Cartlann
gluais Gluais
EAGRÁN #123 · IÚIL 2011
Íomhá
AGALLAMH BEO
Robert McMillen

Bhuail Robert McMillen le fear a bhfuil tionchar mór ar dhá thaobh na teorann i saol na craoltóireachta agus i saol an chomionannais, an fear a bhí ina Ard-Stiúrthóir ar RTÉ nuair a cuireadh TG4 ar bun. Tá Bob Collins sáite in obair an athraithe go córas digiteach craolacháin faoi láthair.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Bearnaí Ó Doibhlin

Is cosúil go bhfuil páirtithe móra na hAstráile ag moladh an chruas croí i leith lucht dídine na mbád neamhúdaraithe chucu as an Áis. Tá Bearnaí Ó Doiblin ag faire an scéil.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Tony Birtill

muintir Learphoill ag cur lena gcuid eolais orthu siúd dá sinsear a thaistil go hÉireann ina ‘n-óglaigh armtha ag teacht thar sáile’ mar chuid de Éirí Amach na Cásca nach mór céad bliain ó shin. Bhí Tony Birtill i láthair ag cruinniú den Choiste Cuimhneacháin.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Alex Hijmans

An té atá as obair abhus agus ar mhaith leis taithí saoil is oibre a fháil i dtír gheal eachtrach, tá comhairle ag Alex Hijmans dó: foghlaim blaiseadh den Phortaingéilis, faigh teastas TFL anois agus gabh chun na Brasaíle.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Pat Butler

Tá dhá scannán molta ag Pat Butler an iarraidh seo. Deir sé gur scannáin eisceachtúla iad agus táid ar a gcamchuaird pictiúrlainne faoi láthair.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ SPÓIRT
Colm Mac Séalaigh

An té atá thíos, buailfear cos air. An laoch tite nach bhfuil gean an phobail air a thuilleadh, sin é a tharraing aird Cholaim Mhic Shéalaigh.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

An féidir an spealadh geilleagair a sheachaint ar bonn áitiúil ach eagrú chuige agus oibrithe oilte a choinneáil i do cheantar féin? Bhí Ciarán Mac Aonghusa ag meá na ceiste sin ar na mallaibh.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Pat Butler

Mealladh Pat Butler arís chuig ceol Bob Dylan le seinnteoir MP3 anuraidh, ní a tharraing isteach chuig coirm cheoil Dylan i bPáirc Uí Chaoimh é leis.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Tá Roseanne Smith ag moladh na gcomhdhálacha agus molann sí do lucht comhdhála amháin aird a dhíriú ar ghné ar leith ina gcur chuige an bhliain seo chugainn.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Balor

Fear imeartha fológaí in Áras na hUachtarlainne agus an fear a bhunaigh 2RN, bhí Balor Béimeann ag brú ceisteanna eascairdiúla orthu i dtaca lena bhfeachtas Uachtarlainne. “Is tiubh gach uachtar agus bíonn an-phinsean leis” a d’fhógair siad!

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Maidhc Ó Cathail

Níl i roinnt den sceimhlitheoireacht a nochtar i SAM ach drámaíocht agus aisteoireacht ina dtreoraítear go slítheánta an corrchréatúr neoid chun na carcrach. D’áireodh Maidhc Ó Cathail Adam Gadahn i measc na stiúrthóirí ardáin.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Brian Ó Broin

Ní bhítear mar a theilgtear, ar chláir theilifíse ar aon chuma. Tá comhlachtaí scannáin Chalifornia go maith ag soláthar íomhá den saol meánscoile i SAM nach siúlann ar an bhfírinne dar le Brian Ó Broin.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Ciara Nic Gabhann

Chonaic Ciara Nic Gabhann droichead coisithe á oscailt le gairid mar a bhfuil an saothar ealaíne ollmhór, an Móinéar Balbh, anois, i nDoire Cholm Cille.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Robert McMillen

contúirt áirithe ann i dtólamh, dar le Robert McMillen, ar cheart a aithint agus a bheith faicheallach ina thaobh.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Donncha Ó hÉallaithe

Tá sé fógartha ag Rialtas, nach mbeidh gá le toghchán as seo amach le hionadaithe ón bpobal a roghnú ar Bhord Údarás na Gaeltachta is go bhfágfar an cúram faoin gComhairle Chontae, duine a ainmniú ar bhord an Údaráis. Creideann Donncha Ó hÉallaithe gurb é seo an rogha is measa le guth a thabhairt do phobail na Gaeltachta ar Bhord an Údaráis.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.