Is bean óg a bhfuil gealladh fúithi í Clíona Ní Chíosáin, as a cuid aisteoireachta mar ‘Aifric’ an chláir theilifíse. Beidh cuimhne uirthi mar dhéagóir, ach caithfear cuimhneamh leis go bhfuil cúig bliana imithe thart ó chuir Clíona agus a comhchliar sa chlár Aifric isteach ar na hagallaimh roghnaithe don chlár ar dtús. Chas Seosamh Mac Muirí léi gar don ollscoil a bhfuil sí ag freastal ar chúrsa céime sna teangacha le cúpla bliain anuas, Maigh Nuat. Labhair sí ar bhronnadh na nduaiseanna IFTA, an saol cathrach, an Ghaeltacht, Raidió na Life agus ar mhórán eile thairis sin.
»»»Tá logleabhair scairdeitleáin an rialtais aimsithe ag Beo.ie. Is é seo an chéad uair ar cuireadh a leithéid ar fáil agus tá go leor faisnéise iontu maidir le gnásanna taistil ár gcuid Airí Stáit. Ins an alt seo, déanann Breandán Delap anailís chuimsitheach ar a bhfuil iontu.
»»»Mar a gheall Brian Ó Broin dúinn cheana, tá cúrsaí sláinte go mór chun tosaigh i bpolaitíocht Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi láthair.
»»»Tá go leor den aos ealaíne an-tógtha le saothar an Albanaigh Richard Wright. Síleann Ciara Nic Gabhann go bhfuil siocair mhaith acu leis.
»»»Léiríonn Bearnaí Ó Doibhlin thíos cuid den teasaíocht cainte agus tuairime a ghin an téamh domhanda i bpolaitíocht na hAstráile ar na mallaibh.
»»»Is é tuairim Bhalor go mbeidh Caoimhín My Erse ag tairngreacht inimirce, bás agus díothú ar Ghaelaibh um Earrach na bliana. Fair amach!
»»»Bia intinne do PJ Mac Gabhann is ea gnó bialainne na Fraince agus tslí Fhrancach leis an mbia a ullmhú agus a dháileadh.
»»»Athrú suntasach a bheas i riail chaitheamh an chlogaid i gcluichí iomána a tháinig i bhfeidhm céad lá na míosa. Cíorann Colm Mac Séalaigh roinnt de na deacrachtaí a bhaineann le feidhmiú na rialach.
»»»Tugann Roseanne Smith aird san alt seo ar chleasaíocht úr eile ár linne atá ag dul i bhfeidhm ar dhaoine agus ar chomhlachtaí an-ghar duit féin, i ngan fhios duit b’fhéidir.
»»»Casadh curadh domhanda luas-scátála, Éireannach, ar Tony Birtill anuraidh, ach is ar fhoireann na hÍsiltíre atá sí.
»»»Siúlann Pat Butler ardmhá spioradálta na scannánaíochta an tros so ar chonair a leag dís sárléirtheoirí ‘fíoreisceachtúla’ amach roimhe.
»»»Chaith Alan Desmond seal ag iniúchadh scéal an phobail líonmhair iltírigh úd in iarthuaisceart na hAfraice, na hImazighen, nó mar a thugtar go contráilte orthu, na Beirbeirigh.
»»»Rithim toinne an ní a bhraitheann Colm Ó Snodaigh mar chroílár an cheoil. Rithim, mar a chéile, a bhraitheann Bruce Damer atá i gcroílár taighde eolaíochta ar bhunábhar an domhain.
»»»Caitheann John Walsh súil ar an dréachtstraitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus aimsíonn idir bhuanna agus laigí inti.
»»»Feictear do Chiarán Mac Aonghusa go bhfuil gach éinne, an tÉireannach san áireamh, ag seachaint a dhualgais i dtaca le gearradh siar ar an charbóin.
»»»Sníonn síolteagasc an fhoréigin anuas ó ghlúin go glúin agus ar thug tubaiste Vítneam ar mhuintir Mheiriceá, dar le Maidhc Ó Cathail, is é an síolteagasc céanna a tharraing isteach san Iaráic, san Afgánastáin agus go fiú, i spéartha Vasaíriostáin iad.
»»»Tá Robert McMillen den tuairim nach bhfuil réidhe an achair a thuilleadh le ceannaire Shinn Féin, mar a bhíodh tráth dá raibh.
»»»Agus é ag fágáil slán ag an gcéad deich mbliain den tríú mílaois, tá dóchas ag Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil athruithe bunúsacha ar an mbealach in Éirinn agus go dtiocfaidh deireadh le ré ceannasaíochta an pháirtí pholaitíochta a choinnigh muintir na hÉireann faoi dhraíocht le fada.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.