AR NA SAOLTA SEO/SEAL LE LIZ
An déantóir is mó diúracán lonnaithe i nDoire
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

Tá ionad i nDoire ag Raytheon, an comhlacht Meiriceánach a tháirgíonn na diúracáin atá á n-úsáid ag na comhghuaillithe san Iaráic. Labhair Liz Curtis le roinnt daoine sa chathair sin atá páirteach i bhfeachtas in éadan an chomhlachta.

Íomhá
Múrmhaisiú a rinne mná, Free Derry Corner
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Jim Keys agus Robbie McVeigh ó FEIC le seic – "airgead fola" do Chomhairle Chathair Dhoire
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Fógra bunaithe ar an mhúrmhaisiú clúiteach "You are now entering Free Derry"
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Mairéad Corrigan Maguire, feachtasóir ar son na síochána, ag labhairt os comhair oifigí Raytheon i nDoire
Grianghraf: Liz Curtis

Agus an t-eagrán seo de *Beo! *á ullmhú, tá na mílte diúracán ag pléascadh fud fad na hIaráice, iad á scaoileadh ag airm na Stát Aontaithe agus na Breataine. Tá daoine ag fáil bháis agus á ngortú mar gheall orthu, sibhialtaigh agus páistí san áireamh, agus na mílte foirgneamh scriosta acu.

Is é an comhlacht ollmhór Meiriceánach, Raytheon, ag a bhfuil ionad bogearraí i nDoire, a rinne an chuid is mó de na diúracáin seo. Tháinig Raytheon go Doire i 1999, agus ba é an polaiteoir mór le rá John Hume, a bhain Duais Síochána Nobel mar gheall ar an pháirt a bhí aige i bpróiseas na síochána in Éirinn, a mheall anseo iad. Tá tacaíocht iomlán ag Raytheon ó Chomhairle na Cathrach.

Ó tháinig an comhlacht, tá feachtas díograiseach fuinniúil ag dul ar aghaidh le hé a dhíbirt ón cheantar. Anois, agus daoine ag fulaingt gach lá san Iaráic mar gheall ar dhiúracáin de chuid Raytheon, tá na feachtasóirí iontach feargach.

Deir an gníomhaíoch cearta daonna, Dr Robbie McVeigh: “Sular thosaigh an cogadh, thug muid litir phearsanta d’achan chomhairleoir cathrach ag impí orthu seasamh a ghlacadh in éadan Raytheon. Muna ndéanann siad sin, beidh siad freagrach as rud éigin tromchúiseach. Roimh i bhfad, beidh níos mó marbh san Iaráic ná an 4,000 duine a fuair bás inár dTrioblóidí féin in Éirinn. Beidh diúracáin Raytheon freagrach as cuid mhór den sléacht sin.”

Nuair a tháinig Raytheon go Doire, bunaíodh eagraíocht darb ainm FEIC, nó Foyle Equitable Investment Campaign. Is é aidhm FEIC ná gnólachtaí níos dearfaí a chruthú i nDoire, nó a mhealladh ansin, seachas comhlachtaí a dhéanann táirgí a tharraingíonn bás agus dochar ar dhaoine ar fud an domhain.

“Níor mhaith le muintir Dhoire go ndéanfaí a gcathair a nascadh leis an trádáil urchóideach seo,” a deir Jim Keys, urlabhraí FEIC. “Tháinig Raytheon anseo mar chuid de dhíbhinn na síochána. Tá muid ag malartú síochána sa bhaile le cogadh thar sáile.”

An déantóir is mó diúracán

Is comhlacht ollmhór ilnáisiúnta é Raytheon, atá lonnaithe i Lexington, Massachusetts sna Stáit Aontaithe. Tá 77,500 duine fostaithe acu ar fud an domhain, 2,300 acu sa Ríocht Aontaithe.

Is é Raytheon an déantóir is mó diúracán ar domhan.. I measc na n-arm ollscriosta a dhéanann sé, tá an diúracán Tomahawk, an Patriot, an Sidewinder, agus an Stinger. Déanann siad an Maverick fosta, a scaoileadh den chéad uair sa chogadh i Vítneam agus go forleathan ó shin.

Díolann Raytheon díuracáin TOW le hIosrael, agus scaoiltear cuid mhaith acu le campaí teifeach Palaistíneacha. Tá *graffiti *i nDoire a deir: “Palestine burns, Raytheon earns”.

