Chas Alan Desmond lena chomh-Chorcaígh agus craoltóir aithnidiúil, John Creedon, le breathnú siar ar chonair na cuimhne a thug aneas trí Montrose é agus ó dheas arís lena theaghlach cois Laoi na sreabh. Is iomaí clár in am marbh na hoíche nó le mochdháil maidine a chraol sé ó d’fhág sé bun Chnoc Phádraig agus teach a mhuintire ina dhiaidh.
Bhuail mé le John Creedon i stiúideo RTÉ ar Shráid an Athar Maitiú i gcathair Chorcaí cúpla uair sula ndeachaigh sé ar an aer lena chlár Late Date, clár ina mbíonn ceol suaimhneach measctha le guth suaimhneasach an láithreora. Bhí sé gach pioc chomh sochma soilbhir is a déarfá ó bheith ag éisteacht leis ar an raidió nó ag féachaint air sna cláir a tharraing aird as an nua air le déanaí, Fáilte Towers, Faoi Lán Cheoil agus The All Ireland Talent Show. Agus cupán caife á dhéanamh aige dom labhraíonn sé leis mar a bheadh aithne againn ar a chéile le fada faoina ghnóthaí atá sé le déanaí is faoi dhaoine muinteartha éagsúla. Ní hionadh liom na tagairtí minice seo do dheirfiúracha is dheartháireacha nuair a fhaighim amach faoin teaghlach líonmhar inar tógadh é.
Tháinig John Creedon chun an tsaoil mí na Samhna 1958 i gcathair Chorcaí. Ba thiománaí bus é a athair agus chomh maith leis sin, bhí siopa ag a thuismitheoirí. Is cuimhin leis uaireanta fada oibre ar Shráid Coburg ag bun Chnoc Naomh Pádraig.
“Bhíodh an siopa oscailte óna sé ar maidin go dtí a haon istoíche seacht lá na seachtaine. Ba é Lá Nollag an t-aon lá saor a bhí againn agus fiú ar an lá sin, bheadh corrchnag ar an doras, duine ag iarraidh pionta bainne nó paicéad toitíní a cheannach. Teach an-ghnóthach a bhí againn mar sin.” Ach níorbh iad uaireanta oscailte an tsiopa an t-aon rud ba chúis le teach Creedon a bheith gnóthach.
Mr. Magoo
“Bhí dáréag clainne ar mo thuismitheoirí, ochtar cailíní is ceathrar buachaillí. Bhí mise sa deichiú háit, agus in éineacht linn sa teach bhí beirt aintíní breoite agus beirt fhreastalaithe ón siopa.” Ach in ainneoin an tslua, ní sa chúngach a bhí muintir Creedon. “Teach mór a bhí againn mar gur dhá theach cathrach a bhí i gceist le fortheach (extension) sách mór ar chúl. San iomlán mar sin bhí tuairim is tríocha seomra sa teach.” Ach bhí gá le teach chomh seomrach sin. Seachas daoine muinteartha is lucht freastail siopaí a bheith ina gcónaí ann, bhí roinnt de na seomraí san fhortheach ligthe ar cíos le daoine nár ghnáth-thionóntaí iad i gCorcaigh na seascaidí. “Thaitin carachtair shuimiúla le mo mháthair. Mar sin i measc ár dtionóntaí bhí fear darbh ainm Naguriganda, an chéad duine gorm a bhí mar mhac léinn leighis i gCorcaigh, mura bhfuil dearmad orm. Bhí Joey Connors, iriseoir Meiriceánach. Fear beag a bhí ann a chuirfeadh Mr. Magoo i gcuimhne duit. Ní fheicimis mórán de ach chloisimis é ina sheomra an t-am ar fad agus é ag obair ar an gclóscríobhán.”
Is léir mar sin gur dhaoine dícheallacha saothracha iad tuismitheoirí John. Ach níorbh é sin an tréith ba mhó dá gcuid a chuaigh i gcion air. “Bhíodh siad i gcónaí ag cabhrú le daoine, thug siad an-tacaíocht do dhaoine. Le déanaí mar shampla, bhí mé ag caint le máthair an pheileadóra Roy Keane. Bhíodh cónaí uirthi in árasán trasna an bhóthair uainne agus dúirt sí liom gur tháinig sí isteach sa siopa lá amháin chun gúna a chaithfeadh sí ag dinnéar is damhsa a thaispeáint do mo mháthair. Dúirt mo mháthair go raibh an gúna go deas ach laistigh d’uair an chloig bhí mo dheirfiúr in árasán Bhean Uí Chatháin le mála lán d’éadaí eile. Sin an saghas mná a bhí i mo mháthair, bhí sí cabhrach ach bhí sí discréideach leis.”
