THALL IS ABHUS
Saol gan Ghreann
Seán Tadhg Ó Gairbhí Seán Tadhg Ó Gairbhí

Is folláinde sinn Balor, Ar Son na Cúise agus Seáinín Smaoiseach. Tá Seán Tadhg Ó Gairbhí den bharúil go bhfuil easpa grinn ar an saol gaelach.

Íomhá
Balor na hirise seo
Íomhá
Ar Son na Cúise (ar Facebook anois)
Íomhá
Craoltóir an Chabaret Chraiceáilte, Rónán

Ba é an rud ba ghreannmhaire ar fad faoin ngreann, dar le WC Fields, ná nach mbíonn a fhios agat riamh cén fáth go mbíonn daoine ag gáire. Ba fhurasta dó, a dúirt sé, a mhíniú cad é a chuireann daoine ag gáire, ach ceist eile ar fad ab ea é cén fáth go mbíonn daoine ag gáire:

I know what makes them laugh but trying to get your hands on the why of it is like trying to pick an eel out of a tub of water.”

In ainneoin sin is iomaí duine a bhfuil iarracht déanta acu breith ar eireaball na heascainne. Bhí Sigmund Freud i measc na ndaoine ba thúisce a chuaigh i ngleic leis an gceist cén fáth. Tuigeadh do Freud gur fuascailt aigne agus díbirt púcaí aigneolaíochta ba fheidhm don ghreann, ach mar a dúirt Ken Dodd tráth, “the trouble with Freud is that he never had to play the old Glasgow Empire on a Saturday night after Rangers and Celtic both lost.” Is fíor gurbh fhéidir go rachadh sé dian ar Freud agus a ‘Jokes and Their Relation to the Unconscious’ gáire a bhaint as lucht an tsean-Glasgow Empire chéanna, ach bhí pointe aige mar sin féin.

An Naomhghreannachas

Nuair a thagann an magadh go dtí leaba an dáiríre, is mó a theastaíonn an magadh. Is go rímhaith a thuig Naomh Labhrás, naomh na bhfear grinn, an méid sin. Nuair a dhiúltaigh Labhrás maoin na hEaglaise a thabhairt uaidh is amhlaidh gur daoradh chun báis é. Cheangail na Rómhánaigh ar bior é agus lasadh tine faoi. Arsa an naomh agus é a róstadh beo beathach: “Iompaigh timpeall mé. Táim déanta ar an dtaobh seo.” Níor deineadh Naomh riamh den dúnmharfóir James French a daoradh chun báis in Oklahoma i 1996, ach ba oidhre ar thraidisiún grinn Labhrás é. "How’s this for a headline: French Fries?" a dúirt sé nuair a fáisceadh isteach sa chathaoir aibhléise é. ‘Gallows humour’ a thugtar sa Bhéarla ar an ngreann dorcha seo agus a mh’anam gur minic go mbíonn gá le greann dá leithéid ar na saolta seo.

Go deimhin, tá gá faoi látháir le haon saghas grinn in aon chor, bíodh sé dorcha nó geal, gaoiseach nó gairsiúil, sofaisticiúil nó saonta. Is cuma dáiríre ach é a bheith greannmhar. Ba é aiséirí an bhréagnuachtáin Ar Son na Cúise a spreag sinn chun machnamh a dhéanamh ar chúrsaí grinn. (Bhíodh an breágnuachtán aoire faoi shaol na nGael á fhoilsiú tráth den saol mar chuid den nuachtán Foinse agus tá leagan nua de Ar Son na Cúise ar fáil le tamall anuas ar an idirlíon.)

Is rud suibiachtúil é an greann. An rud a chuirfidh cuid againn ag scairteadh gáire is geall le cóireáil cuas fréimhe ag an duine eile é. Ach, ar ndóigh, an té nach mbíonn ag gáire linn is easpa acmhainn grinn, dar linn, is cúis lena thost.

