AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Ardscoileanna Mheiriceá – Na Meáin agus an Fhírinne
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Ní bhítear mar a theilgtear, ar chláir theilifíse ar aon chuma. Tá comhlachtaí scannáin Chalifornia go maith ag soláthar íomhá den saol meánscoile i SAM nach siúlann ar an bhfírinne dar le Brian Ó Broin.

Íomhá
Lamhnán Glee
Watchwithkristin ar Flickr
Íomhá
Fort Mill School Band
C. Reeves Bowman ar Picasaweb
Íomhá
Bolsa Grande H.S., Ca.
Tim Krier ar Picasaweb

Ní bhreathnaím ar an teilifís i Meiriceá mórán, agus ní fheicim mórán fiúntais ann ach oiread. Tá sé millte lena mbíonn de fhógraíochta air. Mar sin féin, is mór an spórt dom a bheith ag breathnú ar theilifís cábla nó saitilíte nuair a bhím ag fanacht le cairde nó in óstán. Go deimhin, is mó de theilifís Mheiriceá a fheicim in Éirinn nuair a bhím ar cuairt ag mo thuismitheoirí nó ag gaolta ná a fheicim i Meiriceá.

Ar an gcuairt ba dheireanaí, rinne mé suntas den méid clár a bhí ann faoi scoil i Meiriceá. Bhí an-tóir, ba chosúil, ag muintir na hÉireann ar chlár amháin darbh ainm “Glee”, faoi chlub siamsaíochta ardscoile in Ohio. Agus mé ag eitilt go hÉirinn, nuair a taispeánadh clár ón tsraith ar chóras siamsaíochta an eitleáin, dhúisigh na hÉireannaigh go léir agus chuir na cluasáin orthu. Nuair a thugas cuairt ar mo neachtanna, déagóirí i gCathair na Gaillimhe, ní rabhadar le bogadh as an teach. “Suígh síos, a uncail Bhriain,” ar siad, “beimid leat nuair a chríochnós Glee!” Níl dochar ar bith sa tsraith teilifíse seo, a chuireann síos ar bhuanna agus ar theipeanna bhaill an chlub siamsaíochta agus múinteoirí na scoile. Is beag difir atá idir é agus sraith cháiliúil na n-ochtóidí, Fame, a raibh an-tóir air timpeall an domhain freisin, tráth. Nuair a chríochnaigh an clár, chas mo neachtanna liom. “A Uncail Bhriain,” ar siad, “an mbeadh muidne in ann freastal ar ardscoil i Meiriceá? An mar Glee a bhíonn sé i gcónaí?”

Aisling Scripte

Go deimhin, is maith is cuimhin liom dul go dtí an scannán Grease nuair a tháinig sé amach in Éirinn i 1978 agus ionadh den saghas céanna a bheith orm. Bialanna sna scoileanna? Daoine ag tiomáint ar scoil? Carnabhal mór do na céimithe? An ann do scoileanna mar seo? Ní hea in aon chur. Ní mar sin a bhíonn sé ach i bhfantasaíocht scriptscríbhneoirí i gCalafornia. I bhformhór na n-ardscoileanna, freastalaíonn na páistí ar na ranganna ceannann céanna a d’fhreastalóidis orthu in Éirinn, agus má bhíonn aon rud ar siúl tar éis scoile, gnáthspórt atá ann, dála peil Mheiriceánach, cispheil, nó daorchluiche. Ar éigean a bhíonn clubanna eile ar siúl, seachas fichealldíospóireacht.

Ach tá rud amháin a bhíonn Meiriceá an-mhaith á déanamh - margaíocht, go háirithe tríd an teilifís. Bhí clár doiciméadach ar RTÉ le déanaí inár chuir na láithreoirí déagóirí Éireannacha faoi agallamh i dtaobh scoileanna Mheiriceá, agus ansin thug cuairt ar ardscoil Mheiriceanach i Maine sna Stáit Aontaithe chun tuairimí na nÉireannach a chur i gcomórtas leis an saol réalaíoch. Dar leis na hÉireannaigh, ní raibh deireadh leis an spraoi ar scoil i Meiriceá, leis na daltaí deighilte ina ndreamanna áirithe de réir chomh cool agus a bhí siad. Bhí jocks agus nerds, in-girls agus out-girls, cheerleaders agus aclaithe, agus iad uilig ag comhoibriú le chéile in atmasféar Béarlach, ilchultúir, ilchiníoch.

