AR NA SAOLTA SEO
Athnuachan na Gaeltachta agus Athdhaonlathú an Údaráis.
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Tá sé fógartha ag Rialtas, nach mbeidh gá le toghchán as seo amach le hionadaithe ón bpobal a roghnú ar Bhord Údarás na Gaeltachta is go bhfágfar an cúram faoin gComhairle Chontae, duine a ainmniú ar bhord an Údaráis. Creideann Donncha Ó hÉallaithe gurb é seo an rogha is measa le guth a thabhairt do phobail na Gaeltachta ar Bhord an Údaráis.

Íomhá
Géilleadh daonlathais
Íomhá
Aire Stáit na Gaeltachta, Donncha Mag Fhionnaile TD
Íomhá
Seosamh Ó Cuaig, ball boird
Bibi Saint-Pol a tharraing

Is léir óna raibh le rá ag an tAire Stáit, Dinny Mc Ginley T.D. sa Dáil le gairid go dtuigeann sé go maith go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht. “Is ar éigean go dtabharfadh sé uchtach d’aon duine breathnú ar an staid ina bhfuil an Ghaeilge sa Ghaeltacht i láthair na huaire.” a dúirt sé sa Dáil ar an 26 Bealtaine, le linn díospóireachta ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Thagair sé don méid a dúradh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007), nach raibh fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht ach thart ar 20 bliain eile “mura ndéanfaí gníomh ar bhonn práinne chun cúrsaí a leasú”.

Is léir go dtuigeann an tAire Stáit Gaeltachta go bhfuil práinn ag baint le ceist na Gaeilge sa nGaeltacht. Le linn na díospóireachta thug sé ardmholadh d’Údarás na Gaeltachta as a bhfuil bainte amach ag an áisínteacht stáit “chun deiseanna fostaíochta fiúntacha a chruthú.” Tá an moladh sin tuillte go maith ag an Údarás ach ní hé sin a phríomhchúram. Caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht, an príomhchúram atá ceaptha a bheith ag an Údarás, do réir na reachtaíochta. (Alt 8, Acht Údarás na Gaeltachta,1979).

An tÚdarás – Cuid den Fhadhb nó den Réiteach?

Is léir domsa, ón taighde a dheinim ó am go ham ar líon na gcainteoirí gníomhacha Gaeilge sa Ghaeltacht, gur theip go tubaisteach ar Údarás na Gaeltachta an Ghaeilge a chaomhnú, gan caint ar í a leathadh, mar phríomh-mheán cumarsáide sna ceantracha atá faoina chúram. Is cuid den fhadhb é an tÚdarás nuair is ceart go mbeadh sé ina chuid lárnach den réiteach.

I staidéar a rinne an tOllamh Micheál Ó Cinnéide do Choimisiún na Gaeltachta deich mbliain ó shin, dúirt sé go neamhbhalbh nach bhféadfaí a rá go raibh an príomhchuspóir reachtúil a tugadh don Údarás á bhaint amach aige. Ní hamháin sin ach dúirt sé, gan fiacal a chur ann, go bhfuil “gníomhaíochtaí tionsclaíocha an Údaráis tar éis cur go mór le húsáid an Bhéarla sa Ghaeltacht”.

Síleann lucht an Údaráis, idir fheidhmeannaigh agus bhord, gurb é an cúram atá ar an eagraíocht ná postanna a chur ar fáil, beag beann ar cé na daoine a bheadh sna postanna nó cén tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an bhfostaíocht nuachruthaithe ar an gcothromaíocht teanga sa phobal.

Locht ar an mBord

Mura raibh Údarás na Gaeltachta ag comhlíonadh a ndualgas reachtúil i leith na Gaeilge, tá cuid mhaith den locht ar Bhord an Udaráis. Ní léir domsa go bhfuil mórán tionchair ag an nBord ar dhúnghaoisí ginearálta na heagraíochta. Ní léir go n-ardaítear mórán ceisteanna ag leibhéal an Bhoird faoin dochar a d’fhéadfadh eascairt as ceadú infheistíochta, nach mbeadh de thoradh air ach breis daoine gan Ghaeilge a mhealladh isteach sa Ghaeltacht.

Ní fhéadfadh Bord an Údaráis feidhmiú mar is ceart ar thrí chúis im’ thuairimse:

  • (i) i dtosach tá an Bord rómhór le bheith feidhmiúil;

  • (ii) is comhairleoirí contae nó iarchomhairleoirí contae 13 as an 17 ball tofa ar bhord na heagraíochta, agus ní bheadh sé de mhisneach acu vótaí a chur i mbaol trí sheasamh a ghlacadh, a chuirfeadh caomhnú na Gaeilge roimh chruthú fostaíochta;

  • (iii) de bharr easpa saineolais, ní hacmhainn don bhord dúnghaois a shocrú ná dianscrúdú a dhéanamh ar obair na heagraíochta.

