Tá go leor den aos ealaíne an-tógtha le saothar an Albanaigh Richard Wright. Síleann Ciara Nic Gabhann go bhfuil siocair mhaith acu leis.
Bhain an t-ealaíontóir Albanach Richard Wright an Turner Prize ar na mallaibh le saothar a bhain geit as an phobal a chonaic é. Ní raibh sé coincheapúil cosúil le hiarbhuaiteoirí na duaise cáiliúla seo: ní raibh uafás nó polaitíocht ar bith ag baint leis agus níor éirigh leis casadh aigne a chur ar dhaoine ach oiread. Cad é a bhí maith faoi mar sin? Cad é mheall na moltóirí? Cad a rinne sé gur éirigh leis dul i bhfeidhm chomh mór sin ar dhaoine? Is é an dóigh gur chruthaigh sé saothar a bhí fíorálainn.
Chruthaigh Wright fresco le hórdhuille ar bhalla sa dánlann Tate Britain leis an duais £25,000 a bhaint amach agus in ainneoin go raibh dua leis an saothar a dhéanamh, clúdóidh sé le péint é nuair a bheidh deireadh leis an taispeántas ar 3 Eanáir. Deir sé nach bhfuil i gceist aige go mairfidh an obair bhalla a dhéanann sé agus nach ceart go mbeadh ealaín den cineál sin marthanach.
Mhínigh sé in agallamh a thug sé, i ndiaidh dó an comórtas a bhaint, go bhfuil an obair cosúil le cur i láthair ceoil - maireann sé i gcuimhne an oirfidigh agus an lucht éisteachta ar aon. Ní thig leat é a cheannach, a dhíol nó a iompar thart. ‘Tá barraíocht ‘ábhair’ ar domhan cheana féin agus tá saoirse ag baint le saothar gan a bheith do do leanúint thart’.
Bealach Eile Ealaíne
Déanann saothar Wright codarsnacht shuntasach le healaín iar-rannpháirtithe eile i gComórtas Turner ar nós Damien Hirst nó Tracey Emin. Ní bhaineann seisean úsáid as straitéisí cliste gáifeacha margaíochta lena shaothar a chur i láthair an mhargaidh agus gí go n-aithníonn sé tábhacht na beirte sin ó thaobh cúrsaí ealaíne de, leanann sé a bhóthar féin.
‘Ba mhaith liom go mbeadh daoine in ann dul i dteagmháil le saothar ealaíne gan a bheith gafa ag an smaoineamh go bhfuil luach ceithre mhilliún punt air.’
Bíonn an ealaín ina scáth ar na nósanna agus ar na luachanna atá coitianta sa tsochaí agus is íomaí gluaiseacht ealaíne a tháinig chun cinn mar aisfhreagra ar an ghluaiseacht a tháinig roimhe.
Is é an freagra a bhí ag Marcel Duchamp, an té a chuir tús leis an ghluaiseacht choincheapúil sna 60í, ar an ealaín a tháinig roimhe ná diúltú dó de bhrí go raibh sé róghafa le ‘optics’ agus teicnicí. Rinne sé magadh agus beag-is-fiú den ‘ardnósmhaireacht’ agus den ‘éirí in airde’, a bhí, mar a chonaic seisean é, i saol na healaíne, le píosaí mar “An Fualán”. Dúirt sé in agallamh a thug sé ar an BBC in 1968 nár thábhacht leis níos mó an téarma ‘saothar ealaíne’ de bhrí nach raibh fiúntas ná bailíocht ag baint leis a thuilleadh. Spreag tuairimí Duchamp go leor ealaíontóirí eile ar nós Carl Andre i 1966 lena shaothar clúiteach ‘Equivalent V111’ agus Martin Creed a bhain Duais Turner i 2000 lena phíosa ‘The Lights going Off and On’.
Feidhm gach Ní
Mairimid i saol fóntaíoch anois mar a mbíonn luach ar rud má bhíonn feidhm leis. Cad é an fheidhm atá leis an ealaín?
Cúpla glúin roimhe sin arís, chuir Oscar Wilde an cheist chéanna: “Art is absolutely useless,” a dúirt sé, ach mar mholadh ar an ealaín a dúirt sé an méid sin. Thuig Wilde go raibh feidhm níos airde fós ná a bheith úsáideach, agus gur sin an fheidhm a bhí leis an ealaín.
Dúirt an fealsamh Emmanuel Kant go bhfaighimid léargas ar an áilleacht, nuair a chuirimid ár leas féin de leataobh agus nuair a bhreathnaímid rudaí áille, ní le húsáid a bhaint astu ná lena míniú ach le glacadh leo mar atá siad agus iad a dhearbhú inár saol féin.
Is cóngaraí Richard Wright d’aigne Wilde agus Kant ná do leagan amach Duchamp. B’fhéidir go bhfuil cor eile i saol na healaíne is go bhfuil aisfhreagra úr nua tosaithe ag Wright?
Naisc: Faoi Turner 2009 http://www.tate.org.uk/tateetc/issue17/turner09.htm Faoi Wright http://www.youtube.com/watch?v=Wd68X3wdo1s Faoi Hirst http://www.youtube.com/watch?v=jUh_NSpiTsY Faoi Emin http://www.youtube.com/watch?v=dhm8FdwrIPY&feature=related