Níl sé furasta teanga eile a fhoghlaim ná níl an saol sách fada le haon teanga amháin a fhoghlaim i gceart, dar le PJ Mac Gabhann.
Tá Fraincis measartha maith agam. Deirtear i nGaeilge go mbíonn duine ‘líofa’ i dteanga nó go mbíonn an teanga ‘ar a thoil’ aige. ‘Maîtriser une langue’ a deirtear i bhFraincis arb ionann sin agus máistreacht a fháil ar theanga. Is é an briathar ‘to master’ a deirtear sa Bhéarla maidir le foghlaim teanga chomh maith. Tá sé deacair orm an mháistreacht seo a shamhlú. Cheapfá gur ag iarraidh capall a bhriseadh nó gasúr i bhfiáin a smachtú a bheadh i gceist.
Tá seacht mbliana caite agam sa Fhrainc ón bhliain 2000 i leith.
Deir daoine liom: “Caithfidh go bhfuil Fraincis an-mhaith agat faoi seo.” Agus tá, ach tá teorainn léi. Bhí mé ag an amharclann le déanaí, cuirim i gcás, agus déarfainn nár thug mé liom ach trí cheathrú den dráma. Agus ní hé go raibh an locht ar an dráma ná ar na haistreoirí! Nó bíonn sé le rá ag daoine corruair: is breá liom an blas beag atá agat. Ní úsáidtear an focal ‘iasachta’ i mo leith ach sin a bhíonn i gceist. Ach fan go gcloise tú céard a tharla dom an tseachtain seo caite.
Toisc go mbím ag obair sa bhaile don chuid is mó, is minic a théim amach tar éis lóin chun cupán caife a fháil agus an páipéar nuachta a léamh. Bíonn sé go deas a bheith i gcomhluadar daoine eile cé nach mbíonn ach aithne shúile agam ar a bhformhór. Ní bhíonn i gceist go hiondúil ach fiche nóiméad, b’fhéidir leathuair an chloig ar a mhéid. Tá aithne agam ar fhear an tí anois san áit a dtéim agus mura mbíonn sé gafa ag cúrsaí, caithimid seal ag caint faoi chúrsaí spóirt nó ag trácht ar an aimsir.
Iomrall Dí
Bhí duine nua romham an lá áirithe seo. Bheannaigh mé di agus d’ordaigh mé cupán caife uaithi. “Un double express, s’il vous plaît,” a dúirt mé. Thug sí gloine beorach dom. D’fhéach mé uirthi agus ionadh orm. “Caithfidh go bhfuil dul amú ort,” a dúirt mé léi. “Níor ordaigh mé é sin.” Thóg sí ar ais é agus olc uirthi, í ag rá faoina hanáil gur chuala sí “demi-pression”, téarma a chiallaíonn gloine beorach.
Ach bhí scéal chomh maith céanna ag mo bhean chéile. Bhí sí istigh sa bhaile mór lá agus bhuail sí isteach i gcaife chun greim a ithe. D’iarr sí ar an bhfreastalaí blúire ime a thabhairt di, “du beurre” a dúirt sí. Tháinig sé ar ais agus dhá ghloine beorach aige di toisc gur cheap sé go ndúirt sí “deux bières”. Agus bhí sí léi féin! Murab ionann agus mo mhacasamhail féin, ní chuireann míthuiscintí mar sin isteach uirthi a bheag nó a mhór. A mhalairt ar fad, baineann sí spraoi astu. Ach taispeánann sé tábhacht na foghraíochta. Maidir le foghlaim teanga, ní dóigh liom go mbaintear riamh ceann scríbe amach. Ach is iontach an turas é. Níl ach trí theanga ar eolas agam - an Ghaeilge, an Béarla agus an Fhraincis - agus ba bhreá liom dá mbeadh teanga nó dhó eile agam. Ach rachadh sé géar orm tús a chur leis an turas teanga nua eile seo, anois go bhfuil a fhios agam cé chomh fada is atá an ród a bheadh romham.
