Chaith Máire Ní Chuagáin sé seachtaine ag obair go deonach le hainmhithe san Afraic Theas i mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh i mbliana agus chuir an méid a dfhoghlaim sí faoin tseilg mhídhleathach déistin ceart uirthi.
Is iomaí contrárthacht atá san Afraic Theas mar thír: an deighilt idir na ciníocha; an deighilt idir saibhir agus bocht; tithe móra millteacha cúpla méadar ó bhaile seantán; daoine ag saothrú na gcéadta milliún rand ó ór na tíre agus páistí ag freastal ar scoil gan leabhair, gan áiseanna agus amanna gan mhúinteoir.
Ní raibh mé ag iarraidh neamhaird a thabhairt ar riachtanais dhaoine bochta na hAfraice Theas, ach chuaigh mé féin ansin ag lorg eolais agus taithí ar chaomhnú an chomhshaoil. Agus mé ar a thóir sin, d’fhoghlaim mé nach bhfuil sé éasca nó simplí an dúlra dúchasach a chosaint, agus nach bhfuil gach éinne ar aon intinn faoi céard is cothú ann.
Gan mórán amhrais, is í Páirc Náisiúnta Kruger príomháis na tíre ó thaobh na turasóireachta de. Bhí mé féin i Kruger faoi dhó, agus chonaic mé an t-uafás ainmhithe, idir eilifintí, wildebeest, dhobhareacha, shéabraí, shioráif agus leoin, agus bhí an t-ádh orm fiú síota a fhesicint. Tagann na céadta míle turasaóir chuig an Afraic Theas, an Bhotsuáin agus an Namaib chun na hainmhithe seo a fheiscint ina ngnáthóg nádúrtha. Is iomaí áit ina bpóraítear leoin, agus ina dtugtar deis do thurasóirí siúl leis na hainmhithe seo. Ach má tá pórú mar seo i gceist, cá dtéann na hainmhithe ina dhiaidh sin?
Fad is a bhí mé san Afraic Theas, fuair mé amach faoin thionscal ar a dtugtar canned hunting, ar rud déisteanach agus uafásach é. Go bunúsach, íocann sealgairí trófaithe, a thagann ó chuile chearn den domhan, airgead mór (suas le $10,000 uaireanta) chun ainmhí a mharú i spás fálaithe. Uaireanta, bíonn siad tar éis drugaí a thabhairt don ainmhí, agus i spás fálaithe mar seo ní bhíonn deis dá laghad aige éalú. Ní bhíonn siad ag iarraidh an t-ainmhí a ghoin sa cheann, toisc gur sin an trófaí a bhíonn in airde ar bhalla an tsealgaire, agus mar sin tógann sé níos faide ar an ainmhí bás a fháil. Amanna, fágann siad an t-ainmhí i bpian, chun breathnú air ag fualaingt agus ag streachailt leis na mbás.
Má íocann tú an praghas ceart, is féidir leat teacht ar ainmhithe atá i mbaol fiú, tíogair agus síotaí, cuir i gcás, do canned hunt. Chonaic mé grianghraif de canned hunt ar siúl agus, glac uaimse é, níl aon rud fearúil nó galánta faoi. Ní fiach é, cé go gcuirtear i gcéill in amanna gur fíorfhiach é. Sa ghrianghraf a chonaic mise, bhí an leon ag smúrthacht thart in aice le fál leictreach ní fhéadfaí a rá nach *canned hunt *a bhí ann. Ach ba chuma leis an duine a bhí taobh thiar den ghunna; bhí seisean (nó sise) fós in ann grianghraif a thógáil de nó di féin leis an tseilg, agus fós in ann scéalta móra a inseacht dá c(h)airde faoi.
