CÚINNE NA nEALAÍON
Dánlann agus Siopa Leabhar Uí Chionnaith: ag dul ó neart go neart
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar Dhánlann Uí Chionnaith i nGaillimh agus labhair le duine de na húinéirí, Tom Ó Cionnaith.

Íomhá
Íomhá
Des Kenny ag díol leabhar ag Seó Talmhaíochta na Gaillimhe sna daichidí
Íomhá
Íomhá
Tom Ó Cionnaith le píosa snoídóireachta de chuid John Coen

Suite i gceartlár chathair na Gaillimhe, i measc na sráideanna plódaithe spleodracha, tá siopa leabhar agus dánlann Uí Chionnaith www.kennys.ie, an chéad dánlann ealaíne a osclaíodh riamh in iarthar na hÉireann.

Thosaigh Maureen agus Desmond Ó Cionnaith an siopa sna 40í; ag an am ní raibh ann ach seomra amháin agus an lánúin ina gcónaí i gcúl an tí. Leabhair a bhailigh siad agus a thug daoine dóibh a bhí ar díol acu ag an tús agus in ainneoin go raibh cogadh ag dul ar aghaidh agus nach raibh mórán airgid ag daoine ag an am, bhí siad díograiseach agus bhí fís acu.

Mhínigh Tom Ó Cionnaith dom gurbh í a mháthair a thosaigh ag cur spéise i gcúrsaí ealaíne agus ceardaíochta ar dtús sna 50í agus í ag smaoineamh ar bhealaí nua chun daoine a mhealladh chuig an siopa. Chuireadh sí taispeántais de cheardaíocht áitiúil ar siúl agus mheall na píosaí sníodóireachta ildaite a bhí crochta taobh amuigh den siopa an t-ealaíontóir Kenneth Webb, péintéir cailiúil a dhéanann stáidéar ar bhláthanna agus ar phortaigh Chonamara, isteach. Thosaigh cairdeas fada eatarthu a spreag muintir Uí Chionnaith le díriú ar chúrsaí ealaíne. Beidh an dánlann ag ceiliúradh 50 bliain an bhliain seo chugainn.

Dúirt Tom liom go raibh cuimhne aige ar na taispéantais luatha seo, go háirithe grianghrafanna a tháinig ón Ghearmáin i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda agus ar thaispeántais na nImpriseanaithe Francacha. Is cuimhin leis fosta nuair a bhí an t-ealaíontóir cáiliúil Paul Henry le teacht isteach chun taispeántas a mhná, Mabel Young, a oscailt ach, de bharr a dhrochshláinte, gurbh éigean don scríbhneoir Uaitéir Ó Maicín teacht ina áit ag an nóiméad deireanach.

De réir mar a bhí gnó na leabhar agus na healaíne ag fás, bhí Desmond Ó Cionnaith ag déanamh taighde ar chúrsaí margaíochta agus easpórtála. Dúirt Tom liom nach raibh mórán cur amach ag daoine ar a leithéid de rud ag an am ach gur thuig a athair chomh tábhachtach is a bhí sé margaíocht agus poibíocht cheart a dhéanamh chun a bheith ábalta fás agus forbairt.

Prionsabal

Eagraíonn an dánlann isteach is amach ar 16 thaispeántas d’ealaíontóirí aonair gach bliain, chomh maith le taispeántais aisbhreathnaitheacha. Tá sé mar phrionsabal ag muintir Uí Chionnaith tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí nua atá díreach ag dul i mbun oibre, chomh maith le taispeántais a eagrú de dhaoine fadbhunaithe a bhfuil clú agus cáil orthu cheana féin, leithéidí Charles Lamb, Gertrude Degenhardt, Jack B. Yeats agus Andy Warhol.

Bíonn saothar ealaíontóirí na hÉireann chomh maith le saothar ealaíontóirí ar cuairt ón Eoraip agus Meiriceá le feiceáil sa dánlann agus bíonn réimse leathan téamaí i gceist.

I gcónaí ag smaoineamh ar dhóigheanna nua chun teagmháil a dhéanamh leis an phobal agus coinneáil céim amháin chun tosaigh ar na hiomaitheoirí, lainseáil muintir Uí Chionnaith dánlann shamhalta ar an idirlíon le déanaí www.kennys.ie/virtualexhibition/p_reaney/index.shtml. Is é an chéad taispeántas atá le feiceáil sa dánlann seo ná saothar ealaíontóra áitiúil darb ainm Pádraig Ó Ráinne, as an Cheathrú Rua.

“Tá aithne mhaith ar Phádraig sa taobh seo tíre agus bhí taispeántais aige sa Bhreatain Bheag, sa tSeapáin, agus sa Bhreatain,” a dúirt Tom liom. Tá seantaithí acu ar a bheith ag obair ar chúrsaí idirlín ó thaobh na leabhar de agus tá sé dochásach go n-éireoidh go maith leis an suíomh úr ealaíne seo.

Tá saothar dealbhóireachta de chuid John Coen le feiceáil faoi láthair i ndánlann Uí Chionnaith. Ba ortadóntóir é Coen atá anois tiontaithe i dtreo na healaíne. Cruthaíonn sé drámaí beaga as cré-umha atá bunaithe ar théamaí as miotaseolaíocht na gCeilteach agus na Meánmhara.

Is geall le taisce na séad é siopa agus dánlann Uí Chionnaith. Chomh luath is a shiúlann tú isteach, meallann rud éigin ar nós seanléarscála atá ar díol ann an tsúil nó ceann de na grianghrafanna de chuairteoirí cáiliúla atá crochta ar fud na háite, gan trácht ar an stór mór pictiúr, dealbh agus priontaí.

Chomh maith leis sin, tá suas le 30,000 leabhar, idir chinn nua agus athláimhe, teidil as cló agus cnuasach seandachtaí sa siopa trí urlár seo. Líonann siad gach poll agus prochóg sa siopa.

Oibríonn Maureen Bean Uí Chionnaith sa siopa go fóill, chomh maith le cúigear as a seisear páistí agus roinnt dá garpháistí. Is speisialtóirí leabhar, ealaíne, leabharcheangail agus easpórtála an chlann agus, dá bhrí sin, is cinnte gur ó ghlúin go glúin chomh maith le ó neart go neart atá siopa agus dánlann Uí Chionnaith ag dul.

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile tha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.