CÚINNE NA nEALAÍON
Kino - an cineama domhanda
Pat Butler Pat Butler

Tá Pat Butler den tuairim go bhfuil sáraisteoir óg eile chugainn. Molann sé dúinn suntas a thabhairt don ainm Tahar Rahim anois, nó cloisfear go leor faoi amach anseo.

Íomhá
Tahar Rahim
Íomhá
Rahim agus Niels Arestrup
Íomhá
Brando leathchéad bl. ó shin

‘Un prophete’ ‘The Prophet’ le Jacques Audiard

Caitear Arabach óg faiteach ó bhruachbhaile doilíosach éigin, déagóir neamhliteartha, isteach i gcarcar sceonmhar ina bhfuil maifia chrua na Corsaice i réim. Ní haon borstal le haghaidh déagóirí í an áit seo. Níl cara, teaghlach ná téagar aige, istigh ná amuigh. Tugann ‘Don’ na gcimí fána sciathán é, ach ar chostas sceimhliúil. Is aonarán Moslamach an fear óg seo, scoite ó na cimí Moslamacha eile. San am céanna, is giolla an díspeagtha é do chleas riartha na carcrach agus dá ‘chosantóirí’ cruálacha araon. Ceannaíonn an ‘Don’ saoirse lae dó ó am go chéile chun drochobair a dhéanamh ar a shon lasmuigh. Ach is stócach cliste é ár mbuachaillne, a thapaíonn a chuid deiseanna is a chlár oibre féin sna tréimhsí gearra saoirse sin chomh maith. Nuair a aistrítear na cimí Corsacha uilig, seachas an ‘Don’ go daingean eile, fásann tionchar agus cumhacht an Arabaigh. I ndeireadh báire, claochlaíonn na brúanna uilig istigh is amuigh an stócach óg faiteach. Ní haon maidrín lathaigh é an té a shiúlann chun saoirse ar deireadh, ach coirpeach crua craosfhuilteach.

Braithim Henri-Georges Clouzot agus Jean-Pierre Melville ina n-ionsparáidí ar ghuailne Jacques Audiard nuair a bhí ‘Un Prophete’, an cúigiú fadscannán óna lionsa siúd, á thuar is á dhéanamh aige. Riamh anall, bhí níos mó ná ‘policiers’ steiréitipiciúla á ndéanamh ag an mbeirt is mó clú, b’fheidir, i ngluaiseacht ‘film noir’ na Fraince; beirt a thug leithéid ‘Les Diaboliques’ dúinn (1955) le Clouzot, agus ‘Le Samourai’ (1967) le Melville. Agus má ba é ‘Le Samourai’ a sheol Alain Delon ina réalta mór domhanda, seachas ina aisteoir Francach amháin, cuirigí suntas anois san ainm Tahar Rahim, príomhaisteoir Audiard sa scannán atá idir chamána agam an babhta seo.

Tahar Rahim

Is fear óg sna fichidí é Rahim a bhfuil an raon iomlán scileanna aige – láithreacht fhisiciúil, spioradáltacht bhriosc agus intleacht iomasach sráide. Anuas ar na buanna sin uilig, tá draíocht agus mealltacht, na réalt-thoscaí uilig. Agus tá na buanna sin uile faoi smacht aige freisin. Mar a thuig na déithe a d’imigh roimhe – Richard Burton ‘The Spy who Came in from the Cold’, Marlon Brando ‘On the Waterfront’ agus Paul Newman ‘Cool Hand Luke’, is é an bua is tábhachtaí a thugann aisteoir scannáin chun a cheirde leis ná an rud ar a nglaoímsesocaireacht íostach’. Agus ar na bataí tomhais don aisteoireacht scáileáin, tá seo freisin: dá lú a nochtar ar an lasmuigh dúinn agus dá mhéid laistigh is ea is fearr. Agus is tomhas eile fiúntais é, má shleamhníonn an carachtar i ngan fhios dúinn isteach fá bhun an chraicinn orainn chun imeacht ar fanaíocht ionainn sna dúichí anama istigh. Maidir le ‘Un prophete’, d’iompraíos an fear óg a chruthaigh Rahim amach as an bpictiúrlann liom agus tá sé mar chuideachta ó am go chéile agam ó shin.

Agus raghainn níos faide ná sin fós. Is treise tionchar an aisteora scáileáin dá thréshoillsí is dá eisiach é, no í. Agus is é dualgas an stiúrthóra i leith a chuid aisteoirí ná pé rud atá ar siúl istigh iontu a aithint is a tharraingt amach astu tré sholas an lionsa. Nuair atá an t-aisteoir, an solas, an lionsa agus an stiúrthóir ag obair as lámha a chéile, fuasclaítear pé rud atá ar siúl san anam istigh. Lastar suas indreach leochailleach an té a chruthaítear dúinn ar an scáileán.

