128
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tráchtann Donncha Ó hÉallaithe san alt seo ar Michael D. Higgins, an tUachtarán nuathofa, ón aithne a bhí aige ar an bhfear. Deir sé gur bua mór don tír, é a bheith roghnaithe as an seachtar a bhí ag seasamh.
»»»Cé go bhfuil a míshástacht léirithe ag eagrais Ghaeilge agus Ghaeltachta faoin chinneadh Oifig an Choimisinéara Teanga a chomhcheangal le hOifig an Ombudsman, ní gach duine a bheas míshásta faoi, dar le Breandán Delap.
»»»Chuaigh Alan Desmond chun cainte le cara na conspóide le blianta anuas, Eoghan Harris. Níor chuir fear Chorcaí fiacail ann, ach murar chuir, chuir sé céadchonsan an fhocail chéanna sin ann sách minic le linn na cainte agus é ag trácht ar na daoine a casadh dó le linn a shaoil oibre in RTÉ agus lasmuigh de.
»»»“Ré dhorcha” a thugann Máirtín Ó Muilleoir ar an tréimhse ar toghadh mar chomhairleoir de chuid Shinn Féin é ar Chomhairle na Cathrach i mBéal Feirste. Bhuaigh sé an suíochán i mí Dheireadh Fómhair 1987 agus an mhí dar gcionn, ar an 8 Samhain, maraíodh aon duine dhéag agus gortaíodh trí scór i mbuama Inis Ceithleann. An bhliain sin, chaill breis is céad duine ar fad a mbeatha i gcoimhlint fhuilteach na Sé Chontae.
»»»Thrácht Státrúnaí an Tuaiscirt le déanaí ar an dóigh a mbraitheann Protastúnaigh sna Sé Chontae go bhfuil siad i dteach fuar. Feiceann Robert McMillen comharthaí áirithe a léiríonn go raibh an ceart ag John Reid.
»»»Is cúis iontais é, dar le Dáithí Ó Colchúin, nár maraíodh aon duine nuair a bhuail an Cuaranfa Larry an Astráil an mhí seo caite.
»»»Tá leideanna comhairle ag Roseanne Smith duit más ag plé leis an bpobal a bhíonn tú. Dála an scéil, ar mhaith leat do shiopa féin a chruthú ar Facebook? B’fhéidir gur seo é an tús a raibh tú ag fanacht leis.
»»»Ní leithne an t-aer ná an timpíste a deir an seanrá. Is fánach mar a tharlaíonn sa teach féin nó faoin sliabh ard, ach is faide a bheas tú ag fanacht le tarrtháil más amuigh ar an sliabh a thiteann sé amach. Thit cara le Tony Birtill ar a’ Mhònadh Ruadh in Albain ar na mallaibh, titim a ghortaigh go dona é agus a thug a bhás.
»»»Tá cur síos ag Liz Curtis an mhí seo ar chathair ilchultúrtha Londan, áit ar chaith sí tréimhse le déanaí.
»»»Níl aon ghréasan gan sreang sa bhaile ag Diarmaid Mac Mathúna agus béigean dó an-dua a chur air féin chun ceann a aimsiú.
»»»Seo sliocht as an leabhar Idir dhá thír. Sceitsí ó Cheanada le Pádraig Ó Siadhail, a fhoilseofar go luath.
»»»Chas Colm Mac Séalaigh le réiteoir de chuid Chumann Lúthchleas Gael a bhfuil taithí 25 bliain de réiteoireacht ag gach leibhéal anois aige. D’ainneoin na béicíola agus an díspeagadh go léir, níor chuir sé isteach air cibéard a dúradh nó a scríobhadh tar éis cluiche.
»»»Ceisteanna bradaíola idirnáisiúnta cúpla céad bliain ó shin agus iarsmalannaíocht ár linne féin is ábhar don alt seo le Ciara Nic Gabhann. An gcaithfear ar goideadh a thabhairt ar ais anois?
»»»Féachann Pat Butler siar ar shaol Bhúistéir na mBalcán, Slobodan Milosevic, a cailleadh sa Háig an mhí seo caite.
»»»Mar chloch ar charn Mháire Nic Suibhne-Brugha a scríobh Pat Butler an t-alt seo, alt a léireofas don ghlúin óig aníos blas éigin dá stuaim agus dá héirim uasal.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.