Chaith John-Paul Mc Carthy seal ag cíoradh leabhair ar pholaiteoir Briotanach a bhfuil cuimhní go leor faoi in Éirinn, an t-iar-Stát-Rúnaí Gnóthaí Baile, Roy Jenkins.
Éist anseo leis an alt á léamh ag Caitríona Budhlaeir, Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile Corcaigh. Is ó Bhaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí í Caitríona.
Nuair a chuir duine éigin ceist ar an iriseoir cháiliúil Walter Bagehot mar gheall ar cháilíochtaí an Phríomh-Aire Bhriotanaigh fhoirfe, thagair sé don ‘mheon tánaisteach’ nó an “reserve mind”. B’é sin an bua ba thábhachtaí sa pholaitíocht dar le Bagehot, agus is é a bhí i gceist aige leis an gcoincheap sin ná gné ar leith den intleacht atá neamhspleách ó himeachtaí laethúla chóras na polaitíochta, gné a dhéanann fadhbanna teibí a scagadh gan cur isteach ó fhadhbanna gearrthéarmacha. Agus beathaisnéis iontach le John Campbell á léamh, is deacair an rud é éalú ó choincheap Bagehot agus éachtaí Roy Jenkins (1920-2003) á mheas aige.
Déanann Campbell cur síos gairmiúil sonrach ar shaol Jenkins, saol a tosnaíodh i ngleannta guail na Breataine Bige tar éis an Chéid Chogaidh Mhóir. Mianadóir meánaicmeach de chuid Pháirtí an Lucht Oibre ab ea athair Roy, Arthur Jenkins, a ghríosaigh a mhac chun iarracht a dhéanamh céim a dh’fháilt ó Bhalliol College, Oxford agus aghaidh a thabhairt ar Theach na gCoimíní tar éis 1945. B’shin a rinne Roy tar éis dó seal ama a chaitheamh i mBletchley Park ag iomrascáil le códanna míleata casta na Naitsíoch. Sula bhfad tar éis do Roy suíochán a bhuachaint i 1948 i Londain, bhuail sé lena beau idéal polaitiúil, Hugh Gaitskell, an Seansailéir deireanach a bhí ag Attlee roimh fhilleadh Churchill i 1951, agus namhaid glan ag an eite chlé i bPáirtí an Lucht Oibre, lucht Aneurin Bevan.
A Thionchar in Éirinn
Fiú sular tugadh na postanna sinsearacha cáiliúla sin do Jenkins idir 1964 agus 1970, thaispeáin sé éirim agus cur chuige neamhchoimeádach ina chuid scríbhínní agus ina chuid aitheasc parlaiminte. Is féidir lena léitheoirí Éireannacha rian dá thionchar ar smaointí Garret FitzGerald sna 70idí a bhrath san aitheasc seo uaidh sna 50idí nuair a cháin Jenkins an neodracht le linn thús an chogaidh fhuair idir ECAT agus an tAontas Sóivéadach.
“Neutrality is essentially a conservative policy, a policy of defeat, of announcing to the world that we have nothing to say to which the world will listen...Neutrality could never be acceptable to anyone who believes that he has a universal faith to preach. And those countries which have successfully adopted it in the past have paid the price of becoming little islands full of frustrated hedonists. Switzerland and Sweden are as ideologically sterile as they are physically undevastated.”
Ina leabhar deireanach roimh a bhás, scríobh Garret FitzGerald rud éigin a bhí an-chosúil leis an méid sin i Ireland in the World.
“I could never regard our decision to opt out of western European defence and to rely for our defence exclusively on a combination of other states in the formulation of whose policy we have no say as being in accordance with our dignity as a state, or with our moral responsibilities.”
An tOileáinín Mé-Féineach
Ní fhéadfadh Jenkins éalú ón “gceist Éireannach” agus é ina Stát-Rúnaí Gnóthaí Baile na Breataine idir 1965-67 agus arís ó 1974-77. Ghlac sé freagracht indíreach ar rialtas Stormont go dtí 1967, agus thug sé tacaíocht ansin do bheartais liobrálacha an Chaptaen Uí Néill. Ach nuair a seoladh thar n-ais é go dtí an Home Office i 1974, bhí Jenkins i gceannas ar bheartais frith-scéimhlitheoireachta na Breataine.
Tugann Campbell léargas ar leith dúinn ar chur chuige Jenkins le linn stailc ocrais na ndeirfiúracha Price, Marion agus Dolours, i mBrixton, beirt dar ciontaíodh as buamáil an Old Bailey agus a bhí i gcarcair le fiche bliain. “Fortified by one of Roy’s dangerously potent dry Martinis”, mhol a chomhairleoir Anthony Lester don Stát-Rúnaí gan géilleadh do bhagairt na ndeirfiúracha go nglacfaidís lámha ina mbás féin muna gcuirfí iad siar go carcair Éireannach. Ghlac Jenkins leis an gcomhairle sin, le heisceacht amháin. Cheap sé go ndéanfaí mairtírigh bolscaireachta den bheirt acu dá bhfaighfidís bás sa Bhreatain, agus d’fhonn é sin a sheachaint, thug Jenkins le fios go príobháideach d’idirdhealaithe cléireacha go mbéadh sé sásta iad a bhogadh go Béal Féirste níos déanaí dá nglacfaidís le leachtanna láithreach bonn baill. Ba leor an méid sin chun deireadh a chur leis an stailc.
Thaispeán Jenkins an sang-froid céanna nuair a dhiúltaigh sé d’achainí na bpóilíní cártaí aitheantais a thabhairt isteach d’eisimircigh Éireannacha sa Bhreatain tar éis bhuamaí Guildford agus Bristol i 1974. Nuair a thóg sceimhlitheoirí gialla i Marylebone i 1975, bhí eagla an domhain ar Jenkins go dtosnódh Coimisinéir an London Metropolitan Police cath gunnaí ar na sráideanna “without a firm political lead”, rud a thug Jenkins dó. Luann Campbell eachtraí ilghnéitheacha eile sa leabhar a léiríonn meon tánaisteach Jenkins fé lán seol, an cur chuige mall muiníneach sin a bhí le feiscint agus é i gceannas ar Státchiste na Breataine ó 1967-70 agus ar Choimisiún an Aontais Eorpaigh ó 1977.
Scríbhneoir agus bon-viveur ab ea Jenkins mar aon le polaiteoir cumasach (bhí caidreamh collaí aige lena chomhghleacaí Tony Crosland le linn a óige agus le deirfiúr Jackie Kennedy níos déanaí, peacaí pearsanta a ghnóthaigh maithiúnas óna bhean chéile Jennifer). B’fhéidir gurbh iad na gnéithe seo dá shaol a thug fairsinge agus iolrachas dá oilithreacht pholaitiúil.
- Is scríbhneoir staire ó chathair Chorcaí John-Paul McCarthy.