úsáid sé airgead a ghoid sé ó phobal na hÉireann le saol mar a bheadh saol rí ann a chaitheamh. Níl aon amhras orm ach go raibh go leor daoine in Éirinn sna hochtóidí ar bhreá leo saol pléisiúrtha mar seo a chaitheamh. Ach creidim go raibh cúis eile, seachas taitneamh pearsanta, a thug ar Chathal ithe sna bialanna ba dhaoire i bPáras, na léinte ba dhaoire i bPáras a cheannach agus cónaí i dteach mór. Má theastaigh ó Dev agus Lemass a thaispeáint don domhan gur stát neamhspleách ab ea Éire, theastaigh ó Charlie a léiriú don domhan ní hamháin gur stát neamhspleách a bhí ionainn, ach go raibh an stát óg seo anois ar comhchéim le haon stát eile agus nár ghá dúinn maoin ár gcoilínigh a shantú níos mó. Tar éis an tsaoil, má tá Chequers ag Príomh-Aire na Breataine, cén fáth nach mbeadh a phálás féin ag Taoiseach na hÉireann? Maidir le ceannach léinte Charvet, bhuel nach bhfuil gach mac máthar na laethanta seo ag maíomh faoi na designer labels atá á gcaitheamh acu. Agus cén fáth a bhfuil daoine sásta an t-uafás airgid a chaitheamh ar a leithéid sa lá atá inniu ann? Toisc gur féidir leo.

Níl aon fhís ag rialtas an lae inniu agus an rud is measa ná gur cuma leis an phobal an fhaid agus go bhfuil airgead ina bpócaí – b’in, is cosúil, a dúirt Ó hEochaidh le comhfhreagraí an Irish Times Frank Mc Donald cúpla mí sular bhásaigh sé. Ní sin le rá, dar liom, gur chreid sé go mbeadh an Freasúra aon phioc níos fearr. Ní léir aon easpa muiníne a bheith ar mhuintir na hÉireann sa lá atá inniu ann. Níl aon dabht ach go dtugann airgead muinín de shaghas do dhuine, ach imíonn an mhuinín chéanna chomh luath is a imíonn an t-airgead. Agus má tá rud amháin cinnte tiocfaidh an lá nuair a bheidh an t-airgead ídithe agus is ansin a bheidh gá le mórtas cine agus an fhíor-fhéinmhuinín a thagann dá bharr.

Rinne Cathal Ó hEochaidh go leor rudaí nach raibh nó nach bhfuil le moladh. Ach ainneoin a lochtanna, creidim gurb é an t-aon Taoiseach, go dtí seo ar aon nós, a léirigh gur thuig sé gur trí chaighdeán maireachtála an phobail a fheabhsú, in éineacht le mórtas cine an phobail a athmhúscailt, a chothaítear an fhéinmhuinín a theastaíonn ó stát óg le bláthú. Ní leor ceann gan an ceann eile. Níl aon aiféala orm, mar sin, gur dhiúltaigh mé don ghreamaitheoir a raibh na focail “Garret the Good” air a thairg an cailín deas sin dom breis is scór bliain ó shin.

As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag scríobh d’fhoilseacháin éagsúla.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.