Ní cuimhneach liom, aon uair, aon duine de na baill tofa ag cur moltaí chun cinn maidir le “caomhnú na Gaeilge” sa Ghaeltacht, cé gurb é sin an príomhchúram atá ceapaithe a bheith ag an Údarás. Cé go bhfuil cuid de na baill tofa dílis don Ghaeilge ina saol pearsanta féin, tá cuid eile acu agus is cuma leo faoin nGaeilge, ann nó as. Dúirt duine de na baill is mó a aithnítear a bheith báúil leis an nGaeilge, nach raibh sé sásta mairtíreacht a fhulaingt ar chrois na Gaeilge sa saol polaitiúl. I bhfocla eile, ní bheadh sé sásta seasamh a ghlacadh ar son na Gaeilge ar eagla go gcaillfeadh sé vótaí sa chéad toghchán eile.

An Bord a Scor Anois

Creidim go mba cheart an Bord atá ann faoi láthair a scor tar éis an chéad chruinnithe eile. Tá an tréimhse lenar toghadh iad caite le breis is bliain anois. Níl aon údar maith ann len é a choinneáil níos faide. Ba cheart bord beag eatramhach a chur ina áit, a bheas in ann moltaí a chur os comhair an rialtais maidir le Bille na Gaeltachta, atá le hullmhú.

Cé go bhfuil sé socraithe ag an Rialtas nach mbeidh toghchán ann le Bord den chineál céanna a thoghadh aríst, tá sé ráite ag an Aire Stáit ar Raidió na Gaeltachta go mbeidh cead ag gach údarás áitiúil le Gaeltacht faoina chúram, comhairleoir contae amháin a ainmniú ar Bhord an Údaráis. Má tá an Bord atá ann faoi láthair lochtach, bheadh Bord den chineál sin níos measa fós, im’ thuairimse. Ní comhairleoirí contae a theastaíonn ar Bhord an Údaráis ach ionadaithe ag tíocht aníos ó na heagraíochtaí pobail atá gníomhach ar an dtalamh ag iarraidh an Ghaeilge a chaomhnú sa mhéad beag den Ghaeltacht ina bhfuil sí fós ina teanga bheo bheathach.

Athnuachan Ghaeltachta agus an Daonlathas ón mBonn Aníos

Má tá an Ghaeilge le tarrtháil mar theanga laethúil i measc an phobail, theastódh athnuachan sa Ghaeltacht ón mbonn aníos. Shamlóinn go bhféadfadh roghnú bord nua ar Údarás na Gaeltachta a bheith lárnach don phróiséas athnuachana seo. Caithfí na teorannacha nua Gaeltachta a shocrú i dtosach ar bonn teangeolaíochta, mar atá geallta ag an Rialtas.

Dá mbeadh na teorannacha socraithe, d’féadfaí an Ghaeltacht nua a dhealú ina ceantracha nádúrtha, a dhéanfadh ciall ó thaobh tíreolais de agus ó thaobh cúrsaí teanga chomh maith. Ba cheart ansin lucht labhartha na Gaeilge i ngach ceantar a spreagadh le Coiste Athnuachana a thoghadh, faoina bhfágfaí an cúram Plean Teanga a ullmhú don cheantar agus é a fheidhmiú.

Creidim go mba cheart é a fhágaint faoi na Coistí Athnuachana daoine a ainmniú le seasamh i dtoghchán le bheith ar Bhord Údarás na Gaeltachta.

Ba leor 13 ar Bhord an Údaráis: seachtar tofa ag an bpobal sna ceantracha Gaeltachta ó na daoine a bheadh ainmnithe ag na Coistí Athnuachana; duine amháin tofa ag an bhfoireann oibre agus cúigear eile a bheadh roghnaithe de bharr a saineolais i réimsí ar nós pleanáil teanga, cothú fiontraíochta, forbairt pobail, cúrsaí airgeadais/cuntasaíochta agus pleanáil straitéise.

Choinneofaí ar an mbealach seo an ghné dhaonlathach a bhaineann le Bord an Údaráis agus bheadh an saineolas cuí ar fáil ag leibhéal an bhoird, le go bhféadfadh an bord feidhmiú mar stiúrthóirí ag déanamh cinnte de go raibh an eagraíocht ag comhlíonadh a chuid dualgaisí reachtúla i leith caomhnú na Gaeilge mar mheán cumarsáide sa bheagán den Ghaeltacht atá fágtha.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.