Tá feirmeoirí na hAstráile ag gnóthú go leor airgid as onnmhairiú caorach ach is minic a fhulaingíonn na hainmhithe cuid mhór agus iad á n-iompar thar lear. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.
Tá áit faoi leith ag an gcaora i stair agus i gcultúr na hAstráile ó tháinig daoine de bhunadh na hEorpa go dtí an tír. Bhí sé de nós a rá i lár an chéid seo caite go raibh an Astráil ag marcaíocht “ar mhuin na caorach”. Bhí olann á díol ar phunt an punt - ba lomra óir a bhí ann gan aon amhras. Roimhe sin, bhí traidisiún ag baint leis na daoine a bhí ag tiomáint na dtréad caorach na céadta míle le beathú nó le lomadh. Tá tagairtí go fairsing don traidisiún sin i bhfilíocht agus in amhráin na tire.
Bhí cáil freisin ar na lomthóirí a raibh fochultúr dá gcuid féin ag baint leo - a gcuid taistil, an obair agus an spraoi a bhíodh acu agus na héachtaí (más fíor) a rinne siad. Daoine ar nós Jackie Howe a lom 321 caora in 1892 le deimheas láimhe i seacht n-uaire an chloig agus 40 nóiméad. Dúradh faoi go raibh lámha air mar bheadh plátaí dinnéir. Níor sáraíodh an iarracht sin go dtí 1950 agus ba le deimheas leictreach a rinneadh é sin. Tá chuile sheans ann nach sárófar an iarracht sin choíche le gaireas láimhe.
Ach níorbh iad na laochra atá imithe a bhí sa nuacht le gairid ach na caoirigh atá imithe - 57,000 acu. Bhí siad ar bord loinge ar a mbealach ón Astráil go dtí an Araib Shádach. Diúltaíodh glacadh leo ansin mar go raibh an galar béal scrathach ar 6% acu agus nach nglacfaí le haon long le galar ar níos mó ná 5%. Diúltaíodh i gcalafort eile in aice láimhe iad freisin agus tá siad fós ar an bhfarraige tar éis seacht seachtainí a bheith caite acu ag taisteal.
Dúradh le gairid go mbeidís le fail saor in aisce ag aon tír san Afraic nó sa Meán Oirthear a bheadh sásta glacadh leo. Níor réitigh sé sin an scéal. Ceaptar go bhfuil ar a laghad 3,000 de na caoirigh tar éis bháis agus go bhfuil drochbhail ar chuid mhaith de na cinn atá fós beo. Tá lucht cearta ainmhithe ag rá gur chóir na hainmhithe atá fanta a mharú sa gcaoi nach mbeidís ag fulaingt de bharr an teasa agus an aistir gan staonadh atá orthu.
Tá an-tábhacht ag baint le honnmhairiú caorach agus beithíoch beo as an Astráil go dtí an Meánoirthear agus an Áis. Is fiú $1 billiún (€590 milliún) an margadh caoireola in aghaidh na bliana agus, cé go bhfuil na feilméaraí breá sásta leis an scéal, níl chuile dhuine eile. Bíonn deacrachtaí ó am go chéile, go háithrid i gcás caorach ag dul go dtí an Meánoirthear. Cuireadh stop leis an margadh sin ar feadh tamaill anuraidh nuair a diúltaíodh trí long as a chéile ag teacht as an Astráil. Tá roinnt mhaith daoine ann a cheapann gur chóir an margadh i gcaoirigh beo a stopadh ar fad mar gheall ar an teas agus an baol ó ghalair agus ocras.
Is é an scéal is deireanaí sa gcás seo nach bhfuil a fhios go beacht cá bhfuil an long faoi láthair nó cá bhfuil a triall. Tá $10,000 á thairiscint ag eagras cearta ainmhithe d’aon duine atá in ann an long a aimsiú. Tá brú ar an Rialtas leigheas a fháil ar an scéal go sciobtha ach ní cosúil go bhfuil siadsan in ann mórán a dhéanamh.
Is cuma cén chúis atá leis, is cinnte go bhfuil bealach níos fearr le trádáil mar seo a eagrú agus fadhbanna a réiteach.
Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.