Bean a chaith am is allas go leor ag scríobh do na sraitheanna teilifíse, Ros na Rún, Seacht agus Aifric í Ailbhe Nic Giolla Bhrighde. As Tír Chonaill ó dhúchas, bhí aithne fhorleathan ar a hathair Tom an Bhungaló. Tá leabhair a scríobh sí aistrithe go Sínis, go Gàidhlig agus go teanga na Cóiré. Chas Seosamh Mac Muirí léi agus thoisigh an chaint.
»»»Amharcann Breandán Delap ar an chinneadh deireadh a chur leis an Ghaeilge mar ábhar scrúdaithe i Sasana.
»»»Is ait an mac saol na polaitíochta nuair a chinneann duine aonair iompar poimpe a tharraingt anuas orthu go léir. Scríobh Bearnaí Ó Doibhlin faoi as an Astráil.
»»»Níor bhain an gadaí deireadh dúile de do rothar go fóill. Tá Roseanne Smith ag lorg bealach teicneolaíochta thart ar fhadhb ghadaíocht na rothar, grá ár gcroí iad na rothair chéanna.
»»»Tá an Rialtas i ndiaidh forbairt turasóireachta a sheachaint nuair a bheartaigh siad Slí an Atlantaigh Fhiáin, dar le Tony Birtill. A mhalairt de chur chuige atá le feiceáil sa Bhreatain Bhig agus i Sasana.
»»»Bhuail Diarmuid Johnson le bean mhór le rá a raibh lámh aici i stair cheoil na hÉireann agus a raibh suim dá réir aici. Bhuail sé le fear beag le rá chomh maith ag an am céanna.
»»»Is é Pádraig Domhnaill fíor-rí Dhún Windsor dar le Balor agus níl gar ná gaobhar ag Mícheál Domhnaill air.
»»»Deir Donncha Ó hÉallaithe gur mó dochar ná maitheas a dhéanfaidh an stocaireacht atá ar bun ag Conradh na Gaeilge ar na hiarrthóirí atá ag seasamh i dToghcháin na hEorpa.
»»»Is fearr an leathbhuilín ná a bheith gan arán ar fad. Dá strómhaire é saol iarthar domhain, dar le Ciarán Mac Aonghusa, ar a laghad ar bith is féidir labhairt amach go neamhfhaiteach is le feirg faoi.
»»»Dhírigh Colm Mac Séalaigh a aird ar cheist a tharraing cur is cúiteamh go leor le deireanas. Is é sin, ceist Deán na Spéire, mura miste leat, nó an cainéal Sky.
»»»Chaith John-Paul Mc Carthy seal ag cíoradh leabhair ar pholaiteoir Briotanach a bhfuil cuimhní go leor faoi in Éirinn, an t-iar-Stát-Rúnaí Gnóthaí Baile, Roy Jenkins.
»»»Bhí Mícheál Ó hAodha ag machnamh ar ghnéithe zenúla na scríbhneoireachta a d’eascair as tuairimí William Strunk, tuairimí arbh fhiú do dhuine a leagan roimhe mar mhíreanna treorach, b’fhéidir, i réimsí eile saoil.
»»»Tuairiscítear go mbeidh ar charthanais seirbhísí a chur ar fionraí de dheasca titim mhór sna síntiúis. Chuaigh Niamh Ní Shúilleabháin ag iniúchadh dúshlán na hearnála deonaí muinín an phobail a chothú sna carthanais arís.
»»»B’fhéidir go raibh Gráinne Campion ag iarraidh smearadh den ádh a thabhairt léi nuair a bhuail sí le Patrick Clarke lena cheistiú faoi Chraobh Oscailte Pócair na hÉireann 2014 a bhaint ar na mallaibh.
»»»Ná fan leis an mhuirthéacht Ghaeilge a chairde. Tá Robert McMillen den tuairim gur thoisigh sé cheana féin agus tá sé ar bun ar áit gar duit féin más ar thalamh ghlas na hÉireann atá tú.
»»»Chonaic Ciara Nic Gabhann gnéithe fiúntais san Fhéile Phan-Cheilteach i nDoire i mbliana nach dtugtar suntas dóibh ar an chéad amharc. Is féidir comhoibriú, aithne, comhthuiscint agus cairdeas a áireamh ina measc.
»»»Ghlac Brian Ó Broin staidéar ar ghné thruamhéalach a bhaineann le SAM, gnóthaí cine. Má tá cead suí ar bhus agus cead vótála faighte, tá obair ollmhór shóisialta le déanamh go fóill.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.