AR NA SAOLTA SEO
Ciníochas lucht tiomána
Breandán de Gallaí Breandán de Gallaí

Mhínigh scríbhneoir eile, Tony Birtill, ar BEO na míosa seo chuaigh thart, an dóigh ar leag tacsaí i Learpholl é. Tugann Breandán de Gallaí cuntas ina alt an mhí seo ar iompar roinnt den lucht tiomána i leith an rothaí ar bhóithre na hÉireann. Molann sé dúinn go léir a bheith níos cúramaí i mbliana i leith an duine eile sin a bhíos ag rothaíocht nó ag siúl.

Íomhá
An trácht i mBÁC
Íomhá
An trácht i gCill Chainnigh
Íomhá
An deis marcáilte do rothar le casadh ar dheis
Íomhá
Coimhéad thú féin!

ciníochas úr le feiceáil sa tír seo, thug mé faoi deara. Is é sin, an cineál a bhaineann le daoine a bhíonn i gcarranna, agus an drochmheas atá acu ar an chuid eile a roghnóidh an rothar mar mhodh taistil le fáil ó áit go háit. Tá mé féin i ngrá le mo rothar – bhí ariamh. Ó fuair mé trírothach nuair a bhí mé trí bliana d’aois, tá rothar ní ba thábhachtaí domhsa ná carr lá ar bith. Bheir sé saoire iontach duit, agus diomaite de landáil isteach i bpub nó i rang ar an choláiste agus an t-allas ina rith leat, tá an rothaíocht ar an rud is fearr a thiocfadh leat a dhéanamh duit féin, do dhaoine thart ort agus don timpeallacht.

Ach ní sin mar a fheiceann lucht na SUVs agus an dream tiomána tacsaí é. Níl insa rothaí ach cúis tinneas cinn daofa sin a chuireann an argóint chun tosaigh go mbíonn an rothaí guagach agus dainséarach agus gur chóir a bhaint den bhealach mhór. Seo rud nach dtuigim. I dtosach báire, is é an gearán is mó atá ag na biogóidí seo ná go bhfuil i bhfad barraíocht daoine i gcarranna ar na bóithre sa chéad áit. Bhí mé i dtacsaí an lá eile agus thosaigh an tiománaí ar stócach a bhí romhainn, go múinte macánta ag rothaíocht – ag comhlíonadh rialacha an bhóthair. Thosaigh sé air os mo choinne – “.. fuath agam ar rothaithe ..”, “... tá siad chomh contúirteach ...”, “.. ní bhíonn a fhios agat caidé atá tá siad a ghabháil a dhéanamh ...”, etc. Bhí orm a rá leis caol díreach gur roghnaigh sé an duine contráilte – gur mise duine acu sin a bhíos ag rothaíocht. Ansin rinne sé iarracht a mhíniú domh cad chuige a raibh fadhb aige leis an rothaí seo. Dúirt sé “Tá sé chomh clúdaithe sin in gear ard-infheictheacht, is ar éigin go bhfaca mé ar chor ar bith é”...?! Caidé an cineál paradacsa sin? Corruair bheadh dúil agam Dictaphone a bheith agam agus an cineál seo ráitis a chasadh ar ais do na daoine a deir a leithéid. Bím ag cringeáil ag éisteacht leo.

Gaiste an rothair sa tranglam tráchta

Nuair a dhéanaim m’aistear beag gach lá isteach go dtí lár na cathrach, tá mé ag dul sa seans le mo shaol. Chan go bhfuil mé ag déanamh a dhath contúirteach. Feictear do lucht na gcarranna go bhfuil tú ag tabhairt na méire daofa cionn is gur féidir leat rothaíocht leat suas go barr an scuaine má tá trácht trom ann. Má thugann tú comhartha agus a ghabháil isteach sa lána deas le casadh ar dheis, cuireann sin corraí orthu. Bíonn a oiread sin feirge orthu go mbíonn fonn orthu thú a leagan.Fadhb bheag eile dúinne ar rothar ná na bealtaí móra. Cuireann an chomhairle contae stiall phéint dhearg ar chuid de lána bus agus sin lána rothair?! Tchím i mo cheann na cruinnithe ann a bpléitear a leithéid – “Cá gcuirfidh muid an dream is leochaillí ar na bóithre?” “Caidé fá brúite isteach i mbóithríní atá fá choinne beathaigh d’fheithicil a chuirfeas suas ar an chosán iad?” Cúis gháire amach atá sna lánaí rothaíochta; tagann siad chun deiridh go tobann gan chúis ar bith; bíonn carranna páirceáilte orthu cuid mhaith den am; bíonn siad i dtólamh mar chuid de lána na mbusanna; agus tá sin níos contúirtí ná a bheith amuigh i lár bealaigh. Agus bíonn carranna ag taisteal istigh orthu ar scor ar bith.

An taisme

Bhí mé i dtaisme uair amháin. Bhí veain ina shuí i dtrácht ar shráid Capel. Bhog sé gan choinne agus bhuail mé scáthán taoibh s’aige chomh crua mé gur bhris an rud. Ní chaithfidh mé a mhíniú cén mhéid de gheit a baineadh asam (agus a nimhní is a bhí mo ghualainn). Istigh sa veain bhí an tiománaí as a mheabhair le fearg ag croitheadh a dhorn liom. Cheapfá go mbeadh trua nó trócaire de shórt inteacht ina chroí. Dá siúlfeá isteach i nduine tré thimpiste ar an tsráid, bheifeá múinte agus ag gáire ar a amscaí agus a bhí tú agus “nach mór an náire mé? Caidé an dóigh ar fhorbair muid mar speiceas ar chor ar bith?” Ach uair amháin a bhíos an duine i mbosca mór crua miotail, glasáilte, sábháilte, iompaíonn sé isteach ina mhaistín, ag cuardach díoltais do gach drochrud a rinneadh air i gclós na scoile.

Cuimhnigh gur mac, deirfiúr, iníon nó mac le duine éigin é an rothaí

An pointe tábhachtach anseo do dhuine ar bith i gcarr: má bhuaileann tú isteach i nduine atá ag siúl, nó i nduine atá ar rothar, ní thiocfaidh a dhath ortsa, beidh tú slán, ach seans go bhfaighidh an duine eile bás, nó go bhfágfar craplaithe é. Agus do gach duine a fheiceann rothaí amuigh ar na bóithre, amharc air mar seo - sin carr amháin níos lú ar na bealtaí. Caithfidh sé gur sin rud luachmhar? Bímis níos cúramaí i leith an duine eile úd i mbliana.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.