Seáinín Smaoiseach

Ina dhiaidh sin féin, is cuma cé acu an bhfuil acmhainn grinn agat nó nach bhfuil, ba chóir fáilte a chur roimh aiséirí Ar Son na Cúise, óir níl aon amhras ach go bhfuil gannchúis grinn orainn i saol na Gaeilge (cé nach aon easpa ábhar grinn is údar leis ná baol air). Tá Seáinín Smaoiseach agat ar an idirlíon, déanann Balor a chuid ar son an scigmhagaidh agus an imeartas focail ar an suíomh seo, bíonn greann go minic ag Rónán Mac Aodh Bhuí ar a chlár tráthnóna ar RnaG agus bíonn greann ócáidiúil sna hagallaimh beirte ag an Oireachtas.

Ach taobh amuigh de sin is beag rud atá ann go n-éiríonn leis gáire a bhaint as an nGael, nó ba chirte dom a rá, is beag rud atá ann go n-éiríonn leis gáire a bhaint as an nGael d’aon ghnó. Mar is mór an greann atá ann i saol na Gaeilge nach greann d’aon turas é. Sea, níl aon easpa den sórt sin grinn orainn.

Ach cá bhfuil na leabhair grinn? Cá bhfuil na cláracha grinn ar TG4 agus ar RTÉ Raidió na Gaeltachta? Is fíor nach mbíonn mórán a chuirfeadh duine ag gáire ar RTÉ ach an oiread, ach is bocht an leithscéal é sin gan iarracht a dhéanamh. Tá aithne agam ar Ghaeil agus fir agus mná seoigh críochnaithe is ea iad, ach níl faic ann a spreagfadh iad chun tabhairt faoin ngreann dáiríre, nó níl aon ardán acu a thabharfadh deis dóibh a scileanna a fhorbairt.

Dréacht-Straitéis an Ghrinn

Ní cúram mar mhagadh é an greann agus ní foláir dua agus am a chaitheamh leis. Tá traidisiún ársa grinn ag litríocht agus scríbhneoireacht na Gaeilge, ach tá sé ag dul i léig. Ba chóir gach iarracht a dhéanamh an traidisún sin a athbheochan ar theilifís, ar raidió, ar líne agus ar phár. Straitéis Ghrinn atá uainn. Comhchoiste Um Gháire agus Bligeardaíochta. Fóram na Fonóide. Staidéar Féidearthachta ar dheiseanna Fuirseoireachta. Plécháipéis ar an bPleidhcíocht.

Is fada íomhá ag lucht an aineolais den Ghaeilgeoir mar dhuine duairc dúr gan aoibh ar leasc leis a bheith ag magadh faoi féin nó faoi éinne eile. Don chuid is mó, ní hé sin an aithne atá againn ar a chéile. Mar sin, bímís ag gáire faoina chéile. Bímis ag gáire fúinn féin. Comhartha sláinte teanga agus pobail is ea an íoróin agus an magadh.

Anois, an bhfuil jóc maith ag éinne?

Naisc: Ársaíocht an ghrinn http://www.smo.uhi.ac.uk/sengoidelc/donncha/tm/Ar Son na Cúise http://www.facebook.com/home.php?#!/group.php?gid=475285140429Seáinín Smaoiseach http://www.youtube.com/watch?v=hXik5ncmmeA&feature=relatedhttp://www.youtube.com/watch?v=Cf343kiaD1k&feature=relatedhttp://www.youtube.com/watch?v=Qo3-dTUMRqY&feature=relatedhttp://www.youtube.com/watch?v=_W65tVa1rFo&feature=relatedhttp://www.youtube.com/watch?v=TZUQzrIBeaM&feature=relatedMac an Easpaig http://www.youtube.com/watch?v=PfLuFHdUG6k&feature=relatedhttp://www.youtube.com/watch?v=ak4VZMPAZLo&feature=relatedDara Ó Briain http://www.youtube.com/watch?v=ls4MDuBrXSI&feature=relatedFear an Phoist http://www.abumedia.com/fictional/fear-an-phoist-2.htmlJames French http://www.motivatedphotos.com/?id=48749I nDoire Cholm Cille http://miseaine.blogspot.com/2010/02/eigse-cholm-cille.htmlhttp://www.derryjournal.com/an/-igse-2010.6087974.jphttp://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/siamsa/greann/http://blogs.boards.ie/vbulletin/showthread.php?p=60757675http://www.irishpage.com/jokes/fly-joke.htm

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.