Is é biaiste mhór na peile san Astráil é anois teacht an Fhómhair acu ó dheas. Chaith Bearnaí Ó Doibhlin súil ar mhodhanna éagsúla caide an Astrálaigh.
»»»Níl sé furasta teanga eile a fhoghlaim ná níl an saol sách fada le haon teanga amháin a fhoghlaim i gceart, dar le PJ Mac Gabhann.
»»»Tá Pat Butler den tuairim go bhfuil sáraisteoir óg eile chugainn. Molann sé dúinn suntas a thabhairt don ainm Tahar Rahim anois, nó cloisfear go leor faoi amach anseo.
»»»Le cróise, madraí, nó le cibéard eile, is dóigh le Roseanne Smith go meallfar gach geek garáiste amach faoin aer le breathnú ar an saol mór ina dtimpeall.
»»»Iar-phríomhoide meánscoile, duine de Chúigear Ros Dumhach agus fonnadóir agus ceoltóir é Mícheál Ó Seighin. Tháinig sé ar an saol i gContae Luimnigh ach tá a shaol oibre caite aige i gceann de sheoda áille rúnda na tíre seo, in iarthuaisceart Mhaigh Eo. Bhuail Seosamh Mac Muirí isteach chuige le gnaithí na tíre a spíonadh in éineacht leis ina theach os cionn na farraige idir céibh na Rinne Ruaidhe agus Sruth Fada Con. Nocht Mícheál a thuairim ar an iliomad rudaí sa taobh tíre álainn sin, ina measc ar Pat ‘the Chief’ O Donnell atá anois ar an leaba chláir sa gCaisleán Riabhach, ar an mBord Pleanála, ar an iriseoir Paul Williams, an Betelgeuse a pléasc i gCuan Bheanntraí, ar Lloyds Marine, ar Acht Airgeadais 1992, Ray Burke agus Bobby Molloy agus ar airgead na Gaeltachta a bheith dá roinnt ar Bhéal an Mhuirthead.
»»»Is beag moladh de chuid an Bhord Snip Nua i leith na Gaeilge is na Gaeltachta a cuireadh i bhfeidhm go dtí seo. Ach tá an bhagairt ag treisiú de bharr beirt airí a bheith éirithe as oifig dar le Breandán Delap
»»»Spreag TD agus Aire Luimnigh Balor ar a ‘chliathaibh fís’ agus ghair sé na deamhain chumadóireachta chuige féin. Tá toradh amhráin na Súile Nimhe san alt seo.
»»»Cruthaíonn spórt ainm agus cáil agus carnann an cháil cianóga. An té a mbíonn súil na sluaite air, caithfidh sé a bheith gan cháim áfach, nó beidh siad ina dhiaidh air. D’amharc Colm Mac Séalaigh ar scéal an Tiger.
»»»D’fhoghlaim Tony Birtill an ceacht is tábhachtaí le linn cúrsa athfhoghlama. Is ceart a bheith ullamh, ach is fearr a bheith ullamh agus amhrasach más amuigh ar an sliabh atá tú.
»»»Taispeántas ar Michelanglo atá faoi chaibidil ag Ciara Nic Gabhann. Is eol dúinn go raibh níos mó ar a aire ná a shaothar ealaíne.
»»»Is folláinde sinn Balor, Ar Son na Cúise agus Seáinín Smaoiseach. Tá Seán Tadhg Ó Gairbhí den bharúil go bhfuil easpa grinn ar an saol gaelach.
»»»Aithníonn Ciarán Mac Aonghusa a bhfuil ag titim amach os comhair a dhá shúil, agus cuireann sé cumha mhór air, ach tá spreacadh fanta in go leor daoine in Éirinn lena gcinniúint féin a cheapadh.
»»»An chruthaíocht. Tá a fhios ag Colm Ó Snodaigh, go dtiocfaidh sí chugat ina ham féin, de ló nó istoíche, agus nascfaidh sí dhá thaobh an domhain ar bhealach aisteach nach gceapfá roimh ré.
»»»Geofair scéal Mhuintir Endorois na Céinia san alt seo le Alan Desmond, scéal na héagóra. D’fhéadfadh Aontas na hAfraice cor chun feabhais a chur ina scéal go fóill.
»»»Rinne Gaelchultúr tionscadal nua, ClubLeabhar.com, a sheoladh an mhí seo caite. Míníonn Stiúrthóir Oideachais an chomhlachta, Éamonn Ó Dónaill, cad é a spreag iad le thabhairt faoin obair seo.
»»»Deirfiúr don mhéarnáil bhán is ea an béal bán. Tá Maidhc Ó Cathail ag léamh ar an dream is mó a bhíos ag síneadh na méire ar cheap milleáin eile roimh cogaidh.
»»»Caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar scéal Phádraig agus ar an bhFaoistin a scríobh sé agus é i mbun a mhisean in Éirinn.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.