Ní fear sa chéad ach fear sa mhílaois atá faoi thrácht ag Colm san eagrán seo, Christy Ring, as ceantar Ó Macaille, i gCorcaigh. A bhuí dósan agus do scannánú Louis Marcus ar son Ghael Linn, tá áis foghlama in aice láimhe ag gach éinne a shantóidh scil na hiomána.
Anois, tá súil agam go bhfuair gach duine amuigh sin sa chibearspás rud éigin deas le haghaidh na Nollag, bronntanas nó féirín beag gan choinne, b’fhéidir, nó le coinne – rud éigin a raibh dúil acu ann nó nach raibh siad ag dréim leis, mar a deir an tUltach. Ní faoi chrann na Nollag ná i stoca ná faoi chlúdach deas a fuair mé féin m’fhéirín féin, ach ó mhuintir Ghael Linn cúpla seachtain roimh Nollaig. DVD a bhí ann, DVD ar a bhfuil na scannáin ‘Christy Ring’ agus ‘Peil’ agus nócha nóiméad de nuachtscannáin de chluichí iomána agus peile ó na caogaidí agus na seascaidí. Caithfear a rá gur eagraíocht nuála a bhí i nGael Linn san am, (nílim á rá nach bhfuil i gcónaí), ach siar san am sin, fadó, bhí siad chun cinn ar a lán slite maidir le teicneolaíocht na linne a úsáid ar mhaithe le cuspóirí dá gcuid a bhaint amach i réimsí an cheoil, na scannánaíochta agus an spóirt trí mheán na Gaeilge.
Ó thaobh an cheoil de, d’éirigh le Gael Linn ceirníní tábhachtacha le Seosamh Ó hÉanaigh, Seán Ó Riada agus Ceoltóirí Chualann agus eile a chur ar fáil do phobal na Gaeilge in imeacht na mblianta. Bhí ‘An Poc ar Buile’ ina ‘hit’ mór do Sheán Ó Sé agus do Ghael Linn. Choimisiúnaigh Gael Linn Seán Ó Riada chun an ceol do na scannáin ‘Mise Éire’ agus ‘Saoirse’ a chumadh agus, ar ndóigh, chuaigh na scannáin sin agus an ceol a bhaineann leo i bhfeidhm go mór ar mhuintir na hÉireann.
An tsúil eile: Amharc Éireann
Sular bunaíodh Teilifís Éireann i 1961, saothar ceannródaíoch eile ab ea an tsraith nuachtscannáin ‘Amharc Éireann’ ag Gael Linn. Is é a bhí i gceist scannáin ghearra, trí nóiméad ar fhad, a thaispeántaí sna pictiúrlanna roimh an scannán mór agus a thugadh léargas do mhuintir na hÉireann ar na himeachtaí a bhí ar siúl in Éirinn sna blianta 1956 go dtí 1964. I measc na n-imeachtaí sin, bhí ar ndóigh, na cluichí Gaelacha, agus bhíodh nóiméad nó dhó de chluiche mór peile nó iomána éigin le feiceáil ag an bpobal go rialta agus trí nóiméad i gcás cluichí ceannais na hÉireann! Ceann de bhuanna na sraithe ab ea gur i nGaeilge a bhíodh an tráchtaireacht agus bhíodh lucht féachana agus lucht éisteachta mór i gceist. ‘Pathe News’ ó Shasana an mhacasamhail a bhí ann i mBéarla, ach thug ‘Amharc Éireann’ súil eile, súil Ghaelach, do mhuintir na hÉireann i bhfad sular bunaíodh TG4.
Plean eile a bhí ag Gael Linn agus ar thug an eagraíocht faoi le díograis ná dhá scannán 16mm a dhéanamh – ceann ar an iománaíocht agus an ceann eile ar an bpeil – agus go mbeidís in úsáid i scoileanna mar áiseanna teagaisc. Mhol Louis Marcus, a coimisiúnaíodh chun na scannáin a stiúradh, go n-úsáidfí scannán 35mm daite agus go dtaispeánfaí na scannáin i bpictiúrlanna na tíre. Rinneadh amhlaidh agus d’éirigh thar cinn leis an bplean. Don chéad uair, in 1960, agus mar chuid den scannán ‘Peil’, baineadh leas as dhá cheamara chun scannánú a dhéanamh ar chluiche ceannais na hÉireann - an Dún in aghaidh Ciarraí - chun scileanna na himeartha a léiriú. Ba é sin an chéad uair a rinneadh gach scór i gcluiche peile a thaifeadadh ar scannán, léiriú eile ar cheannródaíocht Ghael linn san am.