Arm eile a dhéanann Raytheon ná an JSOW, leagan úr den arm uafásach sin, an buama crobhainge. Chuir an *Washington Post *síos ar an bhuama crobhainge mar arm a bhfuil “unique civilian impact” aige.

Scaoileann an JSOW mionbhuamaí amach thart fá 400 troigh os cionn na sprice. Tá na mionbhuamaí sin an méid céanna le canna deoch mianra, agus titeann siad leis an ghaoth. Ar an mheán, ní phléascann cúig faoin chéad acu agus bíonn siad ina luí ansin ar an talamh. Tá siad tar éis a lán sibhialtach a mharú, páistí san áireamh, agus tá na mílte duine i ndiaidh géaga a chailleadh mar gheall orthu.

Dá bharr sin, deir Cóiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge gur cheart go mbeadh cosc ar bhuamaí crobhainge a úsáid in éadan spriocanna míleata i gceantracha ina bhfuil cónaí ar dhaoine. Ba mhaith leis an eagraíocht Human Rights Watch go mbeadh *moratorium *domhanda ar a n-úsáid.

Is féidir roinnt mhaith eolais eile a fháil faoi Raytheon agus faoina tháirgí óna shuíomh gréasáin, www.raytheon.com.

Fostaíocht

Fuair Raytheon cuireadh teacht go Doire ó John Hume, atá ina bhall de Pharlaimint Westminster agus den Pharlaimint Eorpach, agus ina iarcheannaire ar an SDLP. Bhí sé ag iarraidh fostaíocht a chruthú ina chathair féin, ar ndóigh, ach nuair a fhéachann tú siar ar a shaol tá sé deacair a thuiscint cén fáth ar phioc sé Raytheon.

Ní hamháin go bhfuair John Hume Duais Síochána Nobel de bharr na páirte lárnaí a ghlac sé i bpróiseas na síochána, ach labhair sé amach go neamhbhalbh agus go leanúnach in éadan fhoréigean na bpoblachtánach Éireannach.

Tá Comhairle Chathair Dhoire ag tacú go hiomlán le hionad Raytheon. Is cathair náisiúnach í Doire. Tá 24 comhairleoir náisiúnach (14 SDLP agus 10 Sinn Féin) inti agus seisear aontachtach (4 DUP agus 2 UUP).

D’iarr mé ar urlabhraithe an SDLP agus Shinn Féin a mhíniú cén fáth a bhfuil siad ag tacú le Raytheon. Gheall siad ráiteas a sheoladh chugam ach níor tháinig faic go fóill.

Nuair a chuir Raytheon fúthu i nDoire i 1999 fuair siad airgead ón Bhord Forbartha Tionsclaíoch nó an IDB. Bhunaigh siad ionad ar eastát gnó de chuid Ollscoil Uladh ar Bhóthar Bhun Cranncha ar imeall na cathrach. Gheall siad go gcruthófaí 150 post, agus tá thart fá 80 fostaithe anois. (Scaoileadh le cúpla duine ar na mallaibh mar gheall ar chiorruithe atá á ndéanamh sa chomhlacht ina iomláine.)

Baineann an t-ionad feidhm as céimithe i dTeicneolaíocht an Eolais ó Magee, campas áitiúil Ollscoil Uladh. De réir shuíomh gréasáin Raytheon, oibreoidh an fhoireann i nDoire ar an chlár ASTOR - is é sin “airborne radar surveillance programme” de chuid Roinn Cosanta na Breataine. Gheobhaidh Raytheon £800m ón Roinn Cosanta mar gheall ar an chonradh seo.

ionad forbartha bogearraí bunaithe san ionad i nDoire. Deir suíomh Raytheon go mbeidh sé ag obair ar chóras gréasáin teicneolaíochta eolais “le héilimh chomhlachtaí Raytheon ar fud an domhain a shásamh”.

Labhair mé le preasoifigeach de chuid Raytheon atá lonnaithe ina n-ionad cumarsáide thall i Sasana. Dúirt sé nach raibh ach rud amháin idir lámha ag an ionad i nDoire: táirgeadh córas stiúrtha aerthráchta. Dúirt mise leis gur féidir úsáid shibhialtach nó mhíleata a bhaint astu sin agus níor shéan sé an méid sin.

