Tá dul amú orthu siúd a mheasann go bhfuil gaol idir an pheil Astrálach agus an pheil Ghaelach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
Tá roinnt mhaith daoine ann a cheapann gur shíolraigh an pheil Astrálach ón bpeil Ghaelach - nó gur col ceathracha iad ar a laghad. Ceapann daoine eile go raibh baint éicint aige le cruicéad. Tá teoiric eile ann freisin - gur bunaíodh é ar chluiche a bhí á imirt ag bundúchasaigh na hAstráile le tamall maith, b’fhéidir na céadta bliain, sular leagadh síos rialacha dó sa naoú céad déag.
Deir an staraí Geoffrey Blainey nach bhfuil fianaise dá laghad ann go bhfuil baint aige le peil Ghaelach mar nár scríobhadh rialacha don pheil Ghaelach go dtí 1885, go gairid tar éis do Mhícheál Ciosóg agus a chairde an Cumann Lúthchleas Gael a bhunú. Ach tá fianaise níos láidre ná sin ann. Má dhéantar comparáid idir an dá shaghas peile, is féidir a rá nach bhfuil an chuma chéanna ar an liathróid, ar an bpáirc, ar na cuaillí, ar an scóráil ná ar na rialacha imeartha. Seachas sin tá siad an-chosúil lena chéile.
Leagadh síos rialacha foirmeálta don pheil Astrálach i Melbourne in 1859 ag coiste faoin gcathaoirleach Thomas Wills. Eagraíodh cúpla cluiche peile i Melbourne in 1858 ach de bharr easpa rialacha, bhí an scéal ina chiseach. B’imreoir cruicéid é Wills agus cheap seisean gur mhaith an rud é cluiche eile a bheith acu sa ngeimhreadh nuair nach mbíodh cruicéad á imirt. Bhí seachtar ar an gcoiste agus taithí ag triúr acu ar scoileanna “poiblí” (is é sin, príobháideach) i Sasana ar nós Rugby, Eton agus Harrow. B’as Éirinn duine eile a bhí ar an gcoiste a d’fhreastail ar Choláiste na Tríonóide, áit a raibh traidisiún rugbaí ach gan mórán suime i gcultúr nó traidisiúin na hÉireann.
Na rialacha
Tá gach cosúlacht ar an scéal gur ar an gcluiche rugbaí mar a imríodh i Sasana é (cé go raibh rialacha éagsúla á n-úsáid fós) a bunaíodh rialacha an choiste, ach bhí cúpla athrú suntasach i gceist freisin. Bhí béim ar chiceáil i leaba an liathróid a iompar agus béim ar an marc, is é sin breith ar an liathróid go hard san aer. Tugann sé sin buntáiste d’fhoireann amháin - cic saor gan aon bhac.
Is cosúil go raibh tionchar ag an gcluiche dúchasach marn grook (cluiche liathróide) air freisin. Bhí an cluiche sin á imirt in iarthar Victoria agus i lár na hAstráile. Tá tuairiscí nuachtáin le fáil ar chluiche marn grook ó 1841 ach is cosúil go raibh sé á imirt i bhfad roimhe sin. Sa gcluiche sin bhí an-bhéim ar chic ard agus ar léimt go hard le breith ar an gcaid. Bhí an cluiche feicthe ag Wills le linn a óige in iarthar Victoria.
Ar ndóigh, tá athrú mór tagtha ar an dá shaghas peile ó 1859. Is deis atá sna cluichí idirnáisiúnta idir an Astráil agus Éire do pheileadóirí ón dá thír a bheith ag coimhlint in aghaidh a chéile. Is rialacha idirnáisiúnta a úsáidtear sna cluichí sin ach measann imreoirí na hAstráile gur peil Ghaelach go bunúsach atá ann le cúpla mionathrú.
Bhí an ceann ab fhearr ag an Astráil i nDeireadh Fómhair na bliana seo in Éirinn. Ó cuireadh tús leis na cluichí seo i 1984 bhí an chraobh ag na cuairteoirí gach babhta ach amháin an tsraith in Éirinn i 1998. In ainneoin iarrachtaí an dá chluiche a thabhairt le chéile, is cosúil gur beag gaol atá acu lena chéile.
Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.