CÚRSAÍ SPÓIRT
An Clogad Iomána
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Athrú suntasach a bheas i riail chaitheamh an chlogaid i gcluichí iomána a tháinig i bhfeidhm céad lá na míosa. Cíorann Colm Mac Séalaigh roinnt de na deacrachtaí a bhaineann le feidhmiú na rialach.

Íomhá
Clogad na hiománaíochta (ar Vicipéid)
Íomhá
Dhá chloigeann agus clogad amháin
Íomhá
Dhá chlogad agus ceithre chloigeann

Ó chéad lá na bliana seo, tá riail nua tagtha i bhfeidhm san iománaíocht a deir go bhfuil ar gach imreoir clogad cosanta a chaitheamh le linn chluiche. Ní mór greille mhiotail a bheith fáiscthe ar an gclogad chun aghaidh an imreora a chosaint chomh maith. Tá an riail ann i gcás imreoirí faoi bhliain is fiche d’aois le roinnt blianta anuas, ach beidh ar gach imreoir, idir óg agus shean, clogad a bheas ceadaithe de réir rialacha an Chumainn Lúthchleas Gael (CLG) a chaitheamh feasta.

‘Clogad’ an focal is coitianta a thugtar sa Ghaeilge ar an bhfearas a chaitheann an t-iománaí ar a chloigeann chun blaosc agus an ceann ar fad a chosaint.

Tá focail eile ar fáil sa Ghaeilge don ghnó céanna, focail a thagann ó réimse na saighdiúireachta agus an chatha ar nós ‘cafarr’ agus ‘ceannbheart’. Meabhraíonn na focail seo dúinn ar ndóigh nach bhfuil an iománaíocht éagosúil ar fad le cath, go háirithe i súile an atá ag feiceáil chluiche iománaíochta don chéad uair!

Is é an tionchar is mó a bheas ag an riail nua, murab ionann agus an staid a bhí ann go nuige seo, nach mbeidh aon rogha feasta ag an iománaí sinsir maidir le clogad a chaitheamh. Cé go bhfuil formhór mór na n-iománaithe ag baint feidhme as clogaid ó bhíodar ina ngasúir agus taithí mhaith acu orthu, tá imreoirí sinsir ann nach gcaitheann clogad ar chor ar bith agus nár chaith riamh b’fhéidir. Chomh maith leis sin, is minic a fheictear iománaí ag caitheamh uaidh a chlogaid le linn chluiche ar lá brothaill agus an t-allas ag sileadh sna súile air nó má bhraitheann sé an clogad míchompordach nó tuathalach ar bhealach éigin. Míbhuntáiste eile a bhaineann leis an ngreille a bhíonn os comhair aghaidh an imreora ná go gcuireann sé as dá amharc ar an sliotar ar uairibh.

Siocair Mhaith le Clogaid

Ní mór a rá áfach go bhfuil cúis an-mhaith agus chiallmhar leis an riail nua agus é sin, oiread cosanta agus is féidir a bheith ag gach imreoir maidir le buillí isteach ar an gcloigeann agus ar an éadan. B’fhéidir go gceapfadh an té nach bhfeiceann ach cluichí móra iomána ar an teilifís nach dtarlaíonn an oiread sin timpistí agus gortaithe do chloiginn imreoirí, ach bíonn na mílte cluichí iomána eile idir clubanna i ngráid éagsúla ar siúl timpeall na tíre gach bliain, agus ó am go ham, tarlaíonn drochthimpistí agus gortú dona do chloigeann imeoirí. Tá an t-imreoir idirchontae an-oilte ar gach bealach agus in ann é féin a chosaint go maith, ach ní fíor sin ag gach grád den chluiche. Tá deireadh leis an lá a bhfeicfeá laoch foirne ag filleadh ar pháirc an ‘áir’, a gheansaí báite lena chuid fola féin, bindealán bán timpeall a chloiginn, agus an slua tacaíochta ag béiceach go fiáin os ard.

