Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: faoin tír san oíche.
Fuair Cormac an teach ar iasacht ó Fhionn le seal a chaitheamh ann le linn na bliana úire. Ba seo an chéad uair a fágadh Cormac i gceann shocruithe na saoire nó b’Eilís a bhí ina gceann i gcónaí go dtí seo. Agus cé nach dtiocfadh léi cur i gcoinne ghníomh Chormaic, bhí sé ag cur uirthi mar sin féin nach raibh a fhios aici cén cinéal áite a raibh sí ag tarraingt uirthi. Ach níor lig sí a dhath uirthi féin nó bheadh Cormac ar daoraí dá mbeadh a fhios aige go raibh a leithéid de smaointe ag dul thart ina ceann.
“Níl a fhios agam fá dtaobh díotsa,” arsa Cormac, “ach tá mise ag tnúth leis an tsaoire seo. Deir Fionn liom go bhfuil sé doiligh an áit a bhfuil an teach seo suite ann a bhualadh amach. Beidh do dhá shúil ag dul amach ar do cheann. Fan go bhfeicfidh tú.”
Mhol Eilís leis, ach bhí sí ag meabhrú di féin gur Fionn a bhí breá réidh leis na bréaga. Bheadh le feicéail; bhí siad ag fágáil fá cheann uaire agus bheadh siad ag teach saoire Fhinn thart fá am tae.
Chuir siad deireadh sa charr agus ní raibh siad i bhfad ag tiomáint gur thit néal ar Eilís agus níor mhuscail sí arís gur mhothaigh sí siorradh fuar thart fá na murnáin. Bhí doras an chairr foscailte agus bhí Cormac ina sheasamh os a choinne ag amharc uaidh.
Chuir Eilís a ceann amach ar an fhuinneog agus dúirt: “Cá bhfuil muid anois?”
“Caithfidh sé go bhfuil muid i ndeas dó, nó lean mé na treoracha a thug Fionn domh focal ar fhocal agus ní thig leis gur cosán ar bith eile é ach é seo,” arsa Cormac.
“Suigh isteach, bhuel,” arsa Eilís, “agus rachaidh muid suas.”
Níor bhog Cormac bomaite. Bhí droch-chuma ar an mhéid den chabhsa a bhí ag nochtadh roimhe. Bhí cruit féir i lár an chabhsa a bhí ag imeacht uaidh sa dorchadas mar a bheadh péist lúbach ghlas ann. Bhí an log a bhí ar dhá thaobh na cruite chomh híseal sin agus go mbeadh obair aige gan a dhul in abar leis an charr. Rinne sé ar ais ar Eilís.
Shuigh sé isteach agus dúirt: “Tá mé ag dul suas an cabhsa seo giota go bhfeicfidh mé an dtig biseach ar bith air. Níl a fhios agam an dtiocfadh liom an carr a thabhairt suas gan dochar a dhéanamh.”
“An bhfuil sé chomh holc sin?” arsa Eilís.
“Níl an dea-chuma air,” arsa Cormac, agus thóg sé lóchrann a bhí i bpóca taoibh an chairr agus amach leis arís.
Shuigh Eilís ansin ag fanacht leis agus fán am ar phill sé bhí sí conáilte.
“Bhuel?” arsa Eilís.
“Níl sé i bhfad suas. Thig liom toirt tí a fheiceáil uaim sa dorchadas. Thig linn a shiúl,” ar seisean.
“Siúl!” arsa Eilís. “Chosain na bróga seo £100 agus tá tusa ag iarraidh orm iad a chur ar maos i bportach inteacht.”
“Seo, caith ort seanphéire inteacht. Nach bhfuil bróga siúil leat?”
“Tá,” ar sise, “ach beidh a bhfuil de thrioc linn le cuardach agam lena bhfáil. Dhéanfaidh mé gnaithe breá.”
“Is agat féin atá sé le déanamh,” arsa Cormac.
Chuir siad an glas ar an charr agus suas leo an cabhsa. Sula raibh siad fá chúpla céad slat, chuaigh Eilís amach ar a murnán. Lig sí scread.
“Cad é a tháinig ort?” arsa Cormac.
“Ná foscail do bhéal,” ar sí. “Tá a fhios agam féin gur maith an iarraidh orm é. D’fhéad mé na diabhal bróga a athrú.”
“Seo, níl neart air. Cuir do lámh faoi m’ascaill go bhfaighidh muid suas a fhad leis an teach.”
Rinne Eilís taca le Cormac agus bhain siad doras tosaigh an tí amach taobh istigh de chúpla bomaite. Thit aghaidh Eilís nuair a chonaic sí an rud a bhí roimpi. Prochóg dhéanta. Bhí téada damhain alla ar na fuinneoga agus bhí féar ag fás sa gháitéar. Chuir Cormac an eochair sa doras agus chas sé í. Bhuail an boladh tais iad beirt ar an toirt. Chuir Cormac suas a lámh le lasc an tsolais a aimsiú ach ní raibh a leithéid ann.
“Ná habair liom nach bhfuil solas féin sa teach,” arsa Eilís. “Fan go bhfeicfidh tú, ní bheidh stioc uisce ann ach an oiread.”
Agus ní raibh.
“Dá mbeadh Fionn sin agam anois dhéanfainn dhá leath de.”
“Ní rachaidh mé ina mhuinín go deo na ndeor arís,” arsa Cormac. “Ní bhíonn aige ach caisleáin óir.”
Amach leo agus d’fhág siad cibé beo nach raibh daonna ina ndiaidh nuair a tharraing siad an doras ina ndiaidh.
“An bhfuil ‘Bia agus Leaba’ ar bith thart anseo, do bharúil?” arsa Cormac agus é féin agus Eilís ag bacadradh leo i dtreo an chairr.
Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.