CÚINNE NA nEALAÍON
Kino – An Cineama Domhanda
Pat Butler Pat Butler

Siúlann Pat Butler ardmhá spioradálta na scannánaíochta an tros so ar chonair a leag dís sárléirtheoirífíoreisceachtúla’ amach roimhe.

Íomhá
Sam Taylor Wood agus Aaron Johnston

Nowhere Boy’ – Sam Taylor Wood‘Bright Star’ – Jane Campion

Ní minic a thagann dhá scannán úrnua ó bheirt bhanléirtheoir inár dtreo san aon ráithe amháin. Scannáin bheathaisnéise iad seo ar bhealaí éagsúla. Cíorann Sam Taylor Wood déagacht corraitheach John Lennon i ‘Nowhere Boy’, scéal an triantáin ilchasta ghrá idir an reibiliúnaí óg ceoltóra, a Mham is a Aintín - triúr, is baolach, a raibh an brachán doirte eatarthu. Jab eile ar fad atá le déanamh ag Jane Campion i ‘Bright Star’, faoi bhlianta deiridh John Keats. Is insint í seo a chíorann an grá paiseanta idir an file agus Fanny Brawne, an maintín béaldorais - ina dtáinig easláinte, bochtú agus ógbhás an fhile idir iad agus an comhlíonadh collaíoch nádúrtha a bhí ag dul d’aon bheirt a bhí chomh nua-aimsireach dá n-aois féin is a bhí an dís fíoreisceachtúil sin ina ré siúd.

Más fairsing ildánach an corpus scannán atá sa mhála cheana féin ag Jane Campion, is mó an cháil mar ealaíontóir/griangrafadóir poiblí atá gnóite ag Sam Taylor Wood go nuige seo – ’sé ‘Nowhere Boy’ a céad fadscannán siúd. Ní i bhfreasúr dá chéile a bhreathnód ar scannáin na beirte. Seasann an dá scannán ar a gcosa sainiúla féin. Ach tapód an deis a thugann a n-eisiúint gar dá chéile chun iad a mheas san aon cholún amháin.

Scríobh A.O. Scott sa New York Times léirmheas ar scannán Campion fán teideal ‘Keats agus a Ghrágheal in Óid don nGeanmnaíocht The Shasanach’ – ‘Keats and his Beloved in an Ode to Hot English Chastity’. Tá sin i measc na gceannteidil a shantaím, ach nár chumas, ceannteideal a chuireann éad orm. É greannúr, cliste, díreach ceart. Tógaim ar iasacht uaidh é, lena chead. Ach, sula dtagaim chuige sin, tá port de shaghas eile ar fad le seimint againn - déagacht John Lennon.‘Beannaithe idir Mhná........’I léiriú Sam Taylor Wood agus i dtaispeántas Anne-Marie Duff tá smeadairín den ngaol ar imeall na mí-oiriúnachta idir John Lennon déagórach agus a Mham Julia. B’í a Aintín Mimi a thóg Lennon, ar chúis nach mínítear go buaicphointe drámatúil an scannáin ar ball. Bean fhuar brúite faoi í Mimi, ag sodar de shíor i ndiaidh na bréag-ghalántachta. Tá suim aici sa cheol clasaiceach. Ní thig léi grá ná mothú a léiriú go poiblí – síorchaiteoir righin duairc atá inti, fuinte as cúngacht na gcaogadaí duairce. Múineann sí na mores meánaicmeacha uilig do Lennon óg. Tugann Kirstin Scott Thomas dínit, intleacht agus greann fíochmhar léi chuig ról na mná uaigní seo a cheap í féin tréigthe ag Lennon, i lár na déaga, nuair a d’athaimsigh sé a mháthair breithe, deirfiúr Mimi, Julia.

Ach siad na tréithe fiáine mífhreagracha inti siúd anois a mheallann Lennon. Is breá le Julia rac-cheol, is bean mór jiveála í, múineann sí an bainseó dó. ’Sí an leantóir chúlstáitse is díograisí atá aige agus a ghrúpa beag ‘The Quarrymen’ – rud a ardaíonn malaí a chairde agus a chomhcheoltóirí araon. Má tá blas na haerachta iomarcaí, blas na fiántachta bréige ar iompar Julia agus aithne á cur aici arís ar an mac a thréig sí blianta fada roimhe sin, tugann an bhréagfhuadar sin fothain di chun éaló as labhairt faoin gcaoi ar theip sí air agus é ina bhuachaillín óg. Beireann Anne-Marie Duff greim chuimsitheach ar ghliondar bréige Julia, gliondar a chlúdaíonn, ar feadh tamaill, folús an éadóchais domhain inti féin istigh.

