AR NA SAOLTA SEO
Impleachtaí ag Breithiúnas Cúirte ar Lucht Aistriúcháin
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

cinneadh déanta ag an Chúirt Uachtarach a chuirfidh teorann ar an mhéid reachtaíochta a chaithfear a aistriú go Gaeilge de réir an léamh atá ag Breandán Delap ar bhreithiúnas a tugadh le gairid.

Íomhá
Na Ceithre Chúirteanna
Íomhá
Óstaí an Rí, ionad oiliúna na n-abhcóidí i mBÁC
Íomhá
Na Ceithre Chúirteanna istoíche
Íomhá
Meá na Córa ag Caisleán Átha Cliath

Beidh impleachtaí móra ag cinneadh a ghlac an Chúirt Uachtarach an mhí seo caite do chearta teanga lucht labhartha na Gaeilge. Rialaigh an Chúirt ar an 6 Bealtaine nach bhfuil aon dualgas Bunreachta ann, go ginearálta, ionstraimí reachtúla a bheith ar fáil i nGaeilge. Baineann ionstraimí reachtúla le mionrialacháin agus le horduithe a dhéanann Aire Rialtais ó am go ham. Tá an chumhacht ag Aire a leithéid a dhéanamh préamhaithe i dtólamh in Achtanna Parlaiminte agus is annamh a phléitear na hionstraimí sa Dáil.

De réir an bhreithiúnais seo, caithfear rialacha na gCúirteanna a chur ar fáil i nGaeilge a luaithe agus is féidir tar éis iad a bheith foilsithe i mBéarla. Dúirt an Chúirt Uachtarach fosta nach bhfuil dualgas bunreachtúil ann Achtanna Oireachtais a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla agus gur leor an t-aistriúchán oifigiúil a fhoilsiú ‘a luaithe agus is féidir’ tar éis an bunleagan a bheith ar fáil.

Chuir cinneadh na Cúirte Uachtaraí clabhsúr ar fheachtas a mhair breis is deich mbliana chun a chinntiú go mbeadh reachtaíocht ar fáil i nGaeilge a luaithe is a bheadh sé foilsithe i mBéarla. Ach an bhféadfadh fosta go mbeadh ciallachais ann don aonad úr aistriúcháin a bhunaigh an rialtais?

Cothrom an lá céanna bliain sular eisíodh an bhreith, d’fhógair an rialtas go mbeidís ag bunú aonad aistriúcháin nua - Rannán Seirbhísí Aistriúcháin – in ainneoin go raibh cosc ar earcaíocht sa tseirbhís phoiblí agus go raibh Rannóg an Aistriúcháin ag feidhmiú cheana féin. Tá Stiúrthóir ceaptha ar an Rannán ó shin ar thuarastal de idir €97,000 agus €120,000 mar aon le liúntas de €13,000. Dúradh ag an am go mbeadh an Rannán Seirbhísí Aistriúcháin ag aistriú reachtaíocht thánaisteach ar nós ionstraimí reachtúla agus go leanfadh Rannóg an Aistriúcháin ag aistriú reachtaíocht phríomhúil. Creideadh go mbeadh ualach mór oibre ar an Rannán úr mar go mbeifí ag aistriú riaráistí d’ionstraimí reachtúla le blianta fada anuas mar aon le gach ceann úr a sholáthar i nGaeilge chomh maith le Béarla. Creidtear go mbeadh ionann is 50,000 leathanach de riaráistí i gceist.

Cás Uí Mhurchú

D’eascair an Rannán as rialú de chuid na hArd-Cúirte i gcás a ghlac Pól Ó Murchú, aturnae atá i mbun cleachtais i mBaile Átha Cliath. Bhí an t-iarratasóir ag lorg dearbhú go raibh dualgas bunreachtúil ann tiontú oifigiúil a chur ar fáil go comhuaineach don phobal i gcoitinne d’Achtanna de chuid an Oireachtais, ionstraimí reachtúla agus rialacha na Cúirte. Rialaigh an Ard-Chúirt sa bhliain 2004 go raibh a leithéid de dhualgas ann. Ach rinne an rialtas achomharc ar an chinneadh chuig an Chúirt Uachtarach. Nuair a bunaíodh an Rannán Seirbhísí Aistriúcháin, áfach, dúradh go raibh an Stát toilteanach géilleadh don phrionsabal gur cheart na hionstraimí a bheith aistrithe go comhuaineach.

Ach an bhféadfadh anois go mbeadh athrú intinne orthu de bharr rialú na Cúirte Uachtaraí san achomharc, go háirithe i bhfianaise an costas mór a bhaineann le fostú foirne aistriúcháin? Rialaigh an Chúirt Uachtarach ar an 6 Bealtaine 2010 i mbreithiúnas a d’eisigh an Breitheamh Fidelma Macken (agus an Príomhbhreitheamh Murray, Uachtarán na hArd-Cúirte Kearns, agus na Breithiúna Hardiman agus Fennelly ag aontú léi) mar seo a leanas:

  • Is é an léirmhíniú ceart ar airteagal 25.4.4 den Bhunreacht - a deir “i gcás an tUachtarán do chur a láimhe le téacs Bille i dteanga de na teangacha oifigiúla agus sa teanga sin amháin ní foláir tiontú oifigiúil eile” - nach bhfuil aon dualgas bunreachtúil ann reachtaíocht a achtú sa dá theanga oifigiúil.

