CÚINNE NA nEALAÍON
Draíocht Spleodrach na Geamaireachta
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Chaith Ciara Nic Gabhann súil siar ar bhóithrín na smaointe chuig geamaireachtaí a hóige. Deir sí linn go léirítí geamaireachtaí chomh fad siar leis an mheánaois san Iodáil. Oibríonn bagairt lucht an oilc, áille an bhanphrionsa agus dílse mhac rí na maitheasa ar ghasúir na linne seo chomh maith is a d’oibrigh siad riamh, dar léi.

Íomhá
Robin, fear an fhiodhbhaic
Íomhá
Geamaireacht ar Luaithríona i mBÁC
Íomhá
Ní siamsa go splancracha
Íomhá
Cuid mhaith den gheamaireacht, gabháil foinn
Íomhá
Geamaireacht Peter Pan

Is iomaí duine fásta, a bheadh ábalta smaoineamh siar go cionmhar ar gheamaireachtaí na Nollag a bhíodh ar siúl ar scoil nó sa halla pharóiste áitiúil agus iad ag fás aníos.

‘BÚÚÚ!!!.’ Nuair a fheictear bithiúnach an scéil ag sleamhnú isteach ar an ardán. ‘Tá sé ar do CHÚL!!!!’ agus díon na hamharclainne á ardú le scréachanna na n-óg agus iad ag iarraidh rabhadh a thabhairt do Chochaillín Dearg nó do Robin Hood.

Chuireadh scéalta ar nós Luaithríona, Na Leanaí sa Choill, Cochaillín Dearg, Alaidín, Robin Hood gliondar ar do chroí agus bhaineadh idir óg agus aosta sult as oíche a bheadh lán craic, ceoil, grinn agus magaidh – gan trácht ar an scéal!

Théadh gach cailín óg abhaile ag deireadh an tseó ag brionglóidigh faoi bheith ina banphrionsa deas dóighiúil agus an mac rí is dathúla ar domhan ar a ghlúin roimpi agus gach buachaill beag á shamhailt féin ina rí ar thír nach bhfuil aon trácht ar chailíní óga ann ach atá lán d’óglaigh chalma nach bhfuil a dhath ar a n-intinn ó mhaidin go hoíche acu ach gníomhartha gaisce agus bearta laochais.

Is ag an am seo den bhliain a bhíonn amharclanna ag mealladh na sluaite chun amharc agus freastal ar an ‘panto’ agus is cinnte go bhfuil an gliondar céanna ar lucht féachana an lae inniu is a bhí ar an chéad dream a d’fhreastail ar gheamaireacht siar sa mhéanaois.

fréamhacha na geamaireachta le fáil sa Commedia Dell’Arte, modh siamsíaochta a thosaigh san Iodáil agus a leathnaigh amach chomh fada leis an Fhrainc agus an Bhreatain – mar a raibh an-tóir air. Bhí stór carachtar cosúil le Harlequin agus a grá geal Columbina mar chuid den ‘Commedia’ agus cuireadh cuid mhór scéalta i láthair an phobail le cuidiú na gcarachtar seo, a raibh an-bhéim ar ghreann agus ar gheáitsíocht iontu.

De réir mar a bhog na compántais aisteoirí ó thír go tír, in áit na sceitseanna seo a aistriú ó theanga go teanga, bhaineadh siad úsáid as mímeoireacht chun an scéal a chur i láthair agus chuirtí béim chomh maith ar an amhránaíocht, ar cheol agus ar rince. Thugtaí ‘slapstick’ ar an phleidhcíocht ghreannmhar seo agus tá na geáitsí céanna le feiceáil go fóill i ngeamaireachtaí an lae inniu.

Bíonn scéal láidir i gcónaí mar chuid de gheamaireacht agus ‘an mhaith’ ag fáil an lámh in uachtair ar an olc. Tá cosúlachtai idir seo agus na drámaí moráltachta a bhí coitianta sa mheánaois. Tá sé le tabhairt faoi deara go fóill, mar shampla, go dtagannn an bithiúnach isteach ar an taobh chlé ‘dorcha’ den ardán agus a chéile comhraic, an tSióg Mhaith, isteach ar an taobh dheas. Bhí baint aige seo leis an dearcadh a bhí coitianta sa mheánaois go raibh an bealach isteach go hifreann agus an bealach chun na bhflaitheas leagtha amach mar seo.

Carachtair shuntasacha

Bhí an-tionchar ag an fhear ghrinn Joseph Grimaldi, a tháinig chun cinn sna 1800í, ar chúrsaí geamaireachtaí. Tugtar ‘Joeys’ ar fhir grinn inniu féin mar chomhartha ómóis dó, agus ba é a chuir tús leis an nós go ngléasadh fir iad féin in éadaí mná meánaosta nó ‘dames’ mar is fearr aithne orthu.

Bhí an Dame (a bhí ina fhear) chomh maith leis an Laoch nó Principal Boy ( a bhí ina bean) ar na gnéithe de thraidisiún na geamaireachta a thaitin go mór le daoine agus a mhaireann go fóill. Go traidisiúnta sa mheánaois, ní bhíodh cead ag mná a bheith ar an ardán ar chor ar bith agus gi gur tháinig athrú ar an riail seo de réir a chéile, ní bhíodh sé go fóill inglactha go mbeadh íomhá mná rótharraingteach! San aois victeoiriach, nuair a bhí cosc ar chosa cuaracha pianó a thaispeáint, ba mhór an faoiseamh ag fir é go raibh cead acu súil a chaitheamh ar chosa dea-chumtha an ‘principal boy’ gan náire a bheith orthu!

Tá an traidisiúin geamaireachta beo beathach go fóill agus bíonn amharclanna in iomaíocht lena chéile le hainmeacha móra a mhealladh leis na príomhpháirteanna a ghlacadh ina gcuid seónna. Is deas an rud go maireann an seantraidisiúin seo a ligeann do dhaoine dearmad a dhéanamh den saol agus piosa craic a bheith acu.

Is iomaí amharclann fosta a fhanann oscailte ar feadh cuid mhaith den bhliain ar an airgead a ghnóthaíonn siad ar a gcuid geamaireachtaí.

Go pearsanta, silim gur rud speisíalta é dul chuig léiriú agus a bheith ábalta tú féin a chailleadh ar feadh cúpla uair an chloig faoi thionchar dhraíocht spleodrach na geamaireachta.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.