I mí Eanáir na bliana seo caite cúisíodh an Dr Harold Shipman as cúig dhuine dhéag a mharú i mbaile Hyde in aice le Manchain Shasana. Meastar, áfach, gur dhúnmharaigh sé na céadta. Tá aithne ag Tony Birtill ar dhuine dá chuid othar a tháinig slán.
Thosaigh an fiosrúchán faoi Harold Shipman i mí an Mheithimh anuraidh i Halla na Cathrach i Manchain agus ní bheidh sé críochnaithe go dtí earrach na bliana seo chugainn, 2003, nuair a fhoilseofar tuarascáil an chathaoirligh, Dame Janet Smith (www.the-shipman-inquiry.org.uk).
Tá eolas maith agam féin ar Hyde, an áit ar mharaigh sé suas le 600 duine idir 1977 agus 1998, mar is as Hyde Steve Taylor, fear céile mo dheirféar Angie (cé go bhfuil siad ina gcónaí i Londain anois).
Baile ón Reabhlóid Thionsclaíoch atá ann, cosúil le go leor bailte eile thart ar Mhanchain, le muileann cadáis, sráid i ndiaidh sráide le sraitheanna tithe, canáil agus Na Pennines le feiceáil sa chúlra. Bhain mé sult as an bhaile nuair a thug mé cuairt air, mar is daoine cairdiúla iad muintir na háite; tá siad macánta, oscailte, agus tá blas láidir thuisceart Shasana ar a gcuid cainte.
Ach bhí droch-chlú ar an bhaile mar go raibh na sraithmharfóirí Ian Brady agus Myra Hyndley ina gcónaí ansin sna seascaidí.
Níor chreid mórán daoine san áit go raibh Dr Shipman ina shraithmharfóir nuair a ghabh na póiliní é i Meán Fómhair 1998 mar go raibh bunadh na háite an-tógtha leis.
Nuair a bhí Joyce Taylor, máthair Steve, tinn thart faoi Nollaig na bliana 1989, ghlaoigh Steve agus Angie ar an dochtúir ar an ghuthán. Tháinig dochtúir éigin ón Donneybrook Practice amach chuici agus dúirt sé leo nach raibh mórán mícheart léi, cé go raibh pian mhillteanach ina bolg.
Chuaigh sí in olcas ina dhiaidh sin agus bhí an-imní orthu. Chuir siad scairt ar Donneybrook arís agus tháinig an Dr. Shipman amach an t-am seo. Dúirt seisean leo go raibh aipindiciteas uirthi agus d’iarr orthu í a thabhairt chun na hotharlainne láithreach.
Bhí an ceart aige. Bhain siad an otharlann amach díreach in am, rinneadh obráid ar Joyce agus tháinig sí slán. Mar sin, bhí siad uilig an-bhuíoch de Harold Shipman. “Fear deas a bhí ann,” a dúirt Angie liom. “Cé go raibh sé cineál seanaimseartha agus leadránach, bhí sé dícheallach ina phost.”
Tá áthas ar Angie agus ar Steve, áfach, go raibh siad i láthair nuair a tháinig an Dr Shipman le Joyce a fheiceáil. Murach sin, tá seans maith ann go mbeadh sí marbh anois fosta.
Liosta feithimh
Nuair a d’fhág an Dr. Shipman an Donneybrook Practice i mí Lúnasa 1992 chun a bheith ag obair leis féin, chuaigh a lán othar leis, agus b’éigean do Joyce Taylor a hainm a chur ar an liosta feithimh chun a bheith cláraithe leis. Sa deireadh, áfach, chinn sí ar fanacht le Donneybrook.
Baineadh siar as muintir Hyde nuair a ghabh na póilíní Harold Shipman agus shínigh Joyce achainí a chuaigh thart ag iarraidh go saorfaí é. Fuair sé 200 cárta ó mhuintir na háite nuair a bhí sé sa phríosún ar dtús, ach de réir a chéile tháinig an scéal amach faoina ghníomhartha, rud a bhain geit as na daoine.
Fuarthas ciontach é as 15 dúnmharú agus cúis amháin de bhrionnú uachta ar an 31 Eanáir 2000 agus gearradh 15 téarma príosúnachta saoil air. Tá sé i bPríosún Frankland, Durham faoi láthair. Ní raibh sé sásta a admháil go ndearna sé rud ar bith mícheart agus, mar sin, níl a fhios ag aon duine go cruinn cé mhéad duine a mharaigh sé. Sin an jab atá ag an chéad chéim den fhiosrúchán i Manchain. Agus sa dara céim, beidh siad ag fiosrú an róil a bhí ag dochtúirí eile i Hyde, ag an chróinéir, na hadhlacóirí agus, ar ndóigh, na póilíní.
Bhí aithine mhaith ag Joyce Taylor ar a lán daoine a mharaigh sé, mar gur mhná a bhí ar comhaois léi ab ea an chuid is mó acu. Mharaigh sé seisear i sráid amháin, Garden Street. Thug seanfhear sa tsráid, Ken Smith, “the angel of death” ar Shipman, dá thairbhe seo, agus mharaigh an dochtúir é féin agus a dheartháir Sid.
Duine gan trua a bhí ann, ach cad é faoi ról a mhná céile, Primrose, a bhí i láthair nuair a mharaigh sé cuid de na daoine? De réir gaolta, ghoid sí seodra agus ornáidí ó na híospartaigh, agus fuarthas earraí mar seo ina dteach. Bhí na gaolta seo an-sásta nuair a thug Dame Janet Smith subpoena do Primrose Shipman i mí na Samhna. “Am amú,” a dúirt gaol amháin tar éis fhianaise Mrs Shipman, áfach, mar “ní cuimhin liom” an freagra a thug sí an chuid is mó den am. Mhaígh sí nach ndearna Harold Shipman dochar ar bith do dhuine ar bith ina shaol.
Sa bhliain úr beidh na póiliní ag tabhairt fianaise agus beidh sé suimiúil a gcuid leithscéalta a chloisteáil. Bhí amhras ag roinnt daoine i Hyde ar Harold Shipman agus chuir siad an t-eolas seo chuig Greater Manchester Police (GMP). Thug an t-adhlacóir faoi deara, mar shampla, go raibh níos mó custaiméirí aige ná adhlacóir ar bith eile sa réigiún, agus thug Dr Linda Reynolds, ón Brook Surgery i Hyde, faoi deara go raibh barraíocht seanothar de chuid Shipman ag fáil an bháis sa dóigh chéanna. Rinne an GMP fiosrúchán i Márta 1998 ach dúirt siad sa deireadh nach raibh cúis imní ann. I mí Lúnasa an bhliain chéanna, ar ndóigh, thug gaolta Kathleen Grundy faoi deara go raibh a huacht athraithe agus chuir siad an locht ar an Dr. Shipman. Ina dhiaidh sin, b’éigean do na póilíní fiosrúchán eile a chur ar bun agus tháinig an scéal amach.
Ní raibh iontas ar dhaoine nuair a léirigh na figiúirí oifigiúla an mhí seo caite go raibh an GMP i measc na bhfórsaí is measa sa tír - níor éirigh leo ach níos lú ná 10% de na coireanna sa réigiún a réiteach.