606
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Chuala an té a bhí ag éisteacht leis na Meáin Ghaeilge san Fhómhar seo caite gur tháinig borradh mór faoin líon ionad teagaisc de chuid an chomhlachta Gaelchultúr fud fad na hÉireann. Chas BEO lena chéad eagarthóir féin, Éamonn Ó Dónaill, an fear a cheap an cúrsa Turas Teanga, le fáil amach faoi Ghaelchultúr agus faoi chuid de stair na hirise seo féin, BEO, chomh maith le gnéithe de shaol na Gaeilge is na Gaeltachta.
»»»Chas Alan Desmond lena chomh-Chorcaígh agus craoltóir aithnidiúil, John Creedon, le breathnú siar ar chonair na cuimhne a thug aneas trí Montrose é agus ó dheas arís lena theaghlach cois Laoi na sreabh. Is iomaí clár in am marbh na hoíche nó le mochdháil maidine a chraol sé ó d’fhág sé bun Chnoc Phádraig agus teach a mhuintire ina dhiaidh.
»»»Caithfidh na Gardaí dul i ngleic lena gcuid dualgas i leith na Gaeilge má táthar le bheith ionadaíoch ar phobail uile na tíre dar le Breandán Delap.
»»»Ceapann Donncha Ó hÉallaithe go bhféadfadh tábhacht thar na bearta a bheith leis an Lá Mór ar son na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, agus leis an mórshiúl i gConamara le gairid ar son na teanga.
»»»Tá feirmeoirí na hAstráile ag gnóthú go leor airgid as onnmhairiú caorach ach is minic a fhulaingíonn na hainmhithe cuid mhór agus iad á n-iompar thar lear. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»Deir an tOllamh Fionnbarra Ó Brolcháin gur ábhar buartha nach dtuigtear i gceart go fóill conas cur le hacmhainn nuálaíochta na tíre. Is cosúil go bhfuil páirtí polaitíochta amháin ag snámh go tubaisteach ina haghaidh.
»»»Chaith Emer Ní Bhrádaigh lá Nollag sa phríosún. Míníonn sí in alt na míosa seo conas a tharla sé sin.
»»»Ba é Saoirse? an dara scannán ag baint le stair na hÉireann sa 20ú haois a rinne an stiúrthóir George Morrison do Gael Linn. Tugann Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, eolas anseo faoi ábhar an scannáin, atá á eisiúint ar DVD an mhí seo den chéad uair.
»»»Bhí na sluaite ina gcnapscuaine roimh Tony Birtill nuair a thug sé aghaidh ar an ionad vótála i Walton, Learpholl. Is cosúil gur le faitíos roimh na Coimeádaigh a chuaigh siad ann.
»»»Tá drochmheas léirithe le tamall anuas ar dhíoltóirí madraí ar líne gur beag a machnamh ar leas na gcoileán. Is ait le Niamh Ní Shúilleabháin gur beag aird a thugtar ar chion na dtomhaltóirí sa bheart.
»»»Tar éis di bliain a chaitheamh sa Mhaláiv, braitheann Máire Ní Chuagáin go bhfanfaidh ithir dhearg na tíre sin go dlúth ina hanam go deo. San alt seo, insíonn sí dúinn mar gheall ar a seal draíochta thall.
»»»Déantar léirmheas sa cholún seo ar leabhair Ghaeilge, ag baint le réimsí éagsúla. An mhí seo: An Ród seo Romham: Saol agus Saothar Phádraic Mhic Phiarais (Comhar, €12.50) le Liam Mac Uistín. Léirmheas le Pól Ó Muirí.
»»»Tuigeann Balor anois go bhfuil Aon Rí Dlisteanach na hÉireann ar son na Cúise Daingne, na Ceart-Ghaelainne agus na Slachtseanfhocal. Níl an Rí céanna ar son na Vatacáine ná na ‘feiceann’-Eorpa.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: tinneas, an caidreamh idir mic agus máithreacha.
»»»Phill Balor ar an tseandúchas gaelach thoir i Scidia lena sheanchas a mheilt le hImpire an Oirthir, eascara mór Killery Clinton agus Seosamh Bidet, an fear nár loic is nár lúib, Flathmhar Poitín.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.