  • Ní féidir leis an Stát aistriúchán ar Achtanna an Oireachtais a choinneáil siar ar feadh tréimhse ama atá míréasúnta nó a théann caol díreach i gcoinne stádas na Gaeilge mar an chéad phríomhtheanga oifigiúil atá leagtha síos in Airteagal a hocht den Bhunreacht. Is léir a dúirt an Breitheamh ‘go gcaithfear an dualgas maidir le leaganacha Gaeilge a chur ar fáil d’Achtanna an Oireachtais a chomhlíonadh laistigh de thréimhse ama réasúnta nó chomh luath agus is féidir sin a dhéanamh.’ Ba dhaingniú é seo ar an bhreithiúnas a thug an Chúirt Uachtarach sa chás cáiliúil Ó Beoláin v. Fahy. Rialaíodh sa chás seo go raibh cearta ag an Uas Ó Beoláin go gcuirfí aistriúchán de na hAchtanna um Thrácht Bóithre ar fáil taobh istigh de thréimhse réasúnta ama, cé nár tugadh sainmhíniu ar an fhocal ‘réasúnta.’

  • Níl aon dualgas ann maidir le haistriúchán d’ionstraimí reachtúla a chur ar fáil go comhuaineach óir nach bhfuil tagairt do na hionstraim in airteagal 25.4.4 den Bhunreacht.

  • Dearbhaíodh go bhfuil dualgas bunreachtúil ann rialacha na cúirte - ar a n-áirítear gach leasú, foirm agus innéacs a ghabhann leo - a chur ar fáil i nGaeilge don fhreagróir (’sé sin, Pól Ó Murchú) ina phost mar dhlíodóir a luaithe agus is féidir tar éis dóibh a bheith foilsithe i mBéarla.

Seasamh Cuí os Comhair na Cúirte

Go bunúsach is é an t-adhmad atá le baint as an bhreithiúnas seo ná nach bhfuil dualgas ar bith bunreachtúil ann aistriúchán comhuaineach a chur ar fáil don phobal i gcoitinne. Ní mór locus standi a bheith ag iarratasóir, ’sé sin, go mbeadh leas aige san ábhar atá faoi chaibidil. I bhfocail eile thiocfadh go mbeadh mórdhíoltóir earraí i dteideal leagan Gaeilge a fháil d’ionstraim reachtúil a bhaineann le praghasanna a chuid táirgí, ach ní bheadh gnáthdhuine i dteideal a leithéid mura mbeadh leas aige ann. Mar sin bhí bunús le hargóint Phól Uí Mhurchú gur cheart go mbeadh rialacha na cúirte, seachas pacáiste iomlán d’ionstraimí reachtúla, ar fáil dó siocair gur bhain na rialacha sin go sonrach lena ghairm.

Díol spéise fosta ráiteas a rinne an Breitheamh Macken: ‘go bhféadfadh, maidir le hIonstraimí Reachtúla, duine a bheith i dteideal a éileamh toisc nach bhfuil Ionstraim Reachtúil áirithe nó fiú amháin níos mó ná ceann amháin ar fáil i nGaeilge, go gcuimseodh sé sin, i gcás áirithe cosc nó bac ar dhuine den sórt sin iarracht a dhéanamh a cheart maidir leis an phríomhteanga oifigiúil a úsáid in imeachtaí cúirte a chosaint.’ Ciallaíonn sé sin nach bhfuil cosc ar dhuine ar bith ar bhonn ad hoc, cás ar chás, iarratas a déanamh go gcuirfí ionstraimí faoi leith ar fáil trí Ghaeilge ach leas a bheith ag an duine sin san ábhar. Ach níl ordú ginearálta déanta ina thaobh sin.

Breith Iomlán an tSuí Bhreithimh

Fríd is fríd, is breithiúnas cúng atá eisithe ag an Chúirt. Ach níor mhór a áiteamh go bhfuil daingniú déanta ag cúirt iomlán de chúigear Breitheamh ar an bhreithiúnas cháiliúil a deineadh sa chás Ó Beoláin v.

Fahy maidir le haistriúcháin a chur ar fáil ar Achtanna Oireachtais agus ar rialacha na gCúirteanna taobh istigh de thréimhse ama réasúnta. Tá tábhacht faoi leith le seo sa mhéid is gur láidre i bhfad i súile an dlí cúirt de chúigear breithiúna murab ionann agus cúirt de thriúr mar a bhí i gcás Uí Bheoláin. Chomh maith le sin, de bharr go raibh Breitheamh amháin – ’sé sin an Breitheamh Geoghegan - mar ghuth mionlaigh sa chás sin, ciallaíonn sé nach raibh ach beannacht beirte as ochtar chomhalta de chuid na Cúirte Uachtaraí luaite le fasach Uí Bheoláin. Is treise i bhfad anois stádas an cháis sin mar thoradh ar athdhearbhú d’aon ghuth a bheith déanta ag cúig bhreitheamh - agus an Príomhbhreitheamh agus Uachtarán na hArd-Chúirte ina measc.

Ach os a choinne sin, cuireann sé deireadh le haon tuairimíocht a bhí ann gur gá don stát cáipéisí oifigiúla cosúil le hionstraimí reachtúla a cur ar fáil i nGaeilge chomh maith le Béarla.

Tá dhá cheist eile a thagann chun cinn anois de bharr an bhreithiúnais. An gcuirfidh an rialtas deireadh lena beartais ionstraimí reachtúla a aistriú nó an ndéanfar leasú ar an bheartas sin? Agus an dara cheist ná cad é a tharlóidh don Rannán Seirbhisí Aistriúcháin nuabhunaithe mar go mbeidh an corpus oibre a bheas le déanamh acu i bhfad níba theoranta ná mar a samhlaíodh roimh an bhreithiunais?

Níor rialaigh an chúirt ar cheist costais sa chás seo go fóill.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.