Fochastaí agus Íosphlotaí

Tarlaíonn draíocht dá leithéid ar feadh fad iomlán 150 neomat ‘Un prophete’. Admhaím nach rabhas cinnte faoi réimse an tsonais a bhí ag tarlú ar an gcéad fhéachaint dom. Thóg sé an dara thaispeáint orm chun a bheith iomlán sásta go raibh rud speisialta, eisceachtúil ar siúl idir Rahim, Audiard agus an ceamradóir Stéphane Fontaine. Is cúis náire dom gur thóg sé an tríú seáp orm chun fochastaí uilig an phlota agus a chuid íosphlotaí uilig a thuiscint. Is mar sin mé le scannáin áirithe. Chaitheas an méid sin dua an chéad bhabhta ag iarraidh na plotaí a leanúint go raibh orm filleadh an dara uair chun ligint don ealaíon dul i gcionn i gceart orm agus ina dhiaidh sin tabhairt fán dtriú feachtas chun an lámh in uachtar d’fháil ar chastaí uilig an scriptscannáin. Laige a bhaineann gáire as m’iníon Aifric san Astráil – deir sí nach dtuigim plota ‘LA Confidential’ i gceart fós fiú.

Agus caidé mo bhreithiúnas ar thoradh na dtrí fhéachaint sin? Tá sárshaothar déanta ag Audiard ar fiú éirí as sócúlacht teolaí an teallaigh ar cheann de na hoícheantaí fuara Earraigh seo chun ligint don scannán Francach is dúshlánaí ar an chamchuaird reatha dul i gcionn ort. Beidh sé sa phota ina measc siúd amach anseo don teideal ‘príomhscannán na bliana’.

An Aisteoireacht

Agus ní seáp aonair é taispeántas Tahar Rahim ach oiread. Má tá macalla an Brando óg le sonrú i Tahar, ní fada ón Brando críonna é Niels Arestrup, i bpáirt Caesar Luciani, an ‘Don’ Corsacach istigh. Cruthaíonn an bheirt sin an buthal aigneolaíochta ar a gcasann scéal Audiard. Ní minic a sciobaim nath as an gceol diaga sa cholún seo, ach is lóchrann geal na n-aisteoirí iad an bheirt seo agus cluiche fichille na marthannachta thar an imeall á imirt acu lena chéile. Tá baol agus bagairt agus cion agus gráin agus meas agus maistíneacht sa chluiche céanna. Cluiche dothuartha, a choimeádfas greamaithe sa chathaoir iumbó tú.

Arís, tá inchreidmheacht i ngach fráma, agus meafar leathnaithe is ea an t-iomlán ar an gcaoi ar chaith ‘An Fhrainc, Teo.’ leis na cóilíneacha Arabacha, agus mar a chaitheann sí fós lena n-ál siúd. Ál a chónaíonn anois sa Quartier Belsunce i Marseilles, nó sna banlieues amuigh i mbruachbhailte na príomhchathrach a scanraigh sinn i ‘La Haine’ sna nóchaidí agus atá ina mbagairt ar shícé na Fraince ó shin. Más í ‘An Fhrainc Teo.’ carcair Audiard, fágaim meafair rólanna Arestrup agus Rahim fút féin le hoibriú amach. Tá an Grand Prix a bhain ‘Un prophete’ i Cannes tuillte go maith ag Audiard. Nárbh é an t-aon ghradam a bheidh gnóite ag an scannán iontach seo faoi dheireadh na bliana 2010. Mar a bhí an mhí seo caite le Saoirse Ronan sna ‘Lovely Bones’, tá arís an dul seo ag Tahar Rahim in ‘Un prophete’; tá páirteanna na beirte fós á n-iompar timpeall agam laistigh ionam. Tabhair trí nó ceithre bliana breise aibíochta chuig Saoirse agus cuir an bheirt acu ar an aon scáileán amháin, leis an scriptscannán is leis an stiúrthóir ceart, agus d’ardófaí tinte ealaíne eatarthu, deirimse leat.

Ná caill ‘Un prophete’ ar ór ná ar airgead. Agus ceannaigh an DVD is an t-léine, má thagann.

Pat.Butler@Beo.ie

Naisc: An suíomh oifigiúil http://www.aprophet.ca/An Tráta http://ie.rottentomatoes.com/m/1213205-prophet/http://ga.wikipedia.org/wiki/MarlonBrandohttp://ga.wikipedia.org/wiki/PaulNewmanhttp://en.wikipedia.org/wiki/Newman%27sOwnBurton ina theanga féin http://wapedia.mobi/cy/RichardBurton

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.