TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Dáil Uladh
Anne Marie Nic Ruaidhrí Anne Marie Nic Ruaidhrí

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Anne Marie Nic Ruaidhrí, Dáil Uladh, Gort an Choirce, iarthuaisceart Dhún na nGall.

  1. Cén ról atá agat féin san eagraíocht agus cén fhad atá tú sa phost?

Is Éascaitheoir Forbartha mé agus tá mé sa phost ó bhí mí Iúil 2002 ann.

  1. Cá huair a bunaíodh Dáil Uladh agus cé a bhunaigh é?

Bunaíodh Dáil Uladh go hoifigiúil sna 1980í nuair a tháinig daoine ó cheantar Chloich Cheann Fhaola agus Aontroim Thuaidh le chéile agus é mar phríomhaidhm acu úsáid na teanga a spreagadh.

  1. Cén fáth ar bunaíodh é?

Bunaíodh Dáil Uladh leis an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a spreagadh agus a chothú i measc lucht foghlamtha ón taobh amuigh agus i measc mhuintir an cheantair. Fosta, leis an nasc a láidriú idir ceantar Chloich Cheann Fhaola agus Aontroim Thuaidh. Tá an nasc idir an dá cheantar seo ag gabháil siar go dtí 1906 nuair a bunaíodh Coláiste Uladh i nGort an Choirce.

  1. Cé mhéad duine atá fostaithe san eagraíocht?

Duine amháin atá fostaithe go lánaimseartha ach cuireann Dáil Uladh fostaíocht shéasúrach ar fáil do theagascóirí agus gnó do na daoine sa cheantar a bhíonn ag plé le lóistín, bia agus taisteal.

  1. Cén obair atá idir lámha agaibh faoi láthair?

Ritheann Dáil Uladh imeachtaí deireadh seachtaine agus dianchúrsaí Gaeilge i rith na bliana. An chéad imeacht eile a bheas ar siúl ná deireadh seachtaine coimhéadta éan ar Thoraigh, ag toiseacht ar an 7 Meitheamh. Coicís ina dhiaidh sin, ar an 21 Meitheamh, beidh deireadh seachtaine péinteála againn ar Inis Bó Finne. Beidh dhá chúrsa Ghaeilge seachtaine do theaghlaigh agus do dhaoine fásta á reáchtáil againn i mí Iúil; beidh an chéad cheann ar siúl idir Dé Domhnaigh, 6 Iúil agus Dé Sathairn, 12 Iúil, agus an dara ceann idir Dé Domhnaigh, 13 Iúil agus Dé Sathairn, 19 Iúil. Tá áiteacha ar fáil ar an dá chúrsa seo go fóill.

Tá muid ag cur plean gnó le chéile agus ag iarraidh ionad buan a aimsiú leis an eagraíocht a lonnú.

Tá muid ag obair ar shuíomh gréasáin a thabharfas eolas ar an cheantar agus ar na cúrsaí atá á dtairiscint againn.

  1. An bhfaigheann sibh maoiniú ar bith ón stát? Má fhaigheann, an leor é mar dheontas?

Fuair muid deontas tuarastal ó Fhoras na Gaeilge ar feadh tréimhse bliana go dtí Iúil 2003 ach tá ár n-iarratas don chéad bhliain eile diúltaithe acu, mar sin níl a fhios againn cad é atá i ndán dúinn anois.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach agaibh?

Tá cuid acu bainte amach againn agus tá muid ag obair go crua ar an chuid eile a chur i gcrích. Glacfaidh sé am próifil na heagraíochta a ardú agus tá sé seo thar a bheith deacair gan buiséad margaíochta. Tá muid ag brath go mór ar fhocal béil agus dea-mhéin daoine ar suim leo an teanga.

  1. Cad iad na láidreachtaí agus na laigí a bhaineann leis an eagraíocht?

Láidreachtaí:

Tá muid lonnaithe i gceantar álainn Gaeltachta Ghort an Choirce. Is teagascóirí áitiúla ar fad a bhíonn againn. Tá nasc láidir trasteorann mar chroí-pháirt den eagraíocht. Tá a fhios againn cén áit ar mhaith linn a dhul. Tá margadh amuigh ansin dár gcuid cúrsaí agus imeachtaí. Tá coiste maith againn.

Laigí:

Níl buiséad margaíochta againn faoi láthair. Tá Foras na Gaeilge tar éis diúltú dár n-iarratas. Níl ionad againn féin go fóill.

  1. Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag Dáil Uladh faoi cheann cúig bliana.

Ionad a aimsiú agus a fhorbairt. Níos mó cúrsaí a rith i rith na bliana. A bheith ábalta níos mó margaíochta a dhéanamh.

  1. Cén fhís atá agat féin don eagraíocht agus don Ghaeilge?

Go leanfaidh sí ag fás agus ag láidriú mar eagraíocht atá ag cur na Gaeilge chun cinn agus go mbeidh níos mó cuidithe ar fáil ón stát d’eagraíochtaí mar seo. Ceapaim nach dtuigeann an rialtas an méid oibre atá á dhéanamh ag eagraíochtaí mar Dháil Uladh ar mhaithe leis an Ghaeilge.

Is as Toraigh ó dhúchas í Anne Marie Nic Ruaidhrí. Tá sí ina cónaí i nGort an Choirce anois.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.