TEANGA AGUS CULTÚR
An scannán cáiliúil Saoirse? ar fáil ar DVD anois
Antoine Ó Coileáin Antoine Ó Coileáin Antoine Ó Coileáin

Ba é Saoirse? an dara scannán ag baint le stair na hÉireann sa 20ú haois a rinne an stiúrthóir George Morrison do Gael Linn. Tugann Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, eolas anseo faoi ábhar an scannáin, atá á eisiúint ar DVD an mhí seo den chéad uair.

Íomhá
Stiúrthóir Mise Éire agus Saoirse?, George Morrisson
Íomhá
Tá cuairt de Valera ar an gClár le feiceáil sa scannán Saoirse?
Íomhá

Caibidil eile i stair na hÉireann atá againn sa scannán Saoirse? ina bpléitear leis an tréimhse 1919-1922. Cé go raibh críoch chaithréimeach leis an scannán Mise Éire *a tháinig amach dhá bhliain roimhe sin, ní hamhlaidh do *Saoirse? An chúis atá leis sin ná go gcuimsíonn sé tréimhse inar tharla ní hamháin Cogadh na nDubhchrónach, an sos cogaidh, an Conradh, bunú an tSaorstáit agus córas rialtais Stormont ach ar ndóigh mórthubaiste an Chogaidh Chathartha freisin. Tá sé suntasach mar sin go bhfuil comhartha ceiste leis an teideal.

Eisíodh an scannán sa bhliain 1961. Bhí glacadh an-mhaith leis ag an am agus chuaigh ceol Sheáin Uí Riada i bhfeidhm go mór ar dhaoine. George Morrison a bhí ina léiritheoir agus bhain sé úsáid fhorleathan as ábhar cartlainne chun an scéal a ríomh. Caomhnóir agus cláraitheoir ab ea Morrison agus a bhuíochas dá chuid oibre tá fáil againn ar íomhánna a bheadh caillte murach é.

Is éard atá le feiceáil ag tús an scannáin ná teacht le chéile an Chéad Dáil ar an 21 Eanáir 1919. Baineann sé geit as daoine go fóill mórcharachtair na linne a fheiceáil agus iad ina mbeatha: an Coileánach ag bailiú síntiús don Iasacht Náisiúnta i 1919 agus scuaine de phearsana móra ag teacht chuige, leithéidí Griffith, Desmond Fitzgerald agus Joseph McGuinness. Déanann an scannán cur síos ar na heachtraí uafáis sna blianta le linn Chogadh na nDubhchrónach, go háirithe an léirscrios a rinneadh ar bhailte mar Mhainistir Fhear Maí, Bhaile Brigín, Áth Troim, an Gránard agus Chorcaigh.

na sluaite móra a bhí ag tacú leis an ngluaiseacht le feiceáil, mar shampla, le linn shochraidí Thomáis Mhic Curtáin, Thraolaigh Mhic Shuibhne agus shochraidí Mhic Aoidh, Mhic Fhlannacha agus Uí Chlúin. Leagtar an-bhéim ar an gciapadh a d’fhulaing an gnáthdhuine de bharr toirmisc agus ruathar díoltais. Tugann an scannán an stair chun beochta agus in amanna tá sé ar nós bheith ag breathnú ar an nuacht. Tá an ruathar inar scaoileadh Seán Ó Treasaigh le feiceáil ann; círéibeacha ó thuaidh agus radharcanna den phróiseas síochána. Léiríonn míreanna den scannán an chuairt a thug de Valera ar an gClár, ar Luimneach agus ar Ghaillimh. Is féidir le daoine comparáid a dhéanamh idir Saoirse? agus scannáin ár linne ar nós Michael Collins agus The Wind that Shakes the Barley. Is eol dúinn go ndearna léiritheoirí na scannán úd grinnstaidéar ar bhunábhar *Saoirse?. *Féach, mar shampla, arm Shasana ag fágáil an Chaisleáin nó bunú chúirteanna Shinn Féin.

Slógaí polaitiúlaradharcanna suntasacha sa scannán a thaispeánann na slógaí polaitiúla a bhí forleathan san am sin, mar shampla, de Valera agus an Coileánach i mbun toghchánaíochta. Ríomhann an scannán na himeachtaí ba chionsiocair leis an gCogadh Cathartha nó Cogadh na gCarad. Tá Liam Ó Maoilíosa le feiceáil ag caint i mBaile Uí Bhódáin, léigear na gCeithre Cúirteanna agus cath i Sráid Uí Chonaill agus go leor eile.

­­­­­­

Críochnaíonn an scannán Saoirse? le léiriú dólásach ar an gcríoch dhearóil a bhí leis an scoilt sa ghluaiseacht náisiúnta. “Agus is mar seo a briseadh croí na cathrach, croí an náisiúin; is mar seo a scaradh na compánaigh. Críoch le cath agus tús le cogadh – cogadh cráite na mbráthar. Goirt anocht deireadh ár scéil.”

Rinneadh athmháistriú ar an scannán féin i gcomhair an DVD agus cuireadh fotheidil Bhéarla leis. Tá an fuaimrian le Seán Ó Riada á eisiúint ina iomláine den chéad uair ar dlúthdhiosca, atá in aon bhosca leis an scannán. Is díol suntais an úsáid chruthaitheach a bhain an Riadach as foinn ón traidisiún, leithéidí “A Dhroimín Donn Dílis”, “Boolavogue” agus “An Buachaill Caol Dubh”. Mar threoir don lucht féachana agus éisteachta, tugtar eolas i leabhrán maidir le príomhimeachtaí an scannáin agus na míreanna ceoil a bhaineann leo. Bunáis thagartha is ea an scannán Saoirse? d’aon duine ar suim leis stair na hÉireann. Seo an dara scannán atá eisithe ag Gael Linn san fhormáid seo agus tá tuilleadh beartaithe. Beidh sé ar fáil sna siopaí ar €25 ón 15 Bealtaine nó is féidir é a ordú ar líne ag www.gaellinn.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.