Beirt bhan mhéanaosta más ea, deirfiúracha, máthair agus aintín, in iomaíocht lena chéile do ghrá an déagóra spícigh chasta seo, nach raibh mórán ceoil ina cheann istigh go fóillín aige, go dtí go gcasann Paul óg McCartney ar ball air. Sin téis Sam Taylor Wood, agus um baist, oibríonn sí amach go foirfe í. Agus i dtarlúint a léiríonn go ndeineann an saol aithris ar an ealaíon, tá sé tugtha le fios ag Taylor Wood (42), go bhfuil sí féin anois ag siúl amach le Aaron Johnson (19), an t-aisteoir a ghlac páirt Lennon sa scannán. Tá Taylor Wood, dála an scéil, tar éis a fear chéile a fhágaint don gcroíphreabadóir óg, is cosúil.

Idir sin agus na castaí uilig sa script scannáin, bheadh lá sna n-airde ag Freud féin déarfainn, dá bhféadfadh sé Jung, a phríomhchomórtas, a choimeád ó dhoras an scéil fada a dhóthain chun a mhíniú féin a oibriú amach.

Leis na ‘Beatles Remastered’ fós ag tiomáint na ndoirse amach ins na trucail, tá ‘Nowhere Boytráthúil, pé scéal é. Sin ráite, is maighdean-iomramh thar a bheith suimiúil é. Tá tuilleadh scannán i Sam Taylor Wood creidim, nuair a thagann sí chuici féin arís ar ball.‘Keats agus a Ghrágheal in Óid don Gheanmnaíocht The Shasanach.......’

Má thagann tú ar scannán atá níos ghnéasaí ná ‘Bright Star’ i mbliana, cuirigí ar mo shúilibh dom é. Fós, níl oiread agus leid d’aon iompar míchuí, gan trácht ar ghéag nocht ná ar aon ball eile coirp le feiscint in óid Jane Campion don nGrá Rómánsach, idir choincheap agus ionchollú, a d’fhás idir an file John Keats agus an bhean óg béaldorais Fanny Brawne sna blianta beaga a bhí fágtha ag an fhile idir 1818 agus an bás a sciob an t-easlánaí óg sa Róimh ar an 23ú Feabhra 1821. Cuirim an ‘G’ agus an ‘R’ mór sa frása ‘Grá Rómánsach’ sin thuas d’aon ghnó. Nílim tagtha ar aon eisiomplár cineamúil den choincheap filíochta áirithe sin atá ar chomhchéim le léiriú Campion air i ‘Bright Star’. Seo léiritheoir a thuigeann filíocht, cineama agus áilleacht an duine. Ní haon drochthosach é sin.

Anuas ar sin, físíonn sí an scéal le héadroime siúrálta a bhainfidh dod lúdrachta tú. Tá níos mó le léamh in osna bheag, mala ardaithe, nó strachfhéachaint eolach ná mar a gheobhfá i scannán iomlán as córas monarchach Hollywood. Ligeann Campion don scéal análú ar a luas féin. Nuair is fiú am a thógaint, tógtar an t-am sin. Soilsítear an scéal ar luas inste na haimsire sin. Ní nach ionadh más scannán léannta, draíochtach atá breactha aici. Chuir sé mise ar ais chuig na bundánta arís, pé scéal é.

Láimhseáltar an fhilíocht go néata tríd síos. ‘Ode To a Nightingale’, ráite ag Ben Whishaw thar na teidil chreidiúna. Aoibhneas na n-aoibhneas. ‘La Belle Dame Sans Merci’, ráite mar chluiche gnéis, mar agallamh beirte, véarsa an duine ag Fanny agus John fá seach dá chéile i seomra leathdhorcha atá ar tinneall le craos agus gá agus pian atá fisiciúil agus spioradálta san am céanna – Eros agus Agape i mbaclainn soineanta a chéile. Phew! Trom an tuáille fuar fliuch sin chun mé a thabhairt anuas ó na hardtailte spioradálta chuig bóthar ciallmhar mo leasa arís.In ainneoin foirfeacht Ben Whishaw i ról Keats, is le Abbie Cornish an scannán seo. Go simplí, ’sí a Fanny Brawne sise an taispeántas is údarásaí do ‘nua’-aisteoir mná a chonac le fada an lá. Níl anseo ach an tús di. Intleacht, grásta, leochaileacht, neart, breithiúnas, oscailteacht, crógacht mhóralta – táid sin go léir san Astrálach óg aisteora so. Nár fada ón scáileán is goire dom go luath arís í.

Focal Scoir – Is fiú ‘Me and Orson Welles’ d’fheiscint ar son taispeántas Christian McKay. Tá a lán eile go maith ann leis. Ach sé McKay plúr na n-óg-laoch aisteora fireann. Ag féachaint air, dhearmadas nár Welles féin a bhí ann. Tá sé chomh maith sin.Athbhliain faoi mhaise duit. Bí ag caint liom ag Pat.Butler@beo.ie

Naisc:Nowhere Boy http://www.youtube.com/watch?v=2yIXxkD-6j8 http://www.nowhereboy.co.uk/ Bright Star http://www.youtube.com/watch?v=Y7IwhVQa8Uk http://www.brightstar-movie.com/

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.