Leithscéalta
Is gnó mór é an canned hunting. Cloisfidh tú na leithscéalta ar fad is ar mhaithe le cothú na n-ainmhithe a dhéantar é, de réir dealraimh! Nuair a bhí mé féin san Afraic Theas, bhí caint faoi thús a chur le fiach i bPáirc Kruger, chun líon na n-eilifintí a choinneáil faoi smacht. Dúradh ar chlár náisiúnta cúpla bliain ó shin go raibh leoin á dtógáil ó Pháirc Kruger trí bhearnaí éagsúla san fhál, ach níor deisíodh iad seo i ndiaidh an chláir. Is cosúil go bhfuil duine áirithe ag déanamh airgid as. Ach fós féin cuirtear Kruger os comhair an tsaoil mar áit ina bhfuil na hainmhithe sábháilte ina ngnáthóg nádúrtha.
Chaith mé féin sé seachtaine ag obair ar thionscadal i Mpumalanga, san Enkosini Wildlife Sanctuary. Is áit fhíorálainn, shíochánta é Enkosini, atá suite ar bharr cnoic, uair an chloig tiomána ón gcéad teach eile. D’fhéadfainn maireachtáil go buan ann, saor ó bhrú an tsaoil mhóir!
Cúpla bliain ó shin, cheannaigh úinéirí Enkosini ocht leon a bhí tógtha acu. Bhí saineolas acu faoin tslí a n-oibríonn an tionscal canned hunting, bhí siad go treán ina choinne agus gan eagla orthu é seo a rá go poiblí. Cheannaigh siad na coileáin chun a chinntiú nach ndíolfaí le lucht an *canned hunting *iad. D’fhás scéal fada casta as seo, áfach. Cuireadh bac orthu arís agus arís eile ceadúnas a fháil chun na leoin a bheith acu. Ar deireadh thiar, thóg siad na leoin go hEnkosini, áit ar chónaigh siad ar feadh aon mhí dhéag. Is saineolaithe iad úinéirí Enkosini, agus bhí áit bhreá shábháilte ag na leoin le cónaí inti.
Tugtar frithghiniúint do na leoin ionas nach mbeidh pórú i gceist. Ach bhí daoine áirithe ag iarraidh nach mbeadh na leoin ann, daoine a raibh a fhios acu go maith go raibh Enkosini go hiomlán i gcoinne canned hunting. Lá amháin, thuirling eitleán san áit go mídhleathach agus tógadh na leoin. Do mhuintir Enkosini, b’ionann seo agus páistí a thógáil uathu. Trí bliana níos déanaí, tá muintir Enkosini fós ag troid chun ceadúnas a fháil agus chun na leoin a fháil ar ais. Tá siad fós ag feitheamh lena gcás a thabhairt os comhair cúirte.
Cuireann sé iontas orm chomh míchothrom is atá scéal leoin Enkosini. Tá obair fhíormhaith ar bun ag Enkosini chun dúlra dúchasach na hAfraice Theas a chothú, agus fiú gan na leoin a bheith ann, déanann siad sárobair ar son na n-ainmhithe agus ar son na ndaoine a theánn ann. Má leantar ar aghaidh ag marú ainmhithe na hAfraice chun a gcinn a chur in airde ar bhallaí daoine sa Ghearmáin, sna Stáit Aontaithe, sa Bhreatain nó san Afraic, déanfar anam na hAfraice a stróiceadh uaithi.
Caithfear bheith ar an eolas faoi *canned hunting *agus gan tacú lena leithéid níl aon chúis leis. Caithfear tacú le háiteanna mar Enkosini atá ann ar chúis amháin: chun grá agus meas ar an gcomhshaol dúchasach a chothú.
Nóta: Tá tuilleadh eolais le fáil faoi Enkosini Wildlife Sanctuary agus canned hunting le fáil ag www.enkosini.com.
Is as Cill Mhantáin ó dhúchas í Máire Ní Chuagáin. Bhain sí céim amach sa stair agus sa Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide in 2002 agus chaith sí dhá bhliain ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ina dhiaidh sin.