193
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Chuir clár a chonaic sé ar TG4 le déanaí Colm Mac Séalaigh ag machnamh ar ré órga na hiomána sna nóchaidí.
»»»Tá Tara Connaghan, fidléir arb as Na Gleannta i dTír Chonaill í, díreach tagtha ar ais go hÉirinn tar éis di a bheith ar camchuairt san Fhionlainn. Labhair Antaine Ó Faracháin léi le gairid faoin gcamchuairt sin agus faoina spéis fhairsing sa cheol.
»»»Tá Ciara Nic Gabhann ag súil go mór le cuairt a thabhairt ar thaispeántas de shaothar an ealaíontóra Shasanaigh Lucian Freud a bheidh le feiceáil i mBaile Átha Cliath ón mhí seo ar aghaidh.
»»»Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar Dhánlann Uí Chionnaith i nGaillimh agus labhair le duine de na húinéirí, Tom Ó Cionnaith.
»»»Tá gnóthaí ag téamh i SAM an mhí seo ach dar le Brian Ó Broin, ní gnóthaí aimsire is bun leis an ardú teasa an iarraidh seo, ach corraíl pholaitíochta a d’fhéadfadh cor a chur i leagan amach polaitíocht SAM ar an mórgóir.
»»»Is é dearcadh mhuintir na hAstráile é gur ceart an deis chéanna, nó mar a deir siad, ‘a fair go’, a thabhairt do chách. Feictear do Bhearnaí Ó Doibhlin go roinntear an chóir le daoine an chuid is mó den am ach is cosúil go bhfuiltear ag déanamh leithcheala ar aicme amháin faoi láthair.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Anne Marie Nic Ruaidhrí, Dáil Uladh, Gort an Choirce, iarthuaisceart Dhún na nGall.
»»»Is beag duine nach bhfaigheann teachtaireacht ríomhphoist go rialta mar gheall ar víreas ríomhaireachta - ach ní bhíonn bunús ar bith le formhór na dteachtaireachtaí sin. Is minic a scaiptear teachtaireachtaí mar gheall ar víris bhréige (nó “hoax viruses") agus tá sé deacair idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo agus rabhadh ar chóir aird a thabhairt air.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: faoin tír san oíche.
»»»Tá imní agus fearg ar Tony Birtill mar go bhfuil rudaí gránna, aisteacha agus míchuí á gcur i mbaill áilleachta timpeall Ghleann Cholm Cille. Ach ní hé gur déagóirí ná loitiméirí atá á dhéanamh, ach na forais úd a dhéanann cúram d’oidhreacht na tíre.
»»»‘Bliain leat is bliain i do choinne.’ Tuigeann Colm Mac Séalaigh go gcaithfidh foireann agus a gcúltaca sa gclub an bua a bhlaiseadh ó am go chéile lena gcoinneáil misnithe.
»»»Léiríonn seasamh na bhfoirne as Cúige Laighean sa sraithchomórtas náisiúnta go bhfuil an ceart acu siúd a deir go bhfuil an iománaíocht sa chúige sin ag dul i léig, dar le Colm Mac Séalaigh.
»»»Bhí Robert McMillen i láthair ag léacht i nGort na Móna, Béal Feirste, inar thug Bernadette McAliskey léaró agus rabhadh faoina mbeidh ag titim amach ó thuaidh.
»»»Chaith Máire Ní Chuagáin sé seachtaine ag obair go deonach le hainmhithe san Afraic Theas i mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh i mbliana agus chuir an méid a dfhoghlaim sí faoin tseilg mhídhleathach déistin ceart uirthi.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.