Teanga na hAmplachta
Chuala mé iarphríomhaire na Fraince, Jean-Pierre Raffarin, ar an raidió an lá cheana agus é ag caint faoi chúlú na Fraincise mar theanga idirnáisiúnta le roinnt blianta anuas. Ag labhairt dó tar éis bualadh le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Ban Ki-moon, dúirt Raffarin: “In ainneoin gur teangacha oibre iad araon an Fhraincis agus an Béarla sna Náisiúin Aontaithe, is é an Béarla is mó a úsáidtear i ngnáthobair laethúil na heagraíochta. Is minic, mar shampla, a chuirtear brú ar Fhrainciseoirí an Béarla a úsáid le linn preasagallaimh nó cur i láthair toisc go mbíonn na meáin chumarsáide idirnáisiúnta á éileamh. Caithfear an stádas atá ag an bhFraincis a chosaint.”
Luíonn sé le réasún, dar le Raffarin, go mbeadh áit lárnach ag an bhFraincis in obair na Náisiún Aontaithe. Toisc go bhfuil 55% d’fhórsaí na Náisiún Aontaithe ar fiannas i dtíortha ina labhraítear an Fhraincis, go leor acu ar Mhór-Roinn na hAfraice, cén fáth nach ndéantar cinnte de go mbeidh na fórsaí coimeádta síochána nó na daoine a bhfuil obair forbartha nó faoisimh ar siúl acu sna tíortha seo líofa sa Fhraincis? Ní hamhlaidh atá faoi láthair, dar leis.
Bhí cainteanna ag Raffarin le Alain Le Roy, iarthaidhleoir de chuid na Fraince a bhfuil cúram na bhfeachtas síochánaíochta air sna Náisiúin Aontaithe, ag súil leis an scéal a chur ina cheart. Dúirt Raffarin lena chois sin go raibh sé i gceist aige casadh le Dominique Strauss-Kahn, Stiúrthóir an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, agus le Jean-Claude Trichet, Uachtarán Bhanc Ceannais na hEorpa, chun a iarraidh orthu tosaíocht a thabhairt don Fhraincis ina gcuid oibre féin taobh istigh de na heagraíochtaí sin.
Míshásamh Chirac
Feictear go bhfuil an Fhraincis faoi bhrú in Aontas na hEorpa chomh maith. Chuir Jacques Chirac in iúl sa bhliain 2006 agus é ina uachtarán ar an bhFrainc, nach bhfanfadh sé i láthair ag cruinniú a bhí ar siúl sa Bhruiséil nuair a thug an cainteoir, Ernest-Antoine Seillière, le fios go raibh sé i gceist aige a chur i láthair a dhéanamh trí mheán an Bhéarla. Bhí ionadh ar Chirac go ndéanfadh Seillière, ar Francach é, a leithéid. Thug Seillière le fios go raibh sé ar intinn aige an Béarla a úsáid “toisc gurb é teanga an lucht gnó é.” Le mórchuid mustair agus mórdhála, d’fhág Chirac an cruinniú!
In ainneoin gurb í an Fhraincis an naoú teanga is mó a labhraítear ar domhan le thart ar dhá chéad milliún cainteoir, i bhfad taobh thiar den Bhéarla (billiún cainteoir) agus an Spáinnis (500 milliún cainteoir), is léir nach bhfuil an seasamh céanna aici is a bhíodh in áiteanna mar an Chambóid, Vítneam, an Liobáin, Ruanda, agus Háítí - áiteanna a bhfuil an Béarla ag fáil an lámh in uachtar de réir a chéile.
Beidh eagraíocht na dtíortha ina labhraítear Fraincis, an Organisation internationale de la Francophonie, ag ceiliúradh dhá scór bliain ar an bhfód ar an 20 lá den mhí seo, Márta 2010.
Tuilleadh eolais ar fáil: http://20mars.francophonie.org/2010.