Is deas an sos faoin Nollaig, ach bíonn oiread sin le déanamh. Cuirimid brú orainn féin le taisteal, le siopadóireacht agus le hullmhúchán san am ba cheart dúinn a bheith ag glacadh sosa. An dtiocfaidh ciall dúinn?
Ni chreidfeá é, ach is mór an stró a bhíonn ar mhic léinn na linne seo in amanna. D’aineoinn an tsíorchuma réchúise a bhíonn orainn, is iondúil go mbímid faoi bhrú mór.
Is as Éirinn atá mé ag scríobh i láthair na huaire, áit a mbíonn luas an tsaoil rud beag níos moille de ghnáth ná mar a bhíonn i SAM, ach mar atá a fhios againn ar fad, ní hamhlaidh a bhíonn an scéal um Nollaig.
Thosaigh strus na Nollag domsa i bhfad sular bhain mé an baile amach. Arsa mo mháthair liom,“tá mise i bhfad róshean le bheith i mo Dheaidí na Nollag do do dheirfiúr i mbliana. Ceannaigh thusa na bronntanais ar fad di agus tú i Meiriceá, agus iompar anall iad más ea. Agus ná déan dearmad, rud éigin beag a cheannach d’achan duine a thug airgead duit nuair a d’imigh tú i mí Lúnasa.”
Rith mé ó shiopa go siopa sna laethanta deiridh sular fhill mé abhaile, agus mé ag ceannach éadaí, coinnle, seodra, dlúthdhioscaí agus cibé rud eile a bheadh oiriúnach do ghirseach seacht mbliana déag d’aois. Ar ndóigh, ní stopann Deaidí na Nollag ag tabhairt cuairt ort agus tú sna fichidí, agus cheannaigh mé rud nó dhó dom féin fosta, mar sin!
Ba é an chéad rud a bhíog mo chroí, nuair a rinne mé iarracht gach rud a dhingeadh isteach sa chás. Ba léir go raibh barraíocht sladmhargaí aimsithe agam sa siopa cáiliúil sin, Abercrombie & Fitch. Ní thiocfadh liom a bheith ródhian orm féin, áfach. Cuir san áireamh gur cheannaigh mé t-léine thall ar phraghas $50 a chosnódh a dhá oiread in Éirinn! Cibé ar bith, caithfidh sé gur chaith mé cúpla uair an chloig ag iarraidh spás a fháil don stuif seo ar fad. D’éirigh liom sa deireadh thiar thall achan rud a iompar liom, i ndiaidh dom monóga allais agus fuinneamh go leor a chailleadh san iarracht.
Tharla an chéad eachtra struis eile agus mé ar an bhealach chun an aerfoirt. Bhí mé ag caint go cairdiúil le fear eile a bhí ag dul ‘na bhaile go Sasana don Nollaig nuair a thosaigh muid ag labhairt faoi bhronntanais a iompar anall don teaghlach. Tharla go ndúirt sé liom nár cheannaigh sé an iomarca rudaí mar go raibh eagla air an teorainn custaim a shárú. “Teorainn custaim?” Ba bheag nach raibh taom croí agam. De réir dealraimh, níl céad earraí ar luach os cionn míle dollar a thabhairt as an tír gan fios a chur ar lucht an chustaim. Cé nach raibh seilbh agamsa ar an méid sin, ní raibh a fhios agam é sin ag an am, agus chaith mé cúpla uair a chloig eile ag déanamh imní dom féin sa tolglann imeachta. Buíochas mór le Dia, tháinig mé féin agus mo chuid iarmhaise slán go Baile Atha Cliath.
Ní raibh mé i bhfad sa bhaile gur thosaigh mé ag tabhairt cuairte ar chairde agus ar ghaolta nach bhfaca mé ón samhradh i leith. Is maith an rud go bhfuil siad ina gcónaí gar go leor dá chéile, óir chuirfeadh trácht na Nollag iomlán ar mire thú.
Anois, leis an fhírinne a dhéanamh, chuirfeadh an trácht an gháthdhuine ar mire, ach bhí mé féin sásta mo scíth a ligint, agus meascán den fhearthainn throm, leanúnach agus guth ceolmhar Rónáin ar RnaG mé a chur ar mo shuaimhneas. Cé go raibh uair sa charr á chaitheamh agam le turas deich nóiméad a dhéanamh, bhain mé leas as an am chun mo mhachnamh a dhéanamh ar a bheith ar ais sa bhaile agus an gliondar a chuir sé sin ar mo chroí.
Níor mhair sé sin i bhfad, is oth liom a rá. Tá mé ag rith thart fud fad na háite ag ullmhú do lá amháin, béile amháin (dhá cheann, má áirímid Lá Fhéile Stiofáin), ar nós duine craiceáilte. Shílfeá nach raibh na siopaí le hoscailt go ceann míosa – agus tugaim é seo faoi deara achan bhliain, agus fós, leanaim na nósanna céanna seo achan bhliain. Caithfidh sé, mar sin, nach ndéanaim na rudaí seo ar fad ar nós duine craiceáilte, ach go bhfuil mé (agus go bhfuil formhór na tíre) iomlán craiceáilte leis an fhírinne a inseacht.
Tá súil agam go mór go n-éireoidh rudaí níos socra de réir mar a théann an tsaoire seo thart, ach ní déarfainn é. Shíl mé, agus mé ag teacht ‘na bhaile, go mbeadh éalú agam ón bhrú a bhíonn le brath i gcónaí thall sna Stáit. Ach b’fhéidir gur fíor a rá nach bhfuil a léithéid de rud ann sa saol nua-aimseartha seo.
‘Sea, thosaigh stró na Nollag i bhfad sular fhill mé abhaile as Meiriceá, ach d’fhán sé liom fada go leor ina dhiaidh sin.
Ar achan duine eile agaibh, guím daoibh a bhfuil de dhíobháil orm féin:
Go raibh Athbhliain faoi shuaimhneas is faoi shíocháin agaibh agus go raibh sibh saor ón driopás!