CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2014
Íomhá
Buaic-Ghradaim Chumarsáide 2014, Gearóid Ó Cairealláin
Íomhá
Abú Media sásta leo féin, An Garraí Glas, Sraith na Bliana
Íomhá
Uactharán an Oireachtais, an Dr Pádraig Ó hÉalaí, Doireann Ní Fhoighil & Louise Ní Fhiannachta
Íomhá
Helen Ní Shé, craoltóir raidió na bliana & le comhramh do An Saol Ó Dheas
Íomhá
Nóirín Ní Chonghaile & Pádraic Ó Ciardha TG4, Láithreán Gréasáin na Bliana, Sean-Nós

Má théann tú chuig na Gradaim Chumarsáide, molaim gúna dubh a chaitheamh. Bíonn siad ann ina dhiaidh sin, an scaifte ildaite agus buíon na báine chomh maith le dream na duibhe, iad go léir ag amharc go maorga agus go hálainn. Buíon na báine, nó líon beag díobh, is iad a mhill na Gradaim orm i mbliana, mo léan. Bhí mé ag dréim leis an tseacláid dhubh leáite anuas as na Flaithis ar na sútha talún mar a bhí againn anuraidh. Ní raibh aon sú talún romham faoina culaith seacláide is níor itheadh romham é sular dhrann mé le bord na sóláistí. Is é an chaoi gur thosaigh an giob geab i ndiaidh Gradaim na bliana seo chuaigh thart. Mná na ngúnaí bána ba chionsiocair leis an éagaoineadh is cosúil, cionn is gur leáigh an tseacláid ar a gcuid gúnaí, go feiceálach, a fhad is d’fhan siad ag geabaireacht in ionad a bheith ag placadh leo. Chuir siad siúd, smoladh orthu, i gcoinne na seacláide agus bhí muinn dá huireasa i mbliana.

D’ainneoin m’anó seachláide i mbliana, fuair mé mo sháigh bia anama is intinne ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 16 Bealtaine 2014. Bhain ceann de na cláir a dtugaim taitneamh dó i dtólamh, An Garraí Glas le Abú Media duais don tsraith is fearr. Bhain scéala Louise Ní Fhiannachta faoi Pháidí Ó Sé cnead cumha as an tslua nuair a mhínigh sí go mbeadh Páidí 59 bliana d’aois an lá sin, dá mairfeadh sé, beannacht Dé leis. Léiríonn nochtadh scéal Gaeltachta mar sin ag na Gradaim Chumarsáide a lárnaí is atá tionscal na físe i saol na Gaeilge. Is iontach go bhfuil an tionscal ar an bhfód agus ní fios cé na teangacha eile a ndíolfar cláir is seirbhísí eile leo amach anseo.

Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais

D’éirigh lán an tí ina seasamh le bualadh bos a thabhairt do Ghearóid Ó Cairealláin nuair a fógraíodh chun an ardáin le Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais a ghlacadh ón Aire Stáit Donnchadh Mag Fhionnghaile. I ndiaidh do Ghearóid labhairt leis an ceamara, d’iompaigh sé thart le teacht anuas den ardán agus is ansin a chonaic sé lán an tí ina seasamh ag bualadh bos dó in athuair.

Tá Oireachtas na Gaeilge molta agus mise im’ thost as na Gradaim a reáchtáil is gan ligean do na comhlachtaí seo, na craoltóirí Gaeilge ar na stáisiúin Bhéarla a bheith slogtha agus báite uilig gan aitheantas ar bith ag lucht tráchtála Bhéarla na tíre. Is breá an t-aitheantas IFTA lá ar bith ach ná fágtar acu siúd na gradaim a bhronnadh ar an mhaith atá déanta. Nílimid i dtaobh le haon phocán ghabhair anseo, ach is tionscal meall comhlachtaí is craoltóirí, aisteoirí is scríbhneoirí atá againn, tionscal a bhfuil mianach is fuinneamh iontu.

Reicimis a bhfuil le roinnt againn i réimsí físe i Londain agus i gcríocha i gcéin, mar nílimid gan chairde i dtíortha thar lear ná i dtíortha atá lasmuigh de dhomhan an Bhéarla. Tá meas ar roinnt de na comhlachtaí ‘Gaeilge’/físe seo cheana féin san imigéin. Is mór an leas freastal ar na Gradaim Chumarsáide (fiú amháin má bhíonn an tsú talún gan a culaith seacláide).

Buaiteoirí Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2014

1. TEILIFÍS: SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
Garraí Glas, Abú Media

2. TEILIFÍS: SCANNÁN / CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA
Páidí Ó Sé – Rí an Pharóiste, Magamedia

3. TEILIFÍS: CRAOLTÓIR TEILIFÍSE NA BLIANA
Róisín O Hara, Róisín

4. AISTEOIR NA BLIANA
Doireann Ní Fhoighil, Rúbaí, Rúbaí

5. RAIDIÓ: CLÁR / SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA
An Saol ó Dheas, Raidió na Gaeltachta

6. RAIDIÓ: CRAOLTÓIR RAIDIÓ NA BLIANA
Helen Ní Shé, Raidió na Gaeltachta

7. IRISEOIR/COLÚNAÍ NA BLIANA
Alan Titley, Irish Times

8. LÁITHREÁN GRÉASÁIN NA BLIANA
http://www.tg4.ie/seannos, TG4

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.