CÚINNE NA nEALAÍON
Aisling Michelanglo
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Taispeántas ar Michelanglo atá faoi chaibidil ag Ciara Nic Gabhann. Is eol dúinn go raibh níos mó ar a aire ná a shaothar ealaíne.

Íomhá
Michelangelo (le Volterra ar Vicipéid)
Íomhá
Iúpatar agus Thetis (le Jean Ingres ar Vicipéid)

I 1532 thit Michelangelo, a bhí 57 mbliana d’aois ag an am, i ngrá go trom le fear uasal óg darb ainm Tommaso de Cavalieri nach raibh 20 bliain d’aois. Is cosúil gur fear dóighiúil, dea-bhéasach oilte a bhí ann a spreag mothúchain chomh domhain sin i Michelangelo gur scríobh sé litreacha agus dánta chuige chomh maith le cúig cinn de na pictiúir is fearr a rinne sé riamh ina shaol. Tá an cnuasach iontach seo le feiceáil sa Courtauld Gallery i Londain faoi láthair agus léiríonn sé taobh leochailleach bog Michelangelo agus é ciaptha ag an ghrá, nach raibh feicthe ag mórán roimhe sin.

Níl le déanamh ach féachaint ar dhealbóireacht agus péintéireacht Michelangelo le tuiscint a fháil ar an ardéirim thar cách a bhí san fhear chomh maith leis an phaisean a mhothaigh sé faoina shaothar. Duine cantalach, ardaidhmeach, ciotach a bhí ann, de réir dealraimh, a spreag idir urraim agus eagla i lucht a chomhaimsire. Dúirt an stairí ealaíne, Vasari, sa 16ú aois gur ‘il divino’ a bhi ann, cruthaithe ag Dia mar bharrshamhail den duine mar ba cheart don duine a bheith in achan bhealach idir filíocht, ealaín agus áilleacht cholainne.

Is é Il Sogno Michelangelo nó Aisling Michelangelo an t-ainm atá ar an taispeántas, ainm a thagann ó shaothar fíorálainn den ainm céanna atá mar lárphictiúr sa chnuasach. Feictear buachaill óg sa phictiúr á dhúiseacht as a chodladh ag spiorad sciathánach atá ag séideadh ar stoc. Tá figiúir éagsúla cruinn thart air sa chúlra agus seasann gach ceann acu do cheann de na peacaí marfacha.

Pictiúir eile atá le feiceáil sa taispeántas is ea Pionós Tityus, Titim Phaeton, Bacanáil na bPáistí agus Éigniú Ganymede. Deirtear gur tugadh na mínstaidéir seo, a rinneadh le cailc dhubh agus dearg, do Tommaso sa dóigh is go bhfoghlaimeodh sé an líníocht. B’fhéidir áfach, go raibh siad feicthe agus léirmheas déanta orthu ag aos litríochta agus ealaíne i gcúirt An Phápa Medici, Clement VII ag an am céanna.

Doiligh a Thuiscint

Tá na híomhánna rúndiamhra seo lán suntais, ach tá sé deacair iad a dhíchódú. De réir an mhiotais chlasaicigh, cuireadh Tityus go Hades i ndiaidh dó iarracht éigniú gnéasach a dhéanamh ar an nimfeach Latona. Mar éiric, d’ith badhbha a ae. Fuadaíodh an stócach álainn Ganymede ag Iúpatar, a bhí i gcruth iolair agus tógadh go Olympus é le go mbeadh sé ina sheirbhíseach aige.

D’aithin Michelangelo, a d’fhás aníos faoi thionchar an traidisiúin Neo-Phlatónaigh, go raibh fáthchialla ag baint leis na scéalta miotaseolaíochta seo. Comharthaíonn Tityus an céasadh a fhulangaíonn duine atá ina sclábhaí ag ainmhianta na colainne. Baineann scéal Ganymede leis an eacstais is toradh ar an ghrá Platónach agus tá léiriú le fáil in Il Sogno de spiorad daonna a bhí ina shuan i measc ainmhianta an tsaoil go dtí go músclaíonn aingeal é.

Ar láimh amháin, bhí teagasc mórálta i gceist leis na pictiúir seo, ach bheadh sé deacair an ciúta collaíochta a sheachaint iontu chomh maith agus is féidir go raibh suiríocht indíreach i gceist ag Michelangelo fosta.

Cruthaíonn Michelangelo na figiúir sna picitiúir seo mar a bheadh sé ag múnlú cloiche. Dhéanfadh cur síos éadrom ar an chorp ar dtús leis an chailc agus rachadh sé thar na línte arís is arís eile, ag déanamh forbartha ar na matáin, na n-imlínte agus ar chuar an choirp. Tá fíneáltacht agus siméadracht dhraíochtúil le brath sa saothar seo, ach dochreidte go leor, ba léir go raibh a oiread sin dúile ag Michelangelo i gCavalieri gur chuir sé scéala chuige a rá, mura dtaitneodh Titim Phaeton leis, go ndéanfadh sé arís dó é.

Grá go hÉag

Is cinnte go raibh grá ag Michelangelo do Tommasso ach is grá geanmaí, aontumha a bhí ann. Scríobh sé chuige bliain i ndiaidh dó bualadh leis le rá ‘a fhad a mhairfeas an chuimhne atá agam ort, ní mhothóidh mé aon tuirse ná eagla roimh an bhás’ agus go raibh sé ina phríosúnach ag an ‘cavalieri armtha’.

Phós Tommaso agus bhí clann aige féin ach ina ainneoin sin, d’fhan sé dílis do Michelangelo agus bhí sé leis nuair a fuair sé bás agus an máistir chóir a bheith 89 bliain d’aois.

Tá aguisín de chnuasach litreacha agus sceitseanna a bhaineann leis an téama curtha leis an taispeántas seo chomh maith le priontaí agus saothar le healaíontóirí eile bunaithe ar Il Sogno.

Tá Aisling Michelangelo ar siúl sa Courtauld Gallery i Londain WC2 go dtí Bealtaine 16.

Naisc: http://ga.wikipedia.org/wiki/Michelangelohttp://www.courtauld.ac.uk/GALLERY/index.shtml

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.