Nuair a chuir mé ceist air faoi ASTOR chuir sé in iúl nach bhféadfadh sé eolas a thabhairt faoi thionscadal ar leith ar bith. D’fhiafraigh mé de faoin “chóras gréasáin teicneolaíochta eolais” agus dúirt sé nach raibh i gceist ach córas le hearraí a dhíol tríd an idirlíon.

“Ní féidir leat diúracáin a cheannach ar líne,” ar seisean. “Páirteanna breise agus a leithéid atá i gceist.”

Ach páirteanna breise fá choinne cad é? Mar a deir feachtasóirí de chuid FEIC, tá baint ag an chuid is mó de ghnó Raytheon le cúrsaí míleata.

Feachtas bríomhar

Tá feachtas an-bhríomhar cruthaitheach ar bun ag muintir FEIC. Ní hamháin go mbíonn airneán míosúil acu taobh amuigh d’ionad Raytheon, ach úsáidtear ealaíon agus drámaíocht sráide go forleathan fosta.

Dhá bhliain ó shin, d’fhreastail mé ar mhórshiúl ar théama na Páise, a chuaigh ó ionad Raytheon go dtí lár na cathrach. Bhí macasamhail diúracáin mar chrois acu, agus rinneadh dráma sráide ag roinnt “suíomh lucht comhoibrithe”, oifigí Chomhairle na Cathrach ina measc. (Tá an chrois sin le feiceáil anois os cionn an bheáir sa teach tábhairne Sandino’s, in aice leis an stáisiún bus.)

Tá roinnt mhaith “die-ins” déanta ag FEIC fosta, agus daoine ina luí ansin mar a bheadh mharbháin ann in áiteanna poiblí.

An chonstaic is mó roimh na feachtasóirí ná gur ceantar bocht é Doire agus an tír máguaird, agus tá ráta ard dífhostaíochta ann. Bhíodh neart oibre le fáil i monarchana éadaí, ach tá siadsan ag aistriú go dtí an Afraic agus an Áise. Tá ionad mór cumarsáide de chuid BT i nDoire anois, ach tá daoine buartha go n-imeoidh siadsan go dtí an Ind.

“Tá muid ag iarraidh go mbeidh comhlachtaí anseo a thabharfaidh cearta ceardchumainn do na hoibrithe, agus a fhágfadh rud inteacht maith ina ndiaidh má imíonn siad,” a deir Jim Keys.

Duine eile atá ar buile faoi teacht Raytheon go Doire ná Angela Hegarty, dlíodóir, gníomhaíoch ar son cearta daonna, agus iar-LeasChathaoirleach de chuid an SDLP. Is duine í a labhrann amach go líofa deisbhéalach.

“Tá trádáil na n-arm go iomlán olc agus mímhorálta,” a deir sí. “Is rud uafásach é gur tháinig Raytheon anseo mar chuid den phróiseas síochána. Cuireann an fhimíneacht iontas mór orm. Bhíodh an SDLP i gcónaí in éadan na láimhe láidre, mar sin ní thuigim cén fáth a bhfuil siad ag cur fáilte roimh Raytheon agus ag cuidiú leo.

Samhlaigh dá mbeadh comhlachtaí déanta Semtex nó Kalashnikov ag cur fúthu anseo! Bheadh fearg as cuimse ann! Ach is cosúil gur cás difriúil é seo, mar úsáidtear airm Raytheon thar sáile le daoine eile a mharú, chan Éireannaigh.”

Luaigh Angela praghas sóisialta agus eacnamaíoch na n-arm. “Caitear na billiúin punt le hairm a cheannach a d’fhéadfaí a chaitheamh ar otharlanna agus ar scoileanna anseo, agus ar leigheas agus uisce glan agus talmhaíocht sna tíortha atá i mbéal forbartha,” a deir sí.

“Smaoinigh ar an mhéid páistí a fhaigheann bás achan bhliain mar gheall ar easpa uisce glain, rud a bhfuil costas an-íseal air i gcomparáid le diúracáin cruise.”

Luann sí rud eile a chuireann iontas uirthi: “Ghlac Comhairle Chathair Dhoire le rún in éadan an chogaidh san Iaráic. Ach an rud atá dochreidte faoi sin ná go nglacann an Chomhairle fosta le trádáil na n-arm! Cad é a shíleann siad atá na Meiriceánaigh ag scaoileadh san Iaráic? Bláthanna?”

Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.