91
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Is iad na Sínigh an grúpa mionlaigh is mó sna sé chontae. Mar a mhínigh duine den phobal sin do Liz Curtis, áfach, tá go leor de mhuintir Bhéal Feirste doicheallach go maith rompu.
»»»Tuairisc ó Chiara Nic Gabhann ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh sna Stáit Aontaithe faoiseamh a fháil ón ealaín tar éis uafáis an 11 Meán Fómhair.
»»»Creideann Ciarán Mac an Bhaird gur fiú go mór an deis a thapú atá curtha ar fáil ag an rialtas leis an Scéim Dhreasachta Coigiltis.
»»»Tá léargas spéisiúil le fáil faoi shaol phríosúnaigh Éireannacha i Sasana sna seachtóidí ó litreacha a sheol beirt bhan Ghaeltachta chuig Rialtas na hÉireann ag an am.
»»»Insíonn Balor dúinn go heisiach anseo cad iad na bronntanais Nollag atá ceannaithe aige do chuid den dream a bhí i mbéal an phobail i rith na bliana seo.
»»»Tá Balor in éad le May Mac Ránais, údar bheathaisnéis Íosa Mhic Ghiolla Mháire, ar éirigh leis Saddam a ruaigeadh ó leathanaigh tosaigh an Sunday Dependent.
»»»Tá pobail na bhFritíortha i mbun aisghairm logainmneacha an chos ar bolg atá ar a n-ionaid dúchais, ar bhailte srl. de réir a chéile. Feictear do Bhearnaí Ó Doibhlin go mbeidh rath ar an obair mhaith.
»»»Tá Brian Ó Broin misnithe go mór lena bhfuil ag titim amach i saol na Gaeilge i Nua-Eabhrac, go háirithe i bhfianaise a bhfaca sé ag comhdháil litríochta a eagraíodh ann ar na mallaibh.
»»»Tá go leor gearán á ndéanamh in éadan Arm na Breataine sna Sé Chontae go fóill ach measann Robert McMillen go bhfuil a dtionchar ag trá de réir a chéile.
»»»Bheadh Barra Ó Donnabháin san Ionad Trádála Domhanda nuair a d’ionsaigh na sceimhlitheoirí é, murach gur cuireadh moill air. Déanann sé cur síos anseo ar an lá uafásach sin, an 11 Meán Fómhair.
»»»“Tá lucht na Gaeilge lán go draid le cleasaibh deontasaíochta” a dúirt an Coimisinéir Fiacla le Balor Béimeann, “ach tá port deiridh a gCoimisinéara Teanga seinnte ag Erectus 2011!”
»»»Na bunfhoinsí a shaibhríos caint an duine le friotail luachmhara dar le John-Paul Mc Carthy, agus chruthaigh Abraham Lincoln an méid sin.
»»»Tá cuid de na heachtrannaigh a bhfuil stádas an dídeanaí bainte amach acu sa tír seo in umar na haimléise agus iad ag fanacht ar chinneadh maidir le cé acu an dtabharfar cead dá dteaghlaigh teacht go hÉirinn. San alt seo, déanann Alan Desmond an dlí mar a bhaineann sé leis an ábhar áirithe sin a phlé.
»»»Sa tsraith seo, cuirfidh Gordon McCoy agus Róise Ní Bhaoill cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díreoidh siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: Cúrsaí éadaigh.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.