Níl ann ach amadán an bhaile a déarfadh a lán daoine leat. Is fear ramhar é nach dtugann aire cheart dó féin agus bíonn sé fial lena chuid cainte nuair a fheiceann sé daoine ag siúl thart sa tsráid. Bodhraíonn sé daoine le dánta beaga seafóideacha. Ina dhiaidh sin go léir, ní thuigeann an pobal gur bhuail carr é go dona ina óige, ba ar éigean a tháinig sé beo as agus fágadh sláimín airgid i gcuntas dó nuair a thiocfadh sé in inmhe. Tháinig, ach níl a fhios agam cén fiúntas a bhí sa chiste airgid sin.
Ní raibh sé grod ná gránna le duine ar bith, ariamh, go bhfios dom, agus is túisce an gáire chun a bhéil ná a dhath eile. Bíonn sé suairc i dtólamh agus beannaíonn sé do chách. Coimhthígh is cairde nach bhfuil faoi dheifir, bainfidh sé caint astu. Molann sé duine corruair. Thug fear Gaeilge ar m’aithne leabhar beag dá dheartháir saor in aisce anuraidh. Is duine eile nach bhfuil ar fónamh an deartháir céanna. Tamall fada ina dhiaidh sin, shiúil mo chara cuid de bhealach na sráide leis ‘an amadán’. Bhí siad scartha leathchéad troighe nuair a chuala sé an abairt ina dhiaidh, “Brian, you’re a good man, you’re a good man”. Bheannaigh sé ar ais dó. Chuaigh an moladh i bhfeidhm go mór air agus dúirt sé liom go mb’fhéidir nach bhfuil duine san áit a thuigeann croí gach éinne ar an bhaile chomh maith is a thuigeann ‘amadán an bhaile’ iad.
Chaith fear an léinn blianta ag teagasc sa Ghearmáin agus i dtuaisceart na hAfraice, rud a d’fhág go bhfuil a chuid Fraincise níos fearr ná a chuid Araibise, Laidine agus a chuid Gréigise, agus tá sí chomh snasta lena chuid Gearmáinise, Gaeilge, Béarla. Tháinig bean álainn as an Ghearmáin leis chun an bhaile, ach chrap sí chun bealaigh blianta ina dhiaidh sin. Theagasc sé áireamh agus teangacha seal blianta i meánscoil in Éirinn ach ní raibh sé in ann rang a smachtú, agus nuair nach bhfuil, scaoileadh chun bealaigh é. Ní chuireann daoine mórán suime ann, óir níl sé feistithe ró-iontach anois is níl aon mhustar ná éirí in airde ann. Ní thabharfar faoi deara an duine atá ró-umhal is róbhéasach, is dócha. Ní thuigeann daoine go bhfuil fear comhrá an-spéisiúil atá ag sleamhnú tharstu i ngan fhios ar a bhealach chun na leabharlainne. Tá sé ann mórán i ngan fhios don tsaol mhór
An Fhealsúnacht
Mhúscail fear an chreidimh ar theanga talún idir autobahn agus bóthair iarainn. Bhí a shaol go dtí sin caite i mbun adhradh na cnáibe, á caitheamh is á díol. Anois bhraith sé fann folamh ar chuile bhealach i n-éis a raibh is nach raibh feicthe aige sa tsaol agus bhí an t-anam ann a thiomáineann an duine chomh folamh leis féin. Bhí sé chomh spíonta is nach raibh, dar leis, ach an dá rogha roimhe. É féin a theilgean amach roimh charranna an autobahn nó roimh thraein ar an bhóthair iarainn.
Thosaigh sé ag siúl go mall idir an dá bhealach ag meá na ceiste. Cén bealach a roghnódh sé? Rith roinnt nathanna leis a chuala sé in imeacht na mblianta, nathanna a thit as béal daoine a casadh dó. Bhí cuid acu iontach saoithiúil uilig agus sular roghnaigh sé aon cheann den dá rogha, bhí ceisteanna eile roimhe anois. Tá sé ag lorg na bhfreagraí gach lá agus ní gá domsa aon leabhar fealsúnachta a léamh anois. Ní gá dom ach dul chuig aifreann (Béarla) na n-oibrithe ag am lóin agus bualadh leis lasmuigh de theach an phobail.
Rachaidh mé leis le haghaidh braon tae nó caife, cuirfidh mé ceist is breacfaidh mé corrnóta, faoi bhraistint an duine, faoi na fótáin, is faoin tsolas. Tagróidh seisean do na leabhair Bhéarla ar fad is don Bhíobla agus tarraingeoidh mise as na seanfhocail agus as dearcadh na Gaeilge. Rachaidh mé ó na nótaí an oíche sin chuig Chrome agus déanfaidh mé ransú ansiúd. Ní fios an t-eolas atá cnuasaithe ag fear an chreidimh faoin am seo. Tá na leabhair uilig léite aige agus fuair sé a chuid dintiúirí san ábhar. Níor spéis leis dul ag léachtóireacht áfach. Dá mba mhian leis dul i bhfeidhm ar éinne, níor ghá dó, dar leis, a bheith i láthair. Níor ghá dó imeacht ón bhord sin a bhfuil an cupán tae amach roimhe air.
Is Míorúilt gach Meandar
Bliain is an taca seo, labhair stócach Ciarraí amach ar son an tríú rogha, an seachbhealach más maith leat, nó an rogha nach autobahn ná bóthar iarainn é, rogha na beatha. Beannacht Dé leis, déanaim amach go gcaithfeadh sé gur imir focail Donal Walsh tionchar ar dhaoine a bhí buailte síos sa tsaol ag an am. Dá gcuirfidís an tríú ceist orthu féin agus dul ag lorg na bhfreagraí, ba mhór ab fhiú don chuid eile againn iad a bheith inár measc. Ní fios an tuiscint a chnuasófaí ar an tsaol bhraonach cheachartha mhíorúilteach álainn seo.