Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: tinneas, an caidreamh idir mic agus máithreacha.
“Go dtéid trí sluaiste an bháis orm, ní mhothóidh mé chomh holc is a mhothaím inniu,” arsa Fergus.
Ní raibh iomrá na truaighe ar Nóirín ariamh agus níor dhúirt sí ach “Órú, croith thú féin suas. Níl ort ach slaghdán ina dhiaidh sin is eile.”
“Is é an scéal céanna i gcónaí aige é,” arsa Nóirín léi féin. “É ag déanamh an mhóir den bheagán”.
“Is cuma leatsa,” arsa Fergus. “Thiocfadh liom a bheith i mo luí anseo sna smeacharnaigh dheireanacha agus dheamhan lá truaighe a dhéanfá domh. Níl croí ar bith ionat.”
“I bhfad rómhór atá mo chroí, agus mé i m’amadán, i mo rith anuas agus suas an staighre ag freastal ortsa.”
Chuir Fergus a aghaidh leis an bhalla agus rinne sé iomlán neamhiontais de sin.
“An rud is giorra is géire,” arsa Nóirín léi féin. “Níl gíog ná míog as anois. Nár dheas an mhaise dá mairfeadh sin.”
Chuaigh Nóirín síos an staighre agus shuigh sí isteach chuig an tábla. Bhí go leor os a coinne leis na páistí agus gan ceann eile a bheith thuas an staighre aici. Eatarthu uilig bhí a cloigeann éadrom. Mheilfeadh Fergus bró mhuilinn ag caint ar an tinneas agus cad é chomh holc agus a bhí sé. Bhí creachtacha fuaicht ag teacht uirthi féin anois. D’amharc sí anonn ar an tine. “Cad é an dóigh ar lig mé síos an tine?” ar sise léi féin. “Sin a bhfuil de dhíth orm anois: mé féin an diabhal rud a fháil.”
Ionnach go raibh a hanáil faighte aici nuair a d’oscail an doras agus lig duine inteacht isteach rois gaoithe móire. Seo isteach Ita, máthair Fergus.
“Thar lá ar bith eile,” arsa Nóirín léi féin.
“Níl ann ach mise,” arsa Ita, agus tharraing sí uirthi cathaoir, agus shuigh isteach chuig an tábla. “Nach bhfuil sé cineál fuar istigh anseo? Ghlacfá tine níos fearr ná sin lá mar inniu ann.”
D’éirigh Nóirín agus chroith sí suas an tine.
“Chuala mé go bhfuil sé féin tinn,” arsa Ita.
Chuirfeadh Nóirín conradh i gcuid comhrá agus comhairle Ita ar an lá is fearr a bhí sí, ach thiocfadh léi í a fheiceáil in Ifreann ar maidin inniu.
“Tá súil agam go bhfuil tú ag tabhairt aire mhaith dó anois,” arsa Ita. “Deochannaí teithe, sin an rud is mó a thóg cian dó nuair a bheinnse ag amharc ina dhiaidh.”
Cheannsaigh Nóirín an fonn a bhí uirthi “Bíodh sé agat” a rá agus ina áit dúirt sí, “Níl ann ach slaghdán, beidh sé linn tamall eile.”
“Ó anois, níl an magadh maith. Bíonn slaghdán ort lá amháin, agus an chéad rud eile, tá ulpóg ort, agus má luíonn sé ar an ucht, féadann tú a bheith réidh leis.”
Chuala Nóirín an liodán seo ó Ita gach geimhreadh ó pósadh í féin agus Fergus. Dá mbeadh liomóg as bharr a mhéire ag Fergus bheadh Ita thart ar chos in airde go bhfeicfeadh sí cad é mar a bhí a peata féin. Nach iomaí uair a bhí fonn uirthi go díreach an doras a bhualadh ina héadán nó “Bíodh crathán céille agat” a rá léi nuair a shíl sí go raibh an bás ag a maicín. Ach níor dhúirt sí ach “Ar mhaith leat a dhul suas chuige?”
D’éirigh Ita agus rinne sí ar bhun an staighre. “Ní dhéanfaidh mé mórán trup ar eagla gur thit sé thart. Tá sé ag tarraingt ar am lóin,” ar sise. “Téigh suas pota sú ansin agus bhéarfaidh mise suas chuige ar ball é.”
Bhí fonn ar Nóirín an aghaidh a ithe d’Ita ach bhí athrach de chéill aici agus níor dhúirt sí ach “Tá sé rud beag luath fá choinne an lóin go fóill. Beidh na páistí isteach thart fá leath i ndiaidh an dó dhéag agus dhéanfaidh mé greim bí daofa uilig ansin.”
Níor shíl Nóirín go bhfaigheadh sé bás den ocras idir seo agus sin.
“Mná an lae inniu,” arsa Ita léi féin agus í ag tógáil an staighre. “Níl a fhios acu cad é an dóigh le haire a thabhairt d’fhear. Ach fan, gheobhaidh sí siúd a cíoradh, fan go bhfeicfidh tú.”
Bhí Fergus ina chnap codlata nuair a fuair a mháthair a fhad leis an leabaidh. Ach in áit tiontú ar a sála, thug sí croitheadh beag dá ghualainn. D’oscail Fergus a chuid súl agus thug amharc geamhach ar a mháthair.
“A Mhamaí,” ar seisean, “cad é atá tusa a dhéanamh anseo?”
“Nár chuala mé go raibh tú i do luí suas agus tú chomh lag le naíonan,” arsa Ita.
Chuimil sí an t-éadán aige. “Níl an dea-chuma ort a mhic,” ar sise. “An bhfuil tú cinnte nár mhaith leat a dhul suas chun an bhaile cúpla lá go dtí go dtig biseach ort? Chan ag dul ar chúl sceiche atá mé nuair a deirim nach bhfuil a fhios ag mná óga an lae inniu cad é an dóigh le haire a thabhairt d’fhear.”
“Ó, níl orm ach cloigeann nimhneach agus tá mo ghaosán ina rith, sin é,” arsa Fergus, nó bhí a fhios aige gur mhaith an té a rachadh idir Nóirín agus a mháthair.
Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.