Le haghaidh na peile, socraíodh ar sheachtar de na peileadóirí ab fhearr san am a thabhairt le chéile i bPáirc an Chrócaigh faoi stiúir Louis Marcus agus iad a scannánú ag léiriú scileanna éagsúla na peile. Ba iad Seán Purcell agus Frank Stockwell, Gaillimh, Kevin Heffernan, Áth Cliath, Kevin Beahan, an Lú, Seán O Neill agus Leo Murphy, an Dún, agus Greg Hughes, Uíbh Fhaillí, na peileadóirí a bhí i gceist. Ach, i gcás na hiomána, ní raibh ach rogha amháin i gceist agus ba shin é Christy Ring.
Criostóir Ó Rinn
Tá iomrá i gcónaí ar Christy Ring mar ghaiscíoch spóirt, an laoch iomána ab fhearr riamh dar lena lán. Bhuaigh sé ocht mbonn sinsir Uile-Éireann, dhá bhonn mionúir Uile-Éireann, naoi mbonn sinsearach i gCraobhchomórtas na Mumhan, ceithre bhonn sa tSraith Náisiúnta, trí bhonn déag i gCraobhchomórtas Chontae Chorcaí le Ruagairí an Ghleanna agus ocht mbonn déag i gCorn an Bhóthair Iarainn leis an Mumhain. Roghnaíodh é mar iománaí na bliana 1959 agus roghnaíodh é ar fhoireann an Chéid in 1984 agus ar fhoireann na Mílaoise in 1999. Cé go raibh an Rinneach ós cionn ceathracha bliain d’aois am déanta an scannáin, bhíothas fós ag gairm ‘an t-iománaí is fearr’ air.
Agus é ag labhairt ag ócáid seolta DVD Gael-Linn i bPáirc an Chrócaigh, d’inis an craoltóir clúiteach, Mícheál Ó Muircheartaigh, scéal nó dhó faoi Christy Ring óna thaithí féin ar an bhfear. Bhain scéal amháin le heachtra a tharla tamall gairid sula bhfuair Christy bás in 1979. Oíche dhorcha gheimhridh i gCiarraí a bhí ann nuair a casadh Mícheál ar Christy agus ar a bhean chéile gan choinne. Thug sé cuireadh dóibh an oíche a chaitheamh in éineacht leis in áit tiomáint ar ais go Corcaigh go mall san oíche. Mhínigh Christy go raibh air filleadh ar Chorcaigh an oíche sin mar go raibh seisiún traenála eagraithe aige don mhaidin dar gcionn le gasúir óga a chlub féin agus nár mhaith leis iad a ligean síos. Níl sa mhéid sin ach scéal amháin a léiríonn an dílseacht uafásach a bhí ag an bhfear do dhaoine eile, idir chairde agus mhuintir agus ‘chlann’ na hiomána. Cé go mba laoch mór na hiomána é ar feadh a shaoil ar fad beagnach, ba thábhachtaí leis scata gasúr a thraenáil maidin fhuar sa gheimhreadh ná comhluadar is spraoi.
Imreoir iomána ar leith
Deir Val Dorgan sa bheathaisnéis a scríobh sé ar Christy Ring nach raibh sárú Christy le fáil mar iománaí maidir le crógacht, scil, stíl a chuid imeartha, diongbháilteacht a aigne agus fad a thréimhse imeartha. Deir sé freisin gur chreid an Rinneach féin nach raibh aon duine níos fearr ná é agus nach raibh eolas níos fearr ag aon duine eile faoin gcluiche ná mar a bhí aige féin – fátha ar thoiligh sé an scannán a dhéanamh is dóigh. Luann an t-údar chomh maith gurb é scannán Gael-Linn an t-aon taifead ceart de Christy Ring, an t-iománaí, atá ann, agus gurb é an chuid is fearr den scannán ná an t-ábhar teagaisc, an t-aon taifead inchreidte de theagasc Uí Rinn ar an iomáint. Dúirt Louis Marcus ar ócáid seolta an DVD gur dhuine uasal, speisialta ab ea an Rinneach a dúirt leis, muna bhféadfadh sé scileanna na hiomána a mhúineadh dó (do Marcus) go mbeadh teipthe air féin mar theagascóir, agus nár chóir dó an scannán a dhéanamh! D’éirigh leis is cosúil.
Tá an Cumann Lúthchleas Gael 125 bliain d’aois i mbliana agus beidh béim mhór i rith na bliana ar bhailiú na staire agus ar annáladh eachtraí agus imeachtaí an chumainn. Tá Gael Linn chun tosaigh cheana féin agus tá seirbhís nach beag déanta, ní hamháin do CLG, ach do mhuintir na hÉireann tríd síos leis an DVD nua. Go maire siad.