Níor lú an cineáltas a bhí in athair John. “Is cuimhin liom go rabhamar ag triall ar Bhaile Átha Cliath uair amháin sa ghluaisteán mór a bhí aige. Bhí trí shraith suíochán ann agus bhí ceathrar nó cúigear cailíní sna déaga ina suí sa tsraith chúil. Chonaiceamar fear gan foscadh gan dídean ar thaobh an bhóthair a bhí ar an ordóg is stop m’athair an carr. Dúirt mo mháthair leis “Connie, cad tá á dhéanamh agat?” is dúirt sé “bíonn spás i gcónaí do dhuine amháin eile. Isteach leat, a bhuachaill.” Chuaigh mo dhuine isteach sa tsraith chúil i measc na gcailíní agus bhí boladh madra fliuch uaidh! Ach sin mar a bhí mo thuismitheoirí, bhí an-ghrá acu do dhaoine.”
An Dithneas
Ní hionadh, áfach, nach minic a bhíodh ‘am teaghlaigh’ ag muintir Creedon. “Ní raibh seans againn suí síos mar theaghlach, na soilse a ísliú, milseog a ithe is féachaint ar na Riordans. Is annamh a bhí mé féin amháin i gcuideachta mo bheirt tuismitheoirí. Nuair a bhí mé timpeall 7 mbliana d’aois chuaigh an triúr againn go Port Láirge agus bhí mé ag canadh sa ghluaisteán, bhí mo thuismitheoirí do mo mholadh is bhí mé fíorshásta liom féin. Ach níor ghnách liom am a thabhairt le mo thuismitheoirí sa tslí sin nuair a bhí mé óg. Ach dá laghad na hamanna sin is ea is fearr is cuimhin liom iad.”
D’éirigh le John níos mó ama a chaitheamh lena athair, áfach, agus é níos sine. “Bhí beagnach 80 bliain ag m’athair nuair a fuair sé bás i mí Eanáir 1999 agus sna 10 mbliain deiridh dá shaol, bhí na laethanta ar a thoil aige is rinneamar an-chuid le chéile. Bhí an-chraic againn, ba gheall le deartháir é i ndáiríre.”
Thosaigh John ag cabhrú lena thuismitheoirí sa siopa i ndiaidh na hardteiste a fhad is raibh sé á fhéachaint féin san iliomad post faoi is thairis. “Bhain mé triail as gach rud. Cosúil le formhór na ndaoine i gCorcaigh a bhí ar comhaois liom ag an am fuair mé páirt mar aisteoir breise sa scannán The First Great Train Robbery. Dhíol mé fógraíocht do raidió bradach, fuair mé post mar chúntóir sa leabharlann, mar ghlantóir i siopa Penneys, agus an dallamullóg ba mhó a chuir mé ar éinne, d’oibrigh mé i saotharlann dísle i monarcha cairpéad ag plé le cúrsaí nach raibh tuairim agam fúthu.”
Ós rud é go raibh sé bainteach le raidió bradach ó thús an fheiniméin sin is dócha nach ionadh gur chuir sé isteach ar phost a d’fhógair RTÉ i 1987, go háirithe agus na stáisiúin bradacha á ndúnadh síos i lár na n-ochtóidí. “Ba é mo bhean Mona a thaispeáin an fógra dom. Chuir mise agus 4000 eile isteach air agus ar deireadh thiar thall tar éis agallamh, triail, cúrsa traenála agus a lán rudaí eile a dhéanamh, fuair mé an post. Ba é an chéad rud a rinne mé ná ionadaíocht do Pat Kenny ar feadh trí sheachtaine ar Drivetime, clár cainte is ceoil. D’éirigh go gleoite liom is fuair mé léirmheasanna maithe. Bhí mé ar muin na muice. Thug mé Mona is na ceathrar cailíní suas go Baile Átha Cliath, ach sula raibh bliain istigh, bhí athrú bainistíochta agus d’fhág RTÉ slán liom.”
Éirí Aniar
Ach ní fada a bhí sé ag déanamh trua dó féin. Bhí smaoineamh éigin aige i gcúl a chinn agus thug an t-iompú tobann ina shaol gairmiúil deis dó an smaoineamh sin a scaoileadh amach as a cheann. “Chuaigh mé go Willie O’Reilly a bhí mar léiritheoir ar chlár Gerry Ryan ag an am is rinne mé cur síos dó ar fhear darbh ainm Terence.” Ba ghruagaire spéaclach simplí ó Chorcaigh a chaith cairdeagain é Terence agus ba ghearr gur thuill sé gnaoi an phobail. ‘Fan istigh leis an mballa is seachain na busanna’ is é an mana a bhí aige. Ní foláir nó gurbh é Terence an t-aon ghruagaire amháin a ndeachaigh dhá shingil dá chuid go huimhir a haon i gcairteacha na hÉireann.