Rud amháin is gá don CLG a bheith an-ghéar faoi dar liom, agus an deis acu le teacht i bhfeidhm na rialach nua, agus is é sin, mí-iompar aon imreora a chuirfeadh isteach ar chlogad imreora eile d’fhonn cur as dó agus é ag iarraidh breith ar an sliotar san aer, cuir i gcás. Scríobh mé faoi ghníomh míchlúiteach Thierry Henry san eagrán deireanach de Bheo, ach le fírinne ní fhaca mé gníomh níos suaraí (seachas an mhéar a shá i súil imreora eile mar a tharlaíonn sa rugbaí) in aon chluiche ná iománaí ag tarraingt nó ag brú clogad a chéile comhraic nó ag scaoileadh smigiris an chlogaid d’aon turas le linn na himeartha le cur as dó. Chonaic mé suarachas mar é ag tarlú le linn chluichí móra i bPáirc an Chrócaigh. Is cóir, dar liom, éiric an-trom a ghabháil ar imreoir a dhéanfadh a leithéid.

Maidir le himreoirí nár chleacht an clogad a chaitheamh le roinnt blianta anuas, beidh sé deacair orthu sin an t-athrú a dhéanamh. Beidh sé deacair, go mór mór, ar chúl báire, agus is beag duine díobh a chaitheann clogad, toisc go bhfuil radharc géar ar an sliotar an-tábhachtach dó agus aon rud a chuirfeadh as don radharc sin beidh sé ina bhac ar a éifeacht sa ról tábhachtach sin aige mar líne dheiridh na cosanta.

Conspóid ar na Bacáin

De réir dealraimh tá conspóid ar na bacáin maidir le cineál na gclogad a bheas ceadaithe agus nach mbeidh. Tá treoir leagtha síos ag an CLG maidir le caighdeán agus sábháilteacht, ach tá na mílte imreoirí a chaitheann clogad nach mbeidh feiliúnach ceart, is dócha, de réir na dtreoirlínte nua. D’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh ar imreoirí clogad nua a cheannach agus ní beag é an costas atá orthu, thart ar €70 an ceann. Is cinnte go bhfuil cuid mhaith imreoirí atá sna fichidí ag caitheamh an chlogaid chéanna ó bhíodar ina ndéagóirí agus go mba leasc leo tosú ar chlogad nua a chaitheamh.

Ceist eile a ardaíonn riail agus treoir an CLG ná cad a tharlóidh nuair a théann imreoirí ar fud na tíre chun páirce don chéad uair i 2010? An mbeidh ar an réiteoir gach clogad a scrúdú agus a mheasúnú maidir le caighdeán sábháilteachta? Má tharlaíonn sé sin, beidh sé ina rí rá agus níl aon amhras faoi, ach go mbeidh foirne go leor nach mbeidh in ann foireann iomlán a chur chun páirce ceal clogaid chaighdeánaithe.

Is rud maith é an clogad gan amhras ar bith. Tugann sé cosaint d’imreoirí agus suaimhneas do thuismitheoirí. Míbhuntáiste amháin a bhaineann leis áfach, ná go bhfágann sé imreoirí cáiliúla idirchontae anaithnid go minic. Ní fheicimid a n-aghaidheanna de bharr na gclogad. Seachas an mionlach sárimreoirí a bhíonn faoi agallamh tar éis chluichí, ní aithnímid a bhformhór. Ní maith é sin do chur chun cinn an chluiche i measc na hóige. Níor mhiste don CLG teacht ar sheifteanna chun an chonstaic sin a shárú ar nós gan na clogaid a bheith á gcaitheamh le linn an mhórshiúil roimh an gcluiche mór. ---------------------Naisc: Clogaid feiceálach anseo http://www.youtube.com/watch?v=5l6blSv9GEhttp://www.youtube.com/watch?v=6AKWiomjJo&feature=related

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.