Ar ndóigh, sin iad na steiritípeanna, agus ní mar a shíltear a bhítear in aon chor. Nuair a thug léiritheoirí an chláir dhoiciméadaigh cuairt ar an ardscoil úd in Maine, ba léir gur beag Glee in aon chor a bhí le haireachtáil. In áit club siamsaíochta, bhí scata daltaí ag cleachtadh amhrán do cheoldhráma an fhómhair, Grease, díreach mar a bheadh daltaí i scoil ar bith in Éirinn, agus a bhformhór as tiúin! Bhí sé ag gleadhradh báistí agus mar sin bhí ócáidí spóirt an lae curtha ar ceal. Rinne daltaí na scoile Meiriceánaí greann faoi na cláir teilifíse agus na scannáin mar High School Musical. Dúirt siad go raibh faitíos orthu féin agus iad ag tosú san ardscoil, ó cheap siad an rud céanna agus a cheap na hógánaigh Éireannacha i dtaobh ardscoileanna – nach raibh iontu ach jocks agus bullaíocht. Níorbh ann do cheachtar.

Faoi Chosaint Airm agus Brathadóirí Miotail

An t-aon rud amháin a chuirfeadh iontas ar Éireannach ná na póilíní. Bíonn póilín armtha ar dhualgas nach mór i ngach ardscoil i Meiriceá, agus i gceantair ardchoiriúlachta mar Newark, NJ (nach bhfuil ach cúpla míle ó mo theach féin) ní mór brathadóir miotail a bheith i bhfearas ar gach doras le cinntiú nach dtugtar gunnaí isteach sa bhfoirgneamh. Taobh amuigh de sin, ámh, ní shamhlófá thú féin as Éirinn agus tú i do shuí i seomra ranga ardscoile i Meiriceá.

Ní hionann ardscoileanna Mheiriceá agus meánscoileanna na hÉireann ar chúpla slí. Ar dtús, ní théann daltaí ar ardscoil ach ar feadh ceithre bliana, ó aois a 14 go dtí aois a 18. Ar an dara dul síos, ní bhíonn sna bailte ach ardscoil amháin, de ghnáth. Tabhair faoi deara nach bhfuil ach ardscoil amháin i mBloomfield, NJ, an baile ina bhfuil mé i mo chónaí, abraimis le hais deich meánscoil i gCathair Phort Láirge, atá ar chómhéid le Bloomfield. Fágann seo go bhfuil ardscoileanna Mheiriceá ollmhór le hais chinn na hÉireann. Ní bheadh níos mó ná 600 ag freastal ar mheánscoileanna na hÉireann, ach is minic ardscoileanna a fheiceáil i Meiriceá a bhfuil 2000 dalta iontu.

deighilteanna soiléire eile le haireachtáil in ardscoileanna Mheiriceá freisin - sna ciníocha. Is Easpáinnigh 22% de dhaltaí ardscoile Bloomfield, mar shampla, agus Spáinnis mar phríomhtheanga acu, nó ar an dara teanga láidir. Is den chine gorm iad 22% eile, a bhfuil a gcultúr agus a gceantar féin acu, fiú má labhraíonn siad Béarla, agus is Áisigh iad 11% eile, as an India agus as an tSín go príomha. Fágann sin nach bhfuil ach 38% den chine geal (a bhformhór, ar ndóigh, de bhunadh na hEorpa). Ní bheadh cogaíocht ar siúl idir na dreamanna seo, ach ní bheadh cairdeas ann ach oiread. D’fhanfadh siad i measc a muintre féin. Tá cor beag eile sa scéal freisin, agus sin go bhfuil fadhb mhór dronganna sa chine gorm agus sna Easpáinneacha. Más Áiseach nó Eorpach thú, mar sin, tá fáthanna maithe ann nach mbeifeá ag iarraidh éirí rócháirdiúil le comhdhaltaí sna dreamanna sin.

Ná measc ficsean na meán, mar sin, le réaltacht ghnáthshaoil Mheiriceá. Má tá Glee uait, ná téigh ar scoil; ceannaigh an DVD!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.