Léiriú ar chumas aisteoireachta Creedon é gur ghlac an-chuid daoine leis gur dhuine fíor é Terence. “Bhí amanna nuair a shíl mé féin go raibh sé fíor chomh maith,” arsa Creedon agus gáire beag á dhéanamh aige.
Ní ar Terence a bheadh Creedon ag brath chun a chuid a shaothrú, áfach. “Roimh dheireadh 1988, bhí mé ar ais i RTÉ Raidió 1 agus an clár maidine Risin’ Time á láithriú agam. Bhuaigh mé duais Jacobs an bhliain dar gcionn. Bhí mé ar ais ar muin na muice.” Ach d’fhág cur i láthair an chláir seo go mbíodh air éirí ag 4.30 ar maidin. An mbíodh air dul a chodladh chomh luath sin istoíche gur cuireadh isteach ar an saol sóisialta, gan trácht ar an saol teaghlaigh? “Ní théinn a chodladh go luath istoíche, ná geall leis! D’fhaighinn tuairim is cúig uair an chloig de chodladh san oíche agus chodlaínn dreas i rith an lae. Bhínn an-ghníomhach istoíche, ag dul amach go dtí an amharclann, mar shampla.” Tháinig deireadh leis an mochdháil maidine i 2000 nuair a fágadh clár iarnóna faoi chúram John. Mar bharr ar an ádh bhí John agus an teaghlach in ann bogadh ar ais go Corcaigh i 2001, áit óna leanfaí ar aghaidh le craoladh an chláir iarnóna ó stiúideonna RTÉ ar Shráid an Athar Maitiú.
“Bhí áthas an domhain orainn teacht ar ais go Corcaigh. Rugadh an seisear againn anseo agus is mar Chorcaígh a fhéachaimid orainn féin. Táim féin agus na hiníonacha craiceáilte faoi Chlub Sacar Chorcaí!”
I 2006 áfach, thug Ana Leddy, ceannaire RTÉ Raidió 1, athruithe suntasacha isteach i sceideal an stáisiúin agus mar chuid díobh seo cuireadh deireadh leis an gclár iarnóna agus bhí John ar ais ag obair le linn uaireanta frithshóisialta. Ach in ionad a bheith ag éirí ar 4.30 ar maidin, is amhlaidh gur timpeall 4.30 a théann sé a luí anois agus Late Date á chur i láthair aige óna leathuair roimh an meánoíche go dtí a dó a chlog ar maidin.
Craoladh le Fonn
Ní dhéanfaí iontas de dá mba rud é go mbeadh fiamh ar John faoin athrú sceidil seo agus nuair a thosaigh sé mar láithreoir Late Date dúradh gur léir go raibh pus ar Creedon. Ní aontaíonn sé féin leis an tuairim seo, áfach. “Ní raibh pus orm, agus dá mbeadh, ní ar an gclár raidió a nochtfainn é.”
Admhaíonn sé, áfach, nár athrú idéalach é. “Ní déarfaidh mé leat gur maith liom an teach a fhágáil ag a hocht a chlog oíche sheaca. Cinnte go mb’fhearr liom fanacht sa bhaile nó dul go dtí an teach tábhairne nó an amharclann. Ní déarfaidh mé leat go bhfuil a oiread éisteoirí agam is atá ag Pat Kenny. Ach i ndeireadh na dála ní hiad sin na rudaí is tábhachtaí.”Tá sé soiléir ón méid a deir sé go bhfuil fealsúnacht ag Creedon a ligeann dó gan a bheith róshuaite ag cibé díomá nó díomua a bhaineann dó ina shaol gairmiúil. “Ní fios cad is ádh nó mí-ádh ann. Agus mé aistrithe go clár oíche, b’fhéidir gur sheachain mé leoraí a leagfadh mé agus mé ar mo shlí go dtí an stiúideo ag a dó a chlog chun an clár iarnóna a dhéanamh. D’fhéadfá gáire a dhéanamh faoi sin agus b’fhéidir go ndéarfá nach bhfuilim ach ag iarraidh cruth dearfach a chur ar an scéal, ach creidim go láidir nach fios an ádh nó an mí-ádh a bhíonn in eachtraí an tsaoil.”
Leagann John béim air nach í an obair an rud is tábhachtaí sa saol agus nach aon díomua é athrú a chuid uaireanta oibre i gcomparáid le dúshláin eile. “Chuir mé mo bheirt tuismitheoirí agus chuir mé gariníon. Cráite ag athrú sa sceideal oibre? Raiméis.” Luann John gurb amhlaidh nach mbogfadh sé ó Bhaile Átha Cliath dá mba í an obair an rud ba thábhachtaí dó. “D’fhág mé an-chuid oibre i mo dhiaidh nuair a d’fhág mé an phríomhchathair. Bhí Winning Streak á chur i láthair agam, bhí mé ag obair le Ceolfhoireann Ceolchoirme RTÉ agus tháinig deireadh leis na rudaí sin nuair a tháinig mé ar ais go Corcaigh.”
