AR NA SAOLTA SEO
Margadh na Madraí ina Chnámh Spairne
Niamh Ní Shúilleabháin Niamh Ní Shúilleabháin Niamh Ní Shúilleabháin

Tá drochmheas léirithe le tamall anuas ar dhíoltóirí madraí ar líne gur beag a machnamh ar leas na gcoileán. Is ait le Niamh Ní Shúilleabháin gur beag aird a thugtar ar chion na dtomhaltóirí sa bheart.

Íomhá
Vivienne Duggan, Veterinary Ireland leis an Aire Simon Coveney
Íomhá
Zara- madra atá ar fáil le huchtú ó CBFA
Íomhá
Buddy- ar thóir lóistín, ar fail ó dogstrust
Íomhá
Ag spraoi mar is ceart

Níl aon teorainn leis an mbá agus an gean atá againn dár gcairde is dílse, idir alsáiseacha agus huscaithe, púdail nó síotsúnna agus mura bhfuil tú in ann rogha a dhéanamh idir na coileáin sin, is féidir madra de mhianach measctha a aimsiú gan stró. Seo linn ré an ‘Cockapoo’ agus ‘Pugalier’.

Bíonn breis is deich míle madra ar díol ar líne gach aon lá in Éirinn, dar le staidreamh ó Chumann Bhaile Átha Cliath um Fhóirithint ar Ainmhithe (CBFA). Tá sé furasta teacht ar na coileáin ar díol ar thart ar na sé láithreán gréasáin dhéag is coitianta in Éirinn. Osclaítear an brabhsálaí agus tosnaíonn an cíoradh agus sula i bhfad tá do chroí istigh sa chuardach, curtha faoi gheasa ag súile nó ag an meangadh beag atá ag an ngaidhrín gleoite sin.

droch-chlú ar chuid de na láithreáin ghréasáin ina mbíonn madraí fógartha orthu le tamall anuas áfach. Thit an clampar amach ar líne ó d’iarr an CBFA ar an suíomh gréasáin d’fhógraí rangaithe DoneDeal.ie ó rannóg na bpeataí a bhaint den suíomh, ó d’fhógair an cumann go raibh mí-úsáid le feiceáil i roinnt de na fógraí.

Tá ráite ag DoneDeal go mbítear ag ar fhógraíocht agus go gcuirtear cosc ar dhaoine a bhíonn ag fógairt go rómhinic. Deir DoneDeal go dtacaíonn siad i gcónaí le Cumann na hÉireann um Fhóirithint ar Ainmhithe ar cheisteanna a bhaineann le leas ainmhithe agus nach mbeadh de thoradh ar chosc a chur ar an bhfógraíocht ar líne ach tionscal faoi thalamh a chruthú as an nua.

Coimhéad ar Cheannach as Cófra an Chairr

Tá an CBFA ag faire ar fhógraíocht sa réimse seo ó bhí 1840 ann agus dar le Gillian Bird, urlabhraí leis an eagraíocht, tá ‘méadú ollmhór’ ar líon na bhfógraí atá ar na suíomh ar líne le hais líon na bhfógraí a bhíodh sna nuachtáin.

“Sílim go bhfuil athrú sa tslí is go mbíonn daoine ag brabhsáil ar líne don mhargadh is fearr,” a deir Gillian. “Lorgaítear an luach is fearr don mhadra ar mhian leo ceannach ach go minic roghnaítear madra nach bhfuil cláraithe ó dhuine gan cheadúnas oifigiúil. Chomh maith leis sin, ní thugtar an deis don tomhaltóir cuairt a thabhairt ar an gcuain coileán. Ní mór do dhaoine cur suas do mhargadh ina bhfuil an madra ar díol as cófra an chairr”.

Ó bhí 2012 ann, ní mór do gach aon duine a bhfuil sé, nó níos mó ná sé, bleachmhadraí os cionn sé mhí d’aois agus atá in ann pórú, ceadúnas a fháil ón údarás áitiúil. Tá na rialacháin á gcur i bhfeidhm de réir a chéile, ach go dtí seo níl ach 67 ionad pórucháin cláraithe leis na húdaráis, dar le staidreamh a thug Brian Gillen, Príomhfheidhmeannach an CBFA ag an gcéad chomhdháil um leas ainmhithe a d’eagraigh an Roinn Talmhaíochta i mí Bealtaine.

Ar na fadhbanna is mó a luaitear le margadh na madraí in Éirinn, is cosúil go ndéantar pórú ar ainmhithe, beag beann ar shláinte agus ar aois na n-ainmhithe agus mar thoradh beirtear coileáin atá faoi éalang ó bhroinn. Tá amhras ann freisin maidir le crosphórú atá faiseanta ar na saolta seo agus go minic bíonn gadhairsigh agus álta brúite le chéile i gcoinníollacha míshláintiúla.

Trédhearcacht sna Fógraí de Dhíth

Tá aithne againn go léir ar dhaoine a mbíonn ‘madraí á choinneáil acu’ ach an bhfuil sé de dhualgas eiticiúil orainn, cleachtais níos fearr a lorg ó gach díoltóir? Is léir go bhfuil an locht ar thomhaltóirí freisin agus an bealach go mbíonn madraí tréigthe ar fáthanna éagsúla. Ar an drochuair, níl an claonadh ionann glacadh le madraí ó ionaid dídine. In ainneoin go bhfuil madra ag gach duine as ceathrar in Éirinn, ní fhaightear ach 12% de na madraí sin ó charthanais mar DogsTrust agus an CBFA. Ar cheart dúinn madraí a cheannach a fhad is go mbíonn tríocha madra tréigthe ag a n-úinéirí gach aon lá?

Tá Kathrina Bentley, Bainisteoir Margaíochta le Dogstrust an-dóchasach go bhfuil athrú ag teacht, de réir a chéile. An mhí seo, tionólfar an chéad chruinniú don Mheitheal Chomhairleach um Fhógraíocht Pheataí in Éirinn agus tabharfar cuireadh do dhreamanna a bhíonn ag plé le leas ainmhithe agus d’ionadaithe ó na láithreáin ghréasáin freastal ar an meitheal. Tá dream comhairleach sa Bhreatain, ach bíonn deacrachtaí fós le láithreáin líonraithe shóisialta nach mbíonn fógraí rangaithe orthu, mar Facebook.

“Tá i gceist ag an ngrúpa athbhreithniú a dhéanamh ar fhógraíocht pheataí, ach beidh an bhéim ar an trédhearcacht i réimse na bhfógraíochta agus córais fhíorúcháin a chur i bhfeidhm, a deir Kathrina. “Anuas air sin,” a deir sí, “tá i gceist againn díriú ar oideachas níos fearr a chur ar an bpobal. Tuigimid go bhfuilimid ag maireachtáil i ré mhéarach. Is é an t-idirlíon an áis taighde is mó atá ag daoine; caithfear glacadh leis seo. ach táimid dóchasach go ndéanfar dul chun cinn de réir a chéile”.

(Drochíde ar ainmhí? Glaoigh ar Chumann na hÉireann um Fhóirithint ar Ainmhithe ar 1890 515515.)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.