CÚINNE NA nEALAÍON
Máire Soisín
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

An chruthaíocht. Tá a fhios ag Colm Ó Snodaigh, go dtiocfaidh sí chugat ina ham féin, de ló nó istoíche, agus nascfaidh sí dhá thaobh an domhain ar bhealach aisteach nach gceapfá roimh ré.

Íomhá
Teampall Zen Kyoto (le Thorsten Schulze ar picasaweb)
Íomhá
Manach Zen in Arashiyama, Kyoto (ar Vicipéid)

Bealtaine. 1999. 5 a.m. Mé dúiste go tobann. Óstán Sibuya-Ku Thóiceó. Diabhal tuirse an aerthurais. Tuirse orm ach dheamhan codladh ag teacht chugam ach ag na hamanntaí is mí-oiriúnaí, ar nós cúig nóiméad roimh dhul ar an ardán. Cloisim an chathair ag múscailt go mall i dtreo na maidne lasmuigh. Bíp bíp na ngluaisrothar ‘s na gcarranna. Corrfhead ó lucht seachadadh earraí.

Lasaim an lampa solais leapan. Iompaím thart ar mo dhroim. Chím an tsíleáil os mo chionn. Tá fonn i mo cheann. Fanaim leis an bhfonn. Ligim dó sruthlú timpeall im’ aigne. Ligim do na huirlisí ceoil teacht agus imeacht, iad ag sleamhnú idir na nótaí ag lorg spáis sa bhfonn. Fanann an fonn liom. Rugaim greim ar mo théiptaifeadán póca - canaim an fonn isteach ann. Agus é curtha díom tosaíonn mo shúile ag dúnadh - an fonn ag imeacht uaim agus an codladh ag filleadh is ag dul i dtreis air.


An samhradh dár gcionn. Mé ar an mBlascaod Mór. An aimsir liom. An ghrian ina neart ar an spéir agus an teas dá réir. Cluimhreach gabhair thall is abhus. An radharc ón oileán ar leithinis Chorca Dhuibhne dochreidte álainn. Ar neamh, i nDáil na naomh, a chruthaítear radharcanna mar seo. Seo mo chéad uair ar an oileán agus tá fonn orm an achair uilig a shiúl, ó cheann go tóin. Away liom.

Filleann an fonn úd a d’fhágas ar mo théiptaifeadán chugam ‘s mé ag dreapadh an chnoic os cionn an bhaile. Canaim é, feadaim é agus braithim easnamh ann - tuigim go bhfuil tríú cuid ag teastáil.

Tráthnóna aoibhinn spaisteoireachta agus nuair a bhím sa mbád farrantóíreachta ag filleadh ar Dhún Chaoin, tagann an tríú cuid den bhfonn liom.

* Bliain eile níos déanaí. Tá leabhar á léamh agam. Pure Heart Enlightened Mind - The Life and Letters of an Irish Zen Saint le Maura ‘Soshin’ O Halloran. Scéal faoi Bhleá Cliathach óg a thaisteal chun na Seapáine agus a d’imigh isteach i mainistir Búdach le staidéar a dhéanamh ar an mBúdachas. Bhain sí an stádas Búdach is airde lena ceannsacht is lena comhbhá i gceann trí bhliain - éacht fíor-neamhghnách.

Ba é Soshin an t-ainm Búdach a tugadh di sa mhainistir - croí íon agus ceann glan. Thaitin an t-ainm léi mar gur chuir sé an t-ainm Oisín agus a baile dúchais i gcuimhne di. Bainim ana-thaitneamh go deo as an leabhar - meascán de dhialann Mháire agus sleachta as litreacha abhaile a chruinnigh a máthair. Agus an leabhar críochnaithe agam tuigim go bhfuil ainm faighte agam don fhonn - Soisín - leagan Gaelach den bhfocal.


Bliain eile níos déanaí arís agus muid Tigh Dolans, ionad ceoil den scoth i Luimneach. Muid faoi lán seoil. An ceol ag brúchtaíl asainn. Cuireann muid píosa nua ceoil i láthair - Soisín. Fuaim mhór, píobaí, giotár crescendo láidir. Teipeann go hiomlán ar an bpíosa. Cuirtear i leataobh é.


Dhá bhliain eile imithe - garbhthaifeadadh ar bun agam féin agus Dee i gcúlsheomra dorcha na hoifige. Braithim go bhfuimid ar nós ealaíontóirí ag dearadh sceitseanna. Nuair a fhágann sí tar éis tráthnóna maith oibre tuigim go bhfuil atmasféar faighte againn ónar féidir leis an mbanna albam a chur le chéile. Atmasféar bog, ciúin, téagartha, doimhin agus lán le sealanna macnaimh. Leanaim den obair agus téim ag cuartú píosaí seanachaite a chuireamar de leataobh, ná fuair baile ná ainm riamh - Soisín ina measc. Bailím cúíg phíosa déag agus cuirim faoi bhráid na meithle iad ag rá leo go bhfuil albam san atmasféar seo.


An mhí seo caite, in Ionad na nGleannta, Cluainín Uí Ruairc, sheolamar albam úr nua - Soisín. Deich bpíosa ar an albam. Atmasféar aoibhinn ann. Téagar san obair. Téagar sa bhfealsúnacht a dhírigh ar an gcur le chéile leis an albam a chríochnú - próiséas deacair, fada, cam, casta. Muid fíor, fíorbhródúil as áilleacht an cheoil. Muid fíor, fíorshásta go mbraitheann an lucht éisteachta an ní a bhraitheamarna nuair a thosaíomar ar an gceol seo. **

Fuair Máire O Halloran bás i 1982, sa Téalainn, ar a bealach abhaile tar éis a tréimhse sa mhainistir i dTóiceó. Ní raibh aon aithne agam uirthi ach, ón leabhar d’aithníos gur tógadh í gar don áit inar tógadh mé féin. Mí tar éis seoladh an albam, roinneas caifí tráthnóna le beirt dá deirféaracha i nDomhnach Broc, i ndeisceart Bhleá Cliath, cóngrach don áit inar tógadh sinn triúr. Bhí sé amhail is go raibh an-aithne againn ar a chéile riamh. Dúradar liom go raibh ionadh orthu nach raibh an píosa ceoil brónach nuair a chuala siad don chéad uair é - go raibh sé éadrom, bog, gealgháireach, álainn agus lán. ‘Beagán ar nós Máire,’ a dúirt duine acu.

Naisc:

http://www.monasticdialog.com/a.php?id=322http://www.gratefulness.org/giftpeople/ohalloran.htmhttp://www.wisdom-books.com/ProductExtract.asp?PID=14151 (réamhrá na máthar don leabhar)http://83.138.170.50/podcasts/audio/SoisinsStory.mp3pdchraoladh clár faisnéise faoi Maura ‘Soshin’ O Halloranhttp://83.138.170.50/podcasts/audio/SoisinsStory.mp3 (grianghraf an chlúdaigh)http://www.khimairaworld.com/articles/fiche/1705/Soisinhttp://en.wikipedia.org/wiki/Maura_O’Halloran) http://home.tiscali.nl/jsuyker/insp/maura72.jpg (grianghraf Mháire) http://www.theglenscentre.com/http://www.kila.ie/

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.