Fíorluachanna
Is léiriú ar na luachanna atá ag Creedon na fáthanna a luann sé leis an aistriú go Corcaigh. “Is anseo atá mo sheanchairde is mo dhaoine muinteartha, is anseo atá mo shinsir curtha, is anseo atá seanmháthair na gcailíní, is anseo atá an fhoireann sacair is fearr liom ar domhan. Is tábhachtaí na rudaí sin ná obair leis an gCeolfhoireann Ceolchoirme.” Ach an bhfuil seans gurbh é ba chúis le bogadh Creedon go Late Date ná an t-aistriú go Corcaigh, mar a raibh sé i bhfad ón bpríomhchathair is ó dhaoine údaráis? An dtabharfaí uaireanta oibre níos fearr dó dá mbeadh sé ar an láthair, ag ól caife is ag imirt galf leis na ‘daoine cearta’? “B’fhéidir é. Ach ní dhearna mé aon iarracht riamh caife a ól leis na ‘daoine cearta.’ Seans gur locht é sin ach ní fhéadfainn é a dhéanamh. Ar ndóigh, ní hé sin le rá gurbh é sin a bhí ar siúl ag na daoine a fuair biseach as na hathruithe a tugadh isteach i 2006.”
Ba i measc éisteoirí meánaosta RTÉ Raidió 1 ba mhó a bhí aithne ar John Creedon go dtí gur ghlac sé páirt i gclár teilifíse réaltachta an samhradh seo caite. Sa chlár Fáilte Towers bhí ar 13 duine cáiliúil óstán a rith chun airgead a thiomsú ar son eagraíocht charthanachta. Caitheadh duine amháin amach beagnach gach oíche agus ag an deireadh nior fágadh ach an t-aon iomaitheoir amháin: John Creedon.
Díreach mar a bheifeá ag súil leis i gcás Éireannaigh stuama, bhí drogall ar John a bheith bainteach le Fáilte Towers nuair a fuair sé an tairiscint ar dtús. “Níl aon suim agam i dteilifís réaltachta agus nuair a fuair mé glao ón gcomhlacht léirithe ní róthógtha a bhí mé leis an smaoineamh. Ach luaigh mé le m’iníonacha é agus ba bhotún é sin! Dúirt siad liom gur rud mór a bheadh ann. Ansin d’iarr m’iníon Kate orm dul isteach san óstán chun airgead a thiomsú i gcomhair Ospidéal Mhuire na Leanaí i gCromghlinn. Agus ba é sin an fáth a ghlac mé leis an tairiscint. Bhí gníomhaíochtaí tiomsaithe airgid ar siúl cheana féin ag Kate ar son an ospidéil mar is ansin a cailleadh a hiníon, Lucie, go gairid i ndiaidh di teacht ar an saol.”
Cé gur briseadh croí príobháideach mhuintir Creedon ba chionsiocair le John páirt a ghlacadh i Fáilte Towers, bhain sé taitneamh as an taithí in ainneoin na hoibre crua a bhí le déanamh agus thaitin cuideachta na n-iomaitheoirí eile leis.
“Táim fós i dteagmháil le Liz O’Kane agus Don Baker agus ba bhreá liom bualadh le Joe is Donna McCaul, ba chraic iontach iad.”
Ní foláir nó go bhfuil a phort athraithe ag John ar phointe na teilifíse réaltachta ós rud é go bhfuil sé páirteach sa chéad sraithchlár eile faoi láthair. Ach teilifís réaltachta de shórt eile atá i The All Ireland Talent Show a bhíonn ar siúl gach Domhnach. Tá John ar an taobh eile den bhord an babhta seo, áfach, agus iomaitheoirí á meas aige. “Tá an-chuid daoine tallannacha amuigh ansin agus teastaíonn uainn deis a thabhairt dóibh an tallann sin a léiriú agus a fhorbairt.”Ar ndóigh, tá an-chuid daoine amuigh ansin nach bhfuil tallann acu, ach le breis agus ceathrú céid tugtha ag John ag casadh ceirníní, éireoidh leis na hiomaitheoirí tréitheacha a aithint uathu siúd a bhfuil dul amú orthu faoina dtallann. Agus murab ionann is leithéidí Simon Cowell is Louis Walsh, cuirfidh sé an dul amú sin in iúl ar shlí mhíntláith a mbeadh a mháthair mórtasach as.