Níl aon cheist faoi ach gurb é cúrsaí geilleagair 2009 atá á phlé in achan sráidbhaile ó Phortland, Oregon go Port Lairge, go Prague. Níl fhios ag daoine cad é ar cheart a bheith ag súil leis agus Eanáir 2009 bainte amach againn.
»»»Is deas an sos faoin Nollaig, ach bíonn oiread sin le déanamh. Cuirimid brú orainn féin le taisteal, le siopadóireacht agus le hullmhúchán san am ba cheart dúinn a bheith ag glacadh sosa. An dtiocfaidh ciall dúinn?
»»»Tá eolas cruinn ag Laoise Ní Bhéimis dúinn ar an tslí a bhfuil rugbaí na mban in Éirinn faoi láthair, tharla go bhfuil taithí na mblianta aici féin ar imirt an rugbaí ar gach leibhéal ón gclub go dtí an fhoireann idirnáisiúnta.
»»»Chaith Ciara Nic Gabhann súil siar ar bhóithrín na smaointe chuig geamaireachtaí a hóige. Deir sí linn go léirítí geamaireachtaí chomh fad siar leis an mheánaois san Iodáil. Oibríonn bagairt lucht an oilc, áille an bhanphrionsa agus dílse mhac rí na maitheasa ar ghasúir na linne seo chomh maith is a d’oibrigh siad riamh, dar léi.
»»»Má chuaigh an Titanic go tóin poill, níl deireadh caillte i dtaca leis an ionad ina cuimhne i mBéal Feirste ná i dtaobh roinnt eile de thionscnaimh díolaíochta na Sé Chontae ach an oiread. Tá 130 post úr fógartha chomh maith, poist a chuirfidh gliondar ar an 130 agus ar a dteallaigh, ar a laghad ar bith, mura gcuirfidh sé oiread gliondair ar an dream a mbeidh siad ag plé leo, an dream atá as obair.
»»»Tugann Balor Béimeann na Súile Nimhe a chomhairle saor in aisce a thaisce: tú féin a choimhéad ar gach baois, léigh a chuid alt le gach gaois agus guíonn gach Bean Nocht na hathbhliana ort.
»»»Tá saol na mbochtán le hathrú san Astráil, dar le Bearnaí Ó Doibhlin. Tá gach cuma ar an scéal go ngníomhóidh an Príomh-Aire, Kevin Rudd, ar bhonn náisiúnta agus go háitiúil le deireadh a chur le heaspa dídine san Astráil.
»»»Chuaigh Alan Desmond chun cainte le cara na conspóide le blianta anuas, Eoghan Harris. Níor chuir fear Chorcaí fiacail ann, ach murar chuir, chuir sé céadchonsan an fhocail chéanna sin ann sách minic le linn na cainte agus é ag trácht ar na daoine a casadh dó le linn a shaoil oibre in RTÉ agus lasmuigh de.
»»»Ar cheart do na heagrais Ghaeilge a bheith buartha faoi rún Aire na Gaeltachta gearradh siar ar a líon? Is cosúil nach bhfuíl sé ar na bacáin, d’ainneoin a bhfuil ráite is cloiste againn. Fiosraíonn Breandán Delap an scéal.
»»»Thug Alan Desmond aghaidh ar Bhaile Mhaolmhuaidh, ionad Darina Allen, i gCorcaigh le freastal ar chúrsa súimíneacht fíona. Bhí sé ag súimíneacht leis ar son na cúise agus d’fhág sé tuairisc ina dhiaidh againn anseo thíos de chruthú air nach ndeachaigh sé thar a acmhainn óil.
»»»Tháinig amhras ar Tony Birtill faoi fhoilseachán amháin ar stair na nGael i gceantar Learphoill i ndiaidh dó féin spéis ar leith a chur i stair na Gaeilge sa chathair sin. Ba léir dó nach raibh leagan amach beirt ollamh ag teacht lena chéile duth ná dath. Le cuidiú ó fhear amháin den bheirt, thosaigh sé ag tochailt níos doimhne le teacht ar an fhírinne.
»»»Is mór ag lucht margaíochta na linne seo íomhá na mná ar chlúdach tosaigh irise, ar sliobarna amach ar mhullach an chairr ar díol, nó í ar an fhógra teilifíse. Ghlac roinnt de thíortha móra an domhain le híomhá an athar dá fatherland, ach ghlac roinnt eile againn lenár gCáit Ní Dhuibhir de bhandia an fhlaithis, nó lenár Medb mheisce. Ghlac comharsa mhór amháin ar mhór-roinn na hEorpa leis an íomhá bhaineann, agus tharraing sí aird PJ Mac Gabhann uirthi féin lena scéal a iniúchadh.
»»»Mhínigh scríbhneoir eile, Tony Birtill, ar BEO na míosa seo chuaigh thart, an dóigh ar leag tacsaí i Learpholl é. Tugann Breandán de Gallaí cuntas ina alt an mhí seo ar iompar roinnt den lucht tiomána i leith an rothaí ar bhóithre na hÉireann. Molann sé dúinn go léir a bheith níos cúramaí i mbliana i leith an duine eile sin a bhíos ag rothaíocht nó ag siúl.
»»»Ní fear sa chéad ach fear sa mhílaois atá faoi thrácht ag Colm san eagrán seo, Christy Ring, as ceantar Ó Macaille, i gCorcaigh. A bhuí dósan agus do scannánú Louis Marcus ar son Ghael Linn, tá áis foghlama in aice láimhe ag gach éinne a shantóidh scil na hiomána.
»»»Cén tslat tomhais geilleagair is féidir a leagan amach le tuairim éigin a thabhairt dúinn féin ar an aird a rachaimid agus ar an dóigh is fearr le treabhadh ann? Tuairt gheilleagair na Fionlainne níos lú ná scór blianta ó shin a tharraing aird Chiaráin. Ghlac téarnamh geilleagair na Fionlainne ceithre bliana sular tháinig borradh fúthu arís.
»»»Cé chaill do chuid airgid anuraidh? Is scáfar a bhfuil roimh gach éinne i dtaca lena gcuid pingneacha a saothraíodh go crua in imeacht na mblianta a choinneáil slán i mbliana arís. Míníonn Maidhc Ó Cathail ar tharla trí scór bliain ó shin nuair a bhuail neamhrialtacht Sráid Wall dual na droinne ar an domhan clár. Ní tada é, is cosúil, dá bhfuil le tarlú go fóill, bíodh sé sin luath nó mall. An tAcht um Nuachóiriú Seirbhísí Airgeadais 1999 a thosaigh géarchéim na linne seo dar le Maidhc Ó Cathail.
»»»Chaith Donncha Ó hÉallaithe, a vóta anuraidh in aghaidh glacadh le Conradh Lisbon. Céard a dhéanfaidh sé i mbliana 2009, nuair a bhéas sé ag vótáil don dara uair ar an gConradh céanna? Ar athraigh sé a intinn?
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.