COMÓRTAIS
Buaiteoirí Chomórtas Mhí Feabhra

Buaiteoirí

Suzanne James, Baile Átha Cliath

Niamh O Donovan, Luimnigh

Duaiseanna

The Big Drum le Seosamh Mac Grianna, Translation & essay.

Aistriúchán Béarla den úrsceal chlaisiceach An Druma Mór a scríobh an Conallach Seosamh Mac Grianna. Pléann an t-úrscéal imreasain idir dhá bhuíon cheoil i nGaeltacht Thír Chonaill go luath sa 20ú haois. Tá sé i measc na saothar is fearr a d’eascair as pros-réabhlóid Chonradh na Gaeilge.

Luach: £20.00 (Clúdach Crua)

An Ghaeilge ó Lá go Lá

In An Ghaeilge ó Lá go Lá cuirtear 70 téacs gearr, soláimhsithe ar fáil, mar aon le 10 ceist agus 10 freagra (le cur san ord cheart) do gach téacs. Clúdóidh an leabhar seo:

Na príomhréimsí foclóra a bheidh ag teastáil do chúrsaí mar An Teastas Sóisearach agus GCSE. Rogha leathan toipicí - bunaithe ar an tsaol laethúil, ar scoil, sa bhaile agus sa tsaol oibre. An Chopail is, an gnáthbhriathar sna haimsirí/ modhanna a leanas: caite, láithreach, fáistineach, modh coinníollach, gnáthchaite. cainteoirí Gaeltachta ag léamh ar na dlúthdhioscaí. foclóir Gaeilge/Béarla ar chúl. aistriúcháin ó Ghaeilge go Béarla ar an idirlíon.

Luach: £12.00

Leabhar Laghdaithe Bhriathra na Gaeilge

Tugtar foirmeacha sa Chaighdeán Oifigiúil agus fonótaí ar príomhleaganacha malartacha as: Gaeilge Chúige Uladh, Gaeilge Chonnacht agus Gaeilge na Mumhan. Cuirfidh sé feabhas ar chruineas agus ar scileanna scríbhneoireachta an dalta. Móruirlis thagartha atá ann don scoil, don bhaile, don staidéar nó don obair. Réimnítear 115 briathar agus tá innéacs de bhreis agus 3,300 briathar crostagartha eile san Innéacs.

Luach: Clúdach Crua £20.00

Tá Beo! an-bhuíoch de Clólann Bheann Mhadagáin as ucht na duaiseanna